Tá a fhios agaibh go bhfuil Raidió RTÉ ag ceiliúradh 100 bliain a bhunaithe ón Eanáir seo caite. Tá sraith ócáidí ar leith leagtha amach ag an stáisiún a dhéanann ceiliúradh ar an gcraoltóireacht atá déanta acu le linn an achair sin – nuacht, cúrsaí reatha, an uile shaghas ceoil agus amhránaíochta, litríocht etc.
Bhí sraith cláracha uair an chloig a craoladh an tseachtain seo caite inar tugadh chun cuimhne cuid d’imeachtaí móra spóirt an achair sin. Tá súil agam gur chuala tú cuid acu ar a laghad. Murar chuala, mholfainn duit sin a dhéanamh ar an seinnteoir. Bhíodar thar barr.
Des Cahill a chuir Those Were the Days i láthair agus ba é Adriam Eames a rinne an léiriú. Sárshampla ab ea a saothar den dea-sheirbhís raidió atá curtha ar fáil ag an eagraíocht ar tugadh 2RN mar ainm uirthi nuair a chualathas an craoladh ba thúisce, Lá Caille 1926 in Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill.
I dtús a shaoil ba bheag fáil a bhí ar 2RN taobh amuigh de chathair Bhaile Átha Cliath mar nach raibh de chumhacht sa tarchuradóir beag a bhí á úsáid ach 1.5kW. Seoid teicneolaíochta ab ea sin i 1926 agus ar a chumas a chomhartha a chur á chloisteáil idir 30 agus 45 ciliméadar ó bhaile.
Sa lá atá inniu ann d’úsáidfeadh tóstaer nó triomadóir gruaige oiread leictreachais in aghaidh na huaire agus a bhí ag teastáil ó tharchuradóir 2RN.
Sa mbliain 1933 tógadh ceann 60kW in Áth Luain. Dá bharr siúd bhí fáil anois i gceithre airde na tíre ar an stáisiún a raibh Raidió Átha Luain mar ainm air. Raidió Éireann a bhí air ó 1937 ar aghaidh gur baisteadh Raidió RTÉ ar an stáisiún le teacht na teilifíse.
Cé as a dtáinig an ‘2RN’ a deir tú?
Tráth a bhunaithe ba ag eagraíocht phoist na Breataine a bhí an chumhacht cead a thabhairt d’aon stáisiúin nua a theacht ar an aer. Ba leo freisin ainm a chur orthu. Uimhir agus dhá litir a bhíodh ansiúd agus dá bhféadfaí thugadh na litreacha nod don cheantar ar a rabhthas ag freastal.
2LO do Londain cuir i gcás (1922). 5NO do Newcastle, 5WA do Caerdydd agus 5SC do Ghlaschú.
Bhí sé ag dul rite leo a theacht ar dhá litir a d’oirfeadh don tír seo nó gur chuimhnigh fear meabhrach éicint go raibh réiteach na faidhbe le fáil i dteideal amhráin a raibh Come Back to Erin air. As dhá litir sa bhfocal deireanach dó siúd a tháinig an ‘RN’.
Ocht mí a bhí 2RN ar an aer nuair a rinne siad craoladh beo ar imeacht spóirt – cluiche leathcheannais iomána na hÉireann a imríodh ar Pháirc an Chrócaigh ar an Domhnach an 29 Lúnasa 1926.
Céim chinniúnach ab ea í sin.
Ni raibh sé ach cúig bliana roimhe ó rinneadh an craoladh beo ba thúisce ariamh in aon áit ar domhan ar imeacht spórt – troid idir Johnny Dundee agus Johnny Ray i Pittsburgh Mheiriceá (Aibreán 1921). Cosamar cúig bliana dár gcionn, ba é an cluiche iomána sin idir Cill Chainnigh agus Gaillimh an chéad chraoladh beo a rinneadh ar imeacht spóirt ní hamháin sa tír seo, ach in aon áit ar fud na hEorpa fré chéile.
Cumhacht úinéirí na nuachtán sa mBreatain a d’fhág gur lucht raidió de chuid na tíre seo agus nach é an BBC a bhí ina gceannródaithe ar an gcraoladh spóirt, ainneoin an Beeb a bheith ceithre bliana ar an aer nuair a bunaíodh 2RN.
