Tá mórán ceisteanna á gcur faoin aire cumarsáide faoi láthair. Seo ceann eile. Cén fáth a bhfuil Patrick O’Donovan ag cur i gcoinne tobhach Netflix a d’fhéadfadh tacú leis an nGaeilge?
Buille do phobal na Gaeilge ab ea Buiséad 2027 agus údar díomá a bhí ann do TG4 chomh maith. Mar sin féin, d’fhéadfaí ar a laghad €20 milliún sa bhliain a chur ar fáil do sheirbhísí cultúrtha agus teanga gan iasachtaí breise a thógáil ná cánacha a ardú.
Is íorónta an scéal é gurb é an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan, atá ar an bpríomhchonstaic roimh thobhach ar sheirbhísí sruthaithe a thabhairt isteach, tobhach a d’fhéadfadh maoiniú den chineál sin a chur ar fáil.
Tá sé seo amhlaidh in ainneoin na míshástachta atá curtha in iúl aige féin faoin leibhéal maoinithe a cuireadh ar fáil dá roinn sa Bhuiséad, agus in ainneoin na tacaíochta atá ag dul i méid don bheartas seo go hidirnáisiúnta agus i measc Theachtaí Dála an Rialtais.
Faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, ceadaítear do Bhallstáit tobhach a ghearradh ar sheirbhísí sruthaithe ar nós Netflix agus Amazon. Ní mór an t-airgead a chur ar fáil, áfach, do scannáin agus cláir teilifíse áitiúla a thacaíonn le cultúir agus teangacha dúchasacha.
Tá an beart seo ábhartha go háirithe do thíortha ar nós na hÉireann, áit a mbíonn sé deacair léiriúcháin mhórscála i nGaeilge a mhaoiniú. Úsáidtear é, áfach, chun tacú le cultúr agus le teangacha réigiúnda i dTír na mBascach agus sa Chatalón sa Spáinn.
Tá an bunphrionsabal simplí go leor. Bheadh ar chomhlachtaí ilnáisiúnta meán a fhaigheann ioncam ó thomhaltóirí in Éirinn cuid den ioncam sin a athinfheistiú sa tír seo.
Ó thaobh na polaitíochta de, mheasfá gur cinneadh cliste a bheadh ann in Éirinn, ós rud é gur spreag na srianta ar mhaoiniú stáit don Ghaeilge míshástacht i measc lucht scannáin, chomh maith le healaíontóirí, scríbhneoirí agus oideachasóirí.
Tá an beartas seo i bhfeidhm cheana féin i dtíortha ar nós na Fraince, na hIodáile agus na Spáinne, agus tá sé á thabhairt isteach sa Ghearmáin, cé go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhealaí éagsúla i ngach tír.
Sa Fhrainc, mar shampla, seasann an rialtas leis an bprionsabal gur cheart do chomhlachtaí a fhaigheann ioncam ón lucht féachana cur le maoiniú chultúr na tíre. Dá bhrí sin, cuirtear de cheangal ar sheirbhísí sruthaithe 20% dá n-ioncam sa Fhrainc a infheistiú i léiriúcháin áitiúla. I dtíortha eile, íocann na comhlachtaí tobhach isteach i gciste poiblí a thacaíonn le léiriú dúchasach scannán agus teilifíse.
In Éirinn, áfach, cuireann an Stát dreasachtaí cánach ar fáil do chomhlachtaí a dhéanann scannáin agus cláir theilifíse anseo nach mbaineann mórán díobh – amhail Wednesday agus Vikings ó Netflix – le cultúr na hÉireann ná leis an nGaeilge.
Cuirtear an tacaíocht sin ar fáil trí scéim faoisimh cánach Alt 481, a bhronnann creidmheas cánach ar chomhlachtaí arb ionann é agus 32% den chaiteachas incháilithe in Éirinn. Dá thoradh sin, féadfaidh léiriúchán a chosnaíonn €10 milliún in Éirinn suas le €3.2 milliún de thacaíocht Stáit a fháil.
