Chonaic mé an buachaill óg i bhfad uaim agus mé ag teacht timpeall an choirnéil ón óstán i gcathair Thessaloniki. Bhí grian na luathmhaidine ag scaladh air ar nós spotsolais i ndráma.
Thugamar na ‘pitseámaí’ stríocacha faoi deara. Agus ansin an tsreang dheilgneach. D’aithin muid ansin é.
Cé a bhí ann ach Schmueli, é ina ghasúr óg, i gcampa géibhinn Auschwitz an lá a saoradh an campa i 1945. Pictiúr lámh-phéinteáilte ar an mballa a bhí ann ach tá sé bunaithe ar phictiúr cáiliúil a tógadh ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Pictiúr dubh agus bán atá ann agus é athchruthaithe na mílte uair agus úsáidte arís agus arís eile i scannáin, leabhair agus cláracha teilifíse. Tá sé ar ceann de na grianghraif is cáiliúla a tógadh ariamh.
Ní raibh aon aithne againn ar Schmueli, fear a tháinig slán ón Uileloscadh agus a fuair bás sa mbliain 2006. Ach casadh a bhean chéile Khava orainn. Bhí sise agus a cuid col ceathracha Tomi Reichental agus a dheartháir siúd Miki in éineacht léi agus iad ina ngasúir, nuair a bhíodar ar a dteitheadh ó na Naitsithe sa tSeicslóvaic i 1944. Agus tháinig Khava agus Miki go hÉirinn sa mbliain 2014 nuair a bhí gradam á bhronnadh ar Tomi mar chuid den cheiliúradh ‘People of the Year.’
Fuair Tomi bás níos luaithe i mbliana, in aois a 91 bliain. Achar gearr roimhe sin bhíomar ag ócáid cheiliúrtha ina onóir i dteach an Ambasadóra ón nGearmáin, David Gill, i nDomhnach Broc. Bhain an t-ambasadóir an-súp as na scéalta ar fad a insíodh an oíche sin faoi na turais a thug Tomi in éineacht lena chol ceathracha agus a mháthair sular gabhadh iad, agus na turais eile a tógadh trasna na hEorpa nuair a bhí a scéal á thaifeadadh le haghaidh cláracha faisnéise ag an leathbhádóir.
Nuair a ghabh an Gestapo iad ar deireadh cuireadh go campa uafáis Auschwitz iad. Bhí an bás cinnte i ndán dóibh murach gur bhuamáil na Comhghuaillithe an líne thraenach agus cuireadh ar athrú treo iad – go Campa Bergen-Belsen. D’éirigh le Schmueli teacht slán ón mbás in Auschwitz mar a raibh seisean coinnithe, toisc gur roghnaíodh é le dul ag obair sa champa uafáis.
Samuel nó Jacob Schelach an t-ainm a bhí air ó cheart ach gur tugadh Schmueli air mar sórt leasainm. Ní raibh éinne acu in ann maireachtáil san tSeicslóvaic tar éis an chogaidh toisc gur tháinig na Cumannaigh i réim tar éis coup d’état i gcomhar leis an Aontas Sóivéadach, agus ruaigeadh na Giúdaigh arís. In Iosrael a casadh Khava agus Samuel/Schmueli ar a chéile. Tháinig Tomi go hÉirinn áit ar shocraigh sé ar deireadh agus thóg clann anseo.
Murach na comharthaí sin – an pictiúr ar an mballa i Thessaloniki – agus a leithéid, ní bheadh a fhios ag duine gur cathair í sin i dtuaisceart na Gréige ina raibh an pobal Giúdach ba mhó sa Ghréig tráth. Ghlan na Naitsithe ó thalamh an domhain iad. Roimhe sin, bhí pobal mór láidir ann, lucht gnó, lucht déantúsaíochta, scoileanna, teampaill, eagraíochtaí cultúir agus an iliomad eile, gach áit sa chathair. Tá an stair sin glanta agus imithe as meabhair.
