Neart glamour Tigh Chualáin ag laochra an damhsa ar an sean-nós i gCois Fharraige

Mairfidh cuimhne ar feadh i bhfad ar an ócáid ‘Faoi do Chois É (Damhsa ar an Sean-Nós ag 50)’ a bhí ar bun mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige le déanaí

Neart glamour Tigh Chualáin ag laochra an damhsa ar an sean-nós i gCois Fharraige

Leagadh clár ar an urlár ag tús na hoíche ach níorbh fhada gur briseadh é le fuadar na gcos.

Ach níor chuir sin aon mhúisiam ar na damhsóirí misniúla a bhí bailithe le chéile Tigh Chualáin i gCoill Rua in Indreabhán oíche Dé Domhnaigh le déanaí mar choinníodar orthu ag damhsa ar urlár adhmaid an tí ósta.

Aniar thar Abhainn Chasla agus anoir thar Abhainn Bhoth Loiscthe a thángadar, chomh maith le roinnt nach raibh abhainn ar bith le trasnú acu, agus a mbróga damhsa á n-iompar i málaí ag cuid acu.

Bhíodar tagtha le chéile don imeacht Faoi do Chois É (Damhsa ar an Sean-Nós ag 50) a bhí ar bun mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige. Ceiliúradh ar an damhsa ar an sean-nós a bhí ann, chomh maith le comóradh ar imeacht eile a bhí ar bun sa teach ósta céanna leathchéad bliain ó shin.

An 30 Lúnasa 1976, eagraíodh taispeántas damhsa aonair Tigh Chualáin i gcomhar leis an Oireachtas, a bhí á reáchtáil den dara huair i gCois Fharraige an bhliain sin.

Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar dhuine de thriúr (Ba iad Seosamh Ó Cuaig agus Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta an bheirt eile) a chuir an t-imeacht chun cinn i 1976 agus ag tús na hócáide le déanaí mhínigh sé gur leanadar sampla na hamhránaíochta ar an sean-nós agus bhaist siad ‘damhsa ar an sean-nós’ ar an gcineál damhsa a bhí i gceist.

Cuireadh comórtas damhsa ar an sean-nós ar chlár an Oireachtais i 1977 agus ba as sin a d’fhás an comórtas a bhfuil cáil agus rath air ó shin.

Ach is beag den slua breá damhsóirí a bhí i láthair ag Féile Chois Fharraige a raibh aon chuimhne acu ar an mbliain 1976 mar bhí a bhformhór faoin dá scór bliain.

Bhí duaiseanna Oireachtais buaite ag cuid mhaith acu agus an chuid nach bhfuil fós is gearr go mbeidh.

As Leitir Mucú a thángadar agus as Leitir Móir na Coille, as Ros Muc, as an gCaiseal agus as an Spidéal.

Bhí damhsóirí ann as contae an Chláir agus as Contae na hIarmhí agus as New Jersey Mheiriceá.

Donncha Mac Con Iomaire a bhí ina fhear an tí agus ba é a bhí eolgaiseach agus barrúil ina chur i láthair.

Má bhain na damhsóirí splancacha as an urlár, bhain Donncha gáire go leor as an lucht féachana.

Siad na damhsóirí óga is túisce a tháinig chun urláir.

Éile Rós Ní Cheallaigh, atá 12 bliain d’aois an chéad duine cróga a bhuail cos air agus dathanna na Gaillimhe á gcaitheamh aici.

Ina diaidh, tháinig Laoise Nic Einrí agus a deartháir Cathal, as an Lochán Beag, agus ní fada go raibh Beil Róise Ní Fhlaithearta as na Mine, ag léiriú a cumas breá damhsa.

Thug na daoine óga seo le fios don lucht féachana go bhfuil todhchaí breá ndán don damhsa ar an sean-nós.

Ach ní raibh deireadh leo fós.

Amach le Cóil Ó hOibicín as Camas, agus é in ann tabhairt faoin na steipeanna ar luas lasrach agus ba í a deirfiúr Lily a lean é.

Tá sé sa mianach ag roinnt de na damhsóirí óga seo, mar a chuir fear an tí i gcuimhne don lucht féachana, agus cérbh é an chéad duine eile amach ach athair Chóil agus Lily, sin Patrick Ó hOibicín, fear a bhfuil corn Steip an Oireachtais buaite aige.

Ní gann ar bhuaiteoirí Oireachtais a bhí an ócáid mar níorbh fhada go raibh deannach á bhaint as clár ag Rónán Ó Conghaile, as Leitir Móir na Coille.

“Tá neart leacacha acu i gContae an Chláir le bheith ag baint torann astu,” a dúirt Donncha Mac Con Iomaire agus amach le Seán de Brún lena chur ar a súile do chuile dhuine a bhí i láthair nach i gConamara amháin atá damhsóirí den scoth.