De réir figiúirí a foilsíodh i mí Lúnasa na bliana seo, ghin léiriúcháin a fuair tacaíocht faoi Alt 481 gníomhaíocht eacnamaíoch ar fiú €544 milliún í in Éirinn anuraidh. Chuir sé sin le fostaíocht agus le fás eacnamaíoch, cé gur ón gcáiníocóir a tháinig cuid den mhaoiniú sin.
Ní léir, áfach, go mbeadh aon bhac dlí ar an Rialtas leanúint de na dreasachtaí cánach sin a chur ar fáil agus tobhach ar sheirbhísí sruthaithe a thabhairt isteach san am céanna.
De réir figiúirí a tugadh os comhair coiste Dála, d’fhéadfadh tobhach 3% ar an ioncam a shaothraíonn comhlachtaí amhail Netflix, Disney+, Prime Video agus Apple TV+ in Éirinn €20 milliún sa bhliain a thabhairt isteach. D’fhéadfadh tobhach ar aon dul leis an tobhach 20% sa Fhrainc, ag ráta 20%, €133 milliún sa bhliain a thabhairt isteach.
Anuraidh, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán staidéar neamhspleách a mhol gur cheart d’Éirinn tobhach ar shaothair Eorpacha a thabhairt isteach. I mí Mheán Fómhair, mhol coiste traspháirtí de chuid an Oireachtais freisin gur cheart don Rialtas dul ar aghaidh tobhach.
Dúirt Comhchoiste Oireachtais na Meán go raibh tobhach den chineál sin indéanta in Éirinn agus luadh go raibh scéimeanna dá leithéid i bhfeidhm cheana féin i mbeagnach leath de thíortha mhargadh aonair na hEorpa.
Mar sin féin, chuir an tAire O’Donovan leasú ar an reachtaíocht chraolacháin chun cinn sa chaoi nach bhféadfaí tobhach a thabhairt isteach gan a chead. Cháin sé go láidir freisin an moladh faoi tobhach. Mhaígh sé go n-ardódh a leithéid an costas do chustaiméirí na n-ardán sruthaithe, cé go bhfuil daoine eile go mór in amhras faoin tuairim sin.
Ar an 22 Meán Fómhair i mbliana, d’fhiafraigh Malcolm Byrne, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, den Aire an ndéanfadh sé athbhreithniú ar a sheasamh i bhfianaise na méaduithe atá tagtha le déanaí ar tháillí síntiúis.
Mar fhreagra, dúirt an tAire gur mheas sé go raibh an baol ann go gcuirfeadh tobhach ar ábhar closamhairc ualach airgeadais breise ar theaghlaigh Éireannacha a bhí cheana féin faoi bhrú.
Tá cáineadh déanta ar sheasamh an Aire ag Susan Kirby, Príomhfheidhmeannach Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann. Dúirt sí go raibh custaiméirí in Éirinn ag tabhairt aghaidh ar arduithe ar phraghsanna cheana féin. Thagair sí do thaighde a rinne Ampere Analysis le gairid a léirigh go raibh an meánmhéadú praghais ba mhó ar domhan le trí bliana anuas á iompar ag síntiúsóirí in iarthar na hEorpa.
Dúirt Susan Kirby nach tobhach ar thomhaltóirí Éireannacha a bhí i gceist, ach slí le dualgas cothrom a chur ar na hardáin sruthaithe cuid bheag den bhrabús mór a ghnóthaíonn siad i margadh na hÉireann a athinfheistiú sa tír.
Rinne Kirby a cuid cainte i ndiaidh do Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann dul i gcomhar le 22 eagraíocht ionadaíoch eile ón Eoraip, ó Cheanada agus ón Astráil.
D’áitigh siad go bhfuil gá le reachtaíocht láidir maidir le hábhar dúchasach chun scéalta áitiúla a chosaint in aois ina bhfuil ceannas ag ardáin dhomhanda sruthaithe ar nós Netflix agus Amazon Prime Video.
Fág freagra ar 'D’fhéadfadh ‘tobhach Netflix’ tacú leis an nGaeilge'