Tá a fhios againn uilig cén leigheas atá ar ghalar an ghrá, ach cén leigheas atá ar ghalar na leabhar? Nó an bhfuil aon leigheas air?
Seans go bhfuil an réiteach aimsithe ag an scríbhneoir Anna Heussaff. Beidh sí ag cur clinic leabhar ar fáil do dhaoine fásta mar chuid de chlár imeachtaí Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath i mbliana agus í ina ‘dochtúir leabhar’. Nuair a luaigh sí an smaoineamh le cara léi, baineadh geit aisti.
“Dúirt sí liom, ‘Clinic leabhar, an é gur galar í an léitheoireacht?’. Ní hea, ar ndóigh, is leigheas atá sa léitheoireacht.”
Tá an smaoineamh bunaithe ar chlinicí leabhar a bhíonn á reáchtáil ag Leabhair Pháistí Éireann do pháistí. Socraítear clinicí ‘buail-isteach’ ag féilte agus i siopaí leabhar áit a mbíonn gasúir in ann labhairt le ‘dochtúir leabhar’ agus moltaí léitheoireachta a fháil atá bunaithe ar na rudaí a bhfuil suim acu féin iontu.
Seo é a bheidh ar bun ag Anna agus í ina ‘dochtúir leabhar’, ach tá an ócáid seo dírithe ar léitheoirí fásta a bhfuil suim acu leabhair i nGaeilge a léamh. Tháinig an smaoineamh chun cinn mar thoradh ar sheisiún plé a shocraigh Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath agus Foras na Gaeilge níos luaithe sa bhliain.
“Bhí muid ag caint faoi cén chaoi go bhféadfaí imeachtaí a chur ar bun do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, ach nach mbeadh muinín acu as a gcuid léitheoireachta i nGaeilge agus iarradh ormsa éascaíocht a dhéanamh ar an seisiún sin.”
D’éirigh go maith leis an bplé agus bhí an clinic leabhar ar cheann de na moltaí a tháinig ón seisiún.
Tá na léitheoirí fásta roinnte aici ina gceithre ghrúpa: foghlaimeoirí fásta, daoine le beagán Gaeilge ach nár léigh leabhar i nGaeilge ó bhí siad ar scoil, cainteoirí líofa atá ag tóraíocht moltaí léitheoireachta nua, agus daoine a mbeadh spéis acu i leabhair dhátheangacha nó aistriúcháin.
Dream amháin a bhfuil súil ag Anna a thiocfaidh go dtí an clinic ná daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu, ach nach bhfuil siad sa gcleachtadh a bheith ag léamh leabhar i nGaeilge.
“Tá aithne mhaith agam ar dhaoine a gcuirfinn síos orthu mar chainteoirí Gaeilge, nó daoine a tógadh le Gaeilge, ach nach bhfuil cleachtadh acu a bheith ag léamh leabhar i nGaeilge. An deacracht is mó ná nach gcloiseann siad iomrá ar na leabhair, níl siad á gcur ina láthair mar a dhéantar leis na leabhair mhóra i mBéarla.”
Go minic, bíonn dearcadh ag daoine faoi leabhair i nGaeilge atá bunaithe ar an taithí a bhí acu ar scoil leo, nó go mbaineann siad leis an tseanré, a deir Anna. Dúshlán eile a luann sí ná nach bhfuil rogha mhór ar fáil de na cineálacha leabhar is mó éilimh.
“Tá rud eile ann réimsí leabhar, tá an fhilíocht láidir i nGaeilge, an gearrscéal, an t-úrscéal liteartha láidir ach níl mórán ar fáil sna réimsí is mó a dhíolann leabhar, mar shampla beathaisnéisí spóirt, beathaisnéisí polaitiúla, úrscéalta bleachtaireachta, úrscéalta grá. Sin cuid de na réimsí is mó a léitear i mBéarla, agus i dteangacha eile go bhfios dom, ach is minic gurb iad is lú atá ar fáil i nGaeilge.”
Ina ainneoin sin, bhí neart roghanna aici agus í ag cur liostaí le chéile don chlinic leabhar, agus bhí sé deacair aici na roghanna a ghearradh siar.
“Bhí sé deacair an liosta a aimsiú, tar éis a rá go bhfuil na bearnaí ann, bhí sé deacair na roghanna a dhéanamh mar go bhfuil go leor leabhar ann! Le fiche bliain anuas tá níos mó éagsúlachta ann agus níos mó leabhar ann atá éasca a léamh, go gcasann tú na leathanaigh agus nach bhfuil dua ag baint leo. Sin é an rud is mó atá ó dhaoine go minic, ní dúshlán ach scéal maith agus scéal atá suimiúil.”
Sa deireadh, roghnaigh sí sé leabhar an ceann do na ceithre rannóg léitheoirí atá leagtha amach aici, agus tá liosta eile ina póca aici ar fhaitíos na bhfaitíos.
“Ceann de na rannóga is deacra, céard faoi dhaoine atá ag filleadh ar an nGaeilge, nó nár fhoghlaim rómhaith í ar scoil. Bheartaigh mé cúpla leabhar do dhéagóirí a chur isteach ann, leabhair ar nós Inis Mara le Tristan Rosenstock, agus Mise do Mhamó le Majella Ní Dhomhnaill. Leabhair a thaitin liom féin, atá éasca a léamh agus go bhfuil scéal maith iontu.”
Bhí sí ag cuimhneamh freisin ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu ach nach bhfuil sa gcleachtadh a bheith ag léamh leabhar i nGaeilge. Chuaigh sí chuig úrscéalta scíthléitheoireachta agus dialanna taistil le cuid de na roghanna atá déanta aici don rannóg seo.
“Do na léitheoirí a bheadh as taithí, roghnaigh mé leabhair ar nós Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin, tá sé suimiúil mar scéal, tá sé an-soléite agus níl an stór focal casta ná an Ghaeilge ródheacair ann.
“Agus chuir mé cúpla leabhar do léitheoirí óga san áireamh ansin freisin, agus leabhair neamhfhicsin, ceann acu an leabhar le Alex Hijmans, Splancanna Ó Shaol Eile, ina bhfuil aiste aon leathanach, sraith aistí agus grianghraif ag dul le gach ceann acu.”
Tá sí ag súil go n-éireoidh go maith leis an ócáid agus go mbeidh moltaí maithe aici a mbeidh leigheas iontu d’éinne atá buailte ag galar na leabhar. Beidh cóipeanna de na leabhair ar fáil ar an lá le go mbeidh daoine in ann breathnú tríothu le feiceáil an leabhair iad a thaitneodh leo a léamh.
“Bíonn a fhios agat ar mhaith leat leabhar a léamh nuair a thógann tú i do lámh é, nuair a fheiceann tú méid an chló, go bhfuil an leagan amach mealltach do do shúil. Roghnaigh mé leabhair a thaitníonn liom féin, tá mé cinnte go bhfuil leabhair mhaithe eile ann nach bhfuil agam anseo, ach tá súil agam go bhfuil éagsúlacht sa rogha a mbainfidh daoine taitneamh astu.”
Fág freagra ar 'AGALLAMH: Anna Heussaff sa tóir ar an leigheas sna leabhair Ghaeilge'