Sa mbliain 1927 ba thúisce a chraol siadsan imirt beo – cluiche rugbaí idir Sasana agus an Bhreatain Bhig.
Uaisle ba mhó a bhí i mbun úinéireachta ar na nuachtáin ag an am. Ba le Lord Nothcliffe agus Lord Rothermore an Times, Observer, Daily Mail agus Daily Mirror. Ba le Lord Beaverbrook an Daily & an Sunday Express, chomh maith leis an Evening Standard agus ba le lucht na milseán, Cadbury, an Daily News.
Thuig siad sin go bhfágfadh craoladh beo ar chúrsaí spóirt laghdú ollmhóir ar cheannacht a gcuid nuachtán agus bhí oiread cumhachta agus tionchair acu orthu siúd a bhí i gceannas na tíre go bhfuaireadar cead a gcinn.
An sásamh is mó atá le baint as Those Were the Days is ea go dtugann sé deis dúinn dul ag spaisteoireacht arís ar chosáin na seanchuimhne. Ach sa mullach air sin, tá léiriú freisin ar fáil ann ar na constaicí a bhain le hobair na craoltóireachta sna blianta ba thúisce a leithéid a bheith ann.
Ba as Ard Ó bhFicheallaigh, idir Ros Ó gCairbre agus Cloich na Caoilte, Paddy Mehigan, an fear a rinne tráchtaireacht ar an gcluiche stairiúil iomána údaí i 1926. Iriseoir ab ea é a mba togha iománaí a bhí ann féin le linn a óige. Bhí sé ar fhoirne Londan agus Chorcaí a bhain babhtaí ceannais 1902 agus 1904.
Chuile sheans mar sin féin go mba mhó allas a chaill Mehigan agus é i mbun tráchtaireachta i 1926 ná a chaill sé nuair a bhí sé i mbun iomaíochta.
Easpa áiseanna agus liopastacht an trealaimh a bhí in úsáid ag an am ba mhó ba chúis leis sin.
Ina sheasamh ar imeall na páirce a bhí Mehigan. Bhí úim nó ‘harness’, (mar a bheadh ar chapall), timpeall a mhuiníl agus neadaithe ansiúd bhí micreafón a raibh 13kg de mheáchan ann as féin. Faoina chosa, ag soláthar cumhachta, bhí ceithre cheallra móra millteacha a mbíodh a leithéid ar longa ar fhaitíos go gclisfeadh an t-inneall.
Sáinnithe mar a bhí sé, ní raibh aon seans ag an tráchtaire seasamh i leataobh agus imreoirí nó an liathróid ag teacht ina threo faoi lánluas. Ba bheag den chompord ach an oiread aige a bhí aige mar go raibh an lucht féachana díreach lena ais.
Geallaim duit go mbainfidh tú solamar as Those Were the Days agus as an gcur síos ar na laethanta nuair a tosaíodh ag fáil an eolais ‘te, bruite’ ar an raidió ó P.D. Mehigen, Éamonn de Barra agus ina ndiaidh Ó Muircheartaigh agus Ó hEithir, Philip Greene, Jimmy Magee, Fred Cogley agus Des Scahill.
Tá scoth na gcraoltóirí ag RTÉ na linne seo ag leanacht a sampla. Níl na laincisí teicniúla ag cur aon imní orthu siúd, ach tá dúshlán níor tromchúisí rompu – an fón atá i bpóca chuile dhuine anois agus é ábalta obair an raidió, na teilifíse agus na nuachtán a dhéanamh leis an aon chnaipe beag amháin.
Ach cumhacht Beaverbrook, Northcliffe agus Rothermore a bheith ag úinéirí nuachtán an lae inniu, ní i nGleann Silicon ach i gCríocha Van Diemen a bheadh Mark Zuckerberg, Elon Musk, Jeff Bezos agus a gcomhghleacaithe.
Fág freagra ar 'Deis dul ag spaisteoireacht arís ar chosáin na seanchuimhne le scoth na dtráchtairí'