Ba é Seán a thug leis an bonn cré-umha ag an Oireachtas anuraidh.

Tráchtar go minic, dar ndóigh, ar an stíl damhsa a bhíonn ag lucht na steipeanna ach ní luaitear an glamour agus an cur i láthair a bhaineann leis na damhsóirí.

Bhí neart den glamour sin Tigh Chualáin an oíche cheana.

Tháinig bean óg na Trá Báine, Ríona Ní Fhlatharta, ar an urlár, í ag taispeáint nach laochra amhrán amháin a thógtar sna hOileáin, agus níorbh fhada gur lean Saoirse Ní Dhomhnaill í chun tuilleadh splancacha a ardú.

Bhí Muintir Dhubháin, Pádraig agus Gearóid, ann lena mbróga galánta, agus iad i mbun draíochta. Is iad atá ábalta beocht a chur in aon ócáid ag a mbíonn siad ag damhsa.

Amach ar an urlár, ina nduine is ina nduine, a tháinig triúr a bhfuil mianach an damhsa ar an sean-nós iontu go smior: Bláithín, Nell agus Fia Ní Mhainín as Ros Muc, iníonacha Róisín Ní Mhainín a thug léi an corn as Gaoth Dobhair in 2002 agus a bhfuil a gceird múinte aici do go leor damhsóirí óga.

“Níl aon damhsa ar an gCaiseal,” a dúirt fear an tí go magúil agus é ag cur Rónán Ó Niaidh as an mbaile fearainn sin i láthair.

Ach bhí an fear óg a thug leis corn an Oireachtais in 2024 in ann chuige.

Ón ‘telly’, a dúirt sé, a d’fhoghlaim sé a chuid damhsa.

Ach drochsheans gur chreid éinne a chonaic é ag tabhairt faoin urlár go healaíonta an méid sin.

“Níl gaisce ar bith sna daoine seo,” a dúirt Donncha Mac Con Iomaire ag tráth amháin i rith na hoíche.

“Ach is laochra na háite iad mar sin féin,” a dúirt sé.

Amach le laoch eile acu, Seosamh Ó Neachtain, as an Spidéal, ar iomaí oíche a chaith sé i mbun steipeanna Tigh Hughes agus a bhfuil an damhsa ar an sean-nós tugtha leis aige go háiteanna go leor timpeall na cruinne.

Leanadh leis an damhsa gan staonadh ar feadh beagnach dhá uair an chloig.

Is ar éigean go bhféadfaí sos a thógáil le dul chuig an mbeár ná in áit ar bith eile ar eagla go gcaillfí an deis duine eile de réaltaí an urláir a fheiceáil.

Agus ní raibh sos ar bith ag na ceoltóirí fuinniúla a bhí in ann coinneáil leis na damhsóirí bríomhara chuile chéim dár dhamhsaíodar.

Frankie Mac Aodha a bhí ar an mbainseó, Colm Devane ar an mbosca ceoil, Cathal Ó Curráin ar an bhfidil agus Pádraig Ó Dubhghaill i mbun fuaime.

Ba í Becky Ní Éallaithe, iníon Dhonncha, an duine deiridh a tháinig chun urláir.

Thug Becky Corn Steip léi ag Oireachtas na bliana seo caite agus ní nach ionadh.

Ba ise freisin a d’eagraigh an tsároíche damhsa seo in éindí leis na hoifigigh pleanála teanga ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga: Peadar Mac Donncha agus Niamh Ní Fháilbhe.

Ach ní raibh an oíche thart fós ná baol air.

Seo chugainn arís na damhsóirí uilig, ina nduine is ina nduine, amach ar an urlár dá ndamhsa deiridh.

Bhí sé ina thoirneach, a dúirt duine den lucht féachana, ach má bhí ba cheolmhar an toirneach í.

Agus bhí tuilleadh le teacht. Seo chugainn Seán de Brún arís agus a chairde as Contae an Chláir agus seit spleodrach acu.

Ina dhiaidh sin, thosaigh an ceol arís sa gcúinne agus amach le cuid den dream a bhí i mbun steipe níos túisce.

Ag an ócáid a eagraíodh leathchéad bliain ó shin, bhí laochra go leor páirteach chomh maith: Cóilín Fhínse Mac Donnacha as Carna; Cóilín Joe Gorm as na hOileáin; Pádraig Bradley as Leitir Mealláin; Máirtín Beag Ó Gríofa ón gCeathrú Rua agus Pádraic Tom Pheadair Ó Gríofa as Cor na Rón. Ní ligfear iad i ndearmad.

Agus mairfidh oíche an 4 Deireadh Fómhair 2026 ina gcuimhne siúd a raibh sé d’ádh orainn a bheith ann.

Fág freagra ar 'Neart glamour Tigh Chualáin ag laochra an damhsa ar an sean-nós i gCois Fharraige'

  • KH

    Píosa álainn. Gura fada buan iad.