Tá athrú mór struchtúrtha i ndán d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.
Tuigtear do Tuairisc gur cuireadh reacht ollscoile nó moladh foirmeálta i scríbhinn maidir leis na hathruithe faoi bhráid choiste rialaithe na hOllscoile ag cruinniú a bhí acu ag deireadh na míosa seo caite.
I measc na n-athruithe atá molta is cosúil go dtógfar an tAcadamh amach as Coláiste na nDán, áit a bhfuil sé ón mbliain 2018. Tuigtear go bhfuil sé i gceist chomh maith dhá phost ceannaireachta a fhógairt san Acadamh i mí Eanáir 2027 – Stiúrthóir Forbartha Gaeilge agus Stiúrthóir Léinn.
Post nua agus ceapachán sinsearach is ea an Stiúrthóir Forbartha Gaeilge. Beidh an té a cheapfar i gceannas ar an Acadamh agus freagrach as socruithe maoinithe a chinntiú don institiúid Ghaeilge. Tuigtear go mbeidh an Stiúrthóir Forbartha ainmnithe le bheith mar Oifigeach Sinsearach na dTeangacha Oifigiúla in Ollscoil na Gaillimhe agus go bhfeidhmeoidh an té sin ina urlabhraí sinsearach ag an ollscoil leis na meáin.
Níl inniúlacht Ghaeilge sách maith ag aon bhall de choiste ardbhainistíochta na hollscoile chun feidhmiú sa ról sin faoi láthair, ach tuigtear nach mbeidh an Stiúrthóir Forbartha Gaeilge ina bhall den choiste ardbhainistíochta.
Ceithre dhuine dhéag atá ainmnithe ar choiste na hardbhainistíochta ar shuíomh idirlín Ollscoil na Gaillimhe. Bhíodh riachtanas teanga ag poist an Uachtaráin, an Mheabhránaí agus Rúnaí na hOllscoile go dtí 2017, tráth ar baineadh an riachtanas teanga den uachtaránacht.
Tuigtear go bhfuil dualgais Acht na dTeangacha Oifigiúla á lua chomh maith leis an Stiúrthóir Forbartha Gaeilge.
Tuigtear go mbeidh an Stiúrthóir Léinn ag feidhmiú mar a bheadh ceann léinn nó scoile agus ag déileáil le gnóthaí acadúla an Acadaimh.
Tá soiléiriú iarrtha ag coiste bainistíochta an Acadaimh ar choiste ardbhainistíochta na hollscoile maidir le roinnt na bhfreagrachtaí sna socruithe nua.
Léirigh an bhainistíocht imní maidir le gráid agus tuarastail na gceapachán ceannaireachta, is é sin nach mbeadh na ceapacháin ag an leibhéal sinsearachta a bhí ann cheana.
De réir na moltaí, ní thabharfar Oifig na Gaeilge san Ollscoil faoi scáth an Acadaimh ach deirtear go mbeidh an dá áit ag obair go dlúth lena chéile. Beidh an tAcadamh dírithe ar a ról mar insititiúid léinn, ar ionaid Ghaeltachta na hollscoile a reáchtáil, ar aire a thabhairt d’ábhar cartlainne Gaeilge.
Is í Treasa Uí Lorcáin ceannasaí eatramhach an Acadaimh le dhá bhliain anuas. Tháinig sí i gcomharbacht ar an Ollamh Breandán Mac Suibhne atá aistrithe go dtí Roinn na Staire i gColáiste na nDán ó shin. Rinneadh comhtháthú ar an Acadamh le Coláiste na nDán sa bhliain 2018 ach is cosúil go dtiocfaidh an tAcadamh amach ón gcoláiste sin mar thoradh ar na hathruithe seo agus nach mbeidh sé ceangailte le haon scoil eile san ollscoil.
Tuigtear do Tuairisc go bhfuil oibrithe an Acadaimh sásta den chuid is mó leis na hathruithe agus iad dóchasach go gcuirfidh siad bonn níos láidre faoi.
Fág freagra ar 'Athrú mór struchtúrtha le déanamh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'