‘City of Ghosts’ a thug údar amháin ar Thessaloniki. Ach ní hiad na Giúdaigh amháin atá imithe ó dhlúth agus inneach na cathrach. Cá bhfuil na Moslamaigh?
Ba chuid den Impireacht Otamánach an chathair tráth. Níl sé an fhad sin ó shin, i dtús an naoú haois déag a tugadh an chuid sin den tír isteach sa Ghréig. I 1923, i ndiaidh ráig foréigin a bhí seicteach, socraíodh go ‘n-aistreofaí’ pobail Ghréagacha as an Tuirc agus pobail Thurcacha as an nGréig – os cionn milliún Críostaí Ceartcreidmheach Gréagach agus na céadta míle Moslamach a aistríodh.
Agus de réir a chéile thosaigh na túir a bhain leis na moscanna, ag imeacht as radharc i Thessaloniki. Murach gur troideadh an cás, le Mosc Hamza Bey ón 15ú haois a shábháil, ní bheadh túr ar bith le feiceáil. Tá an chathair breac le moscanna sna seanphictiúir dubh agus bán ó thús an 19ú céad.
Agus an mosc a sábháladh? Is ionad turasóireachta anois é agus cuma bhreá air de bharr an athchóirithe agus an t-airgead a caitheadh air – Ciste Athchóirithe an Aontais Eorpaigh sa chás seo. Go tráthúil, bhí sé díreach athoscailte den chéad uair le 20 bliain an tseachtain a raibh muide sa chathair.
Agus ar fhaitíos go gcuirfinn an milleán iomlán ar na Gréagaigh faoin stair atá ceilte sa chathair nua-aoiseach, ná déanaimis dearmad go bhfuil tíortha nua-aoiseacha eile ag déanamh a gcuid lena n-insint fhéin ar an stair a chraobhscaoileadh.
I lár na cathrach, tá foirgneamh stairiúil eile – an teach cónaithe inar mhair an ceannaire Turcach, Mustafa Kemal Ataturk. Tá an teach féin an-suimiúil, tógtha sa stíl Otamánach agus leagtha amach go hálainn le troscán ón 19ú haois.
Bhí Kemal Ataturk ina cheannaire láidir in arm na Tuirce agus mar Uachtarán (1923-1938), thug sé an Tuirc isteach sa nua-aois. Ceann de na haidhmeanna a bhí aige ná fáil réidh le sean-nósannam- ar nós an ‘lorg’ Moslamach a bhí ar éadaí na ndaoine. Nuair a chuaigh sé isteach sa saol poiblí, chaith sé éadaí a bhain leis an saol ‘tuata’ agus thosaigh na mná ag caitheamh éadaí mar sin freisin.
Ach níl focal faoi sin sa teach seo atá ina ionad cáiliúil turasóirí i gcathair Thessaloniki. Mar a deirim, é coinnithe go slachtmhar agus gach rud in ord – tá sé taobh le Consalacht na Tuirce agus siad Rialtas na Tuirce a choinníonn é. Agus tá a fhios againn ar fad cén leagan amach atá ag Rialtas na Tuirce, ar éadaí ‘tuata’.
Ná bac leis an stair.
Mar a dúirt scríbhneoir clúiteach ‘Níl an stair marbh ….níl an stair fiú caite.’
Is féidir í a cheilt ach ní féidir dearmad iomlán a dhéanamh uirthi. Agus mé fós ag smaoineamh ar Schmueli , fear nár casadh orm ariamh, beidh mé ag freastal ar ócáid chuimhneacháin do Tomi Reichental i dteach an Ardmhéara, Dé Luain, an 9 Samhain, 88 bliain tar éis ‘Kristallnacht,’ an oíche scanrúil úd a chuir tús leis an Uileloscadh sa nGearmáin, i 1938.
Fág freagra ar 'Thugamar na ‘pitseámaí’ stríocacha faoi deara, agus ansin an tsreang dheilgneach'