Más grá leat an Ghaeilge, tá baol ann go ngortóidh an t-alt seo thú.
Ní deas a bheith diúltach. Ach is measa a bheith míréalaíoch.
An bhfuil ceannaire ar bith ag pobal na Gaeilge? Má tá, cé hé nó cé hí? Chomh dona céanna – an bhfuil aidhmeanna soiléire, aitheanta ag pobal na Gaeilge? Má tá, céard iad?
Mura bhfuil sprioc, tobar soiléir vótaí (pobal) agus ceannaire ag grúpa ar bith, ní ann dóibh ó thaobh na polaitíochta.
Féach Buiséad 2027 agus a laghad a fuair pobal na Gaeilge, dar leo.
Tá ceannairí i measc phobal na Gaeilge. Níl mé á gcáineadh siúd.
Cá mbeifí gan Conradh na Gaeilge, mar shampla? Nó feidhmeannaigh stuama, cumasacha Fhoras na Gaeilge. Nó go deimhin na daoine éagsúla atá i bhfeighil na n-eagraíochtaí Gaeilge.
Tá ardfheidhmeannaigh agus bainisteoirí sna heagraíochtaí sin atá chomh cumasach (nó níos fearr go minic ó tharla níos lú acmhainní a bheith acu) le bainisteoirí in eagraíocht ar bith eile atá ar aon dul leo sa tír.
Ach ní hé sin atá i gceist agam. Ceannaire gluaiseachta atá i gceist agam.
I bhfíorghluaiseacht, bíonn an pobal ag brath ar cheannaire agus bíonn an ceannaire ag brath ar an bpobal. Neartaíonn siad a chéile.
Níor shiúil Martin Luther King as Selma go Montgomery leis fhéin.
Rinne Conradh na Gaeilge éileamh láidir ar os cionn €60 milliún breise roimh an mBuiséad. Tá na ceannairí atá acu chomh héifeachtach le héinne a chonaic mise in aon áit. Ach gan pobal ag a bhfuil fiacla taobh leo tá siad ar leathchois.
Cloiseann muid an nath ‘gluaiseacht na Gaeilge’ go minic.
Ach cé go díreach atá ag gluaiseacht agus cén áit? Níl sé soiléir.
Dúradh go raibh pobal na Gaeilge míshásta le Buiséad 2027. Ach má bhí, ní raibh gíog ná gluaiseacht mar fhreagra air.
D’fhéadfá rá nach iad na ceannairí an fhadhb ach an pobal féin.
Tuigim nach deas a bheith diúltach an tseachtain théis fhéile mhór an Oireachtais, ach bíodh muid soiléir agus macánta faoi – ní hionann cóisir agus gluaiseacht pholaitiúil.
An bhfuil pobal na Gaeilge ar fad rannpháirteach sa ‘ngluaiseacht’ a luaitear go minic?
An fhírinne ná go bhfuil pobal na Gaeltachta róscartha amach, róscoite. Agus bíonn sé éasca neamhaird a dhéanamh ar dhream atá scoite.
Bíonn Gaeilgeoirí na mbailte móra an-scartha óna chéile. Bíonn go leor acu dílis don teanga ach báite i mBéarla.
Ní mar a chéile na héilimh ag pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge go ginearálta sa tír.
Mar shampla, tá géarghá ag pobal na Gaeilge sa Ghaeltacht le tithíocht sa Ghaeltacht agus b’fhéidir gur scoileanna lán-Ghaeilge an phríomhsprioc ag cainteoirí Gaeilge sna cathracha. Ach cé acu is tábhachtaí mar sprioc? An bhfuil pobal na Gaeilge aontaithe faoi cad iad na spriocanna is práinní?
Faoi láthair, tá pobal na Gaeilge ag titim idir dhá stól. An t-éileamh ar son go leor do chuile dhream tráth buiséid, blúirín do chuile dhuine an toradh a bhíonn air.
Féach Buiséad 2027.
Má tá an pobal ag gearán, is ar an bpobal féin atá an milleán. Bíonn an fhírinne searbh.
Easpa rannpháirteacha. Easpa gnímh. Easpa cumarsáide is díospóireachta.
Tuigim. Tá sé deacair. Tá sé níos éasca cóisir a bheith agat ná cás polaitiúil a dhéanamh.
Tá ceannairí ag na feirmeoirí, ag lucht iompair na tíre, ag dochtúirí, altraí, múinteoirí srl.
Tá ceannairí acu a bhíonn ag éileamh. Ach tá pobal leo a bhíonn feiceálach, glórach, gníomhach.
An féidir le polaiteoir ar bith neamhaird a dhéanamh dóibhsean gan a bheith ag súil le freagra eicínt?
Má táthar dáiríre faoi athbheochan na Gaeilge in 2026, meas tú nach dteastódh:
- Comhrá náisiúnta faoi na haidhmeanna ba chóir díriú orthu
- Na spriocanna sin a chur in ord ar bhonn tábhachta – céard iad na rudaí is práinní?
- An pobal a tharraingt le chéile – iad a bheith ar aon ghuth le cás a dhéanamh leis an aos polaitiúil.
Níl mé in ann ceist na ceannaireachta a réiteach.
Ardaítear an duine sin ar dhroim an phobail. Is ón bpobal a fhaigheann ceannaire ar bith údarás agus cumhacht. Agus is leis an gcumhacht sin a gabhann sé/sí i mbun idirbheartaíochta.
Tá ceannairí maithe ann – ach an bhfuil siad in ann an pobal a ghríosú? An sprioc a shoiléiriú is a dhíol?
Agus an bhfuil pobal ann a mbeadh sé dodhéanta neamhaird a dhéanamh orthu?
Tá an t-am ag sleamhnú agus baol ag bagairt. Tá práinn leis seo.
Dhá nath atá cloiste agam le fada: ‘Géarchéim na Gaeilge’ agus ‘Gluaiseacht na Gaeilge’.
Tá mé cinnte gurb ann do ghéarchéim na Gaeilge. Gluaiseacht na Gaeilge? Níl a fhios agam.
Fág freagra ar 'Níl ceannaire ná sprioc ag pobal na Gaeilge'