Íocadh beagnach €100,000 ar phictiúr den Earagail a díoladh ag ceant i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo agus tugadh €82,500 ar dhá phictiúr de chuan Chloch na Rón i gConamara.
€36,000 a íocadh ar phictiúr de Chloch na Rón leis an ealaíontóir Letitia Marion Hamilton a thaispeánann beirt fhear agus bean i gcurach agus iad ag fágáil an chuain.
Nuair a chuirtear coimisiún 25% an cheantálaí san áireamh, baineadh amach €45,000 san iomlán ar an bpictiúr seo.
Treoirphraghas idir €15,000 agus €25,000 a bhí luaite leis an bpictiúr ag na ceantálaithe Adam’s atá lonnaithe ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath.
Sa dara pictiúr – Connemara Quayside with Fishermen le Gerard Dillon – a díoladh ag an gceant céanna, taispeántar bád seoil le balla ag ceann de na céibheanna i gCloch na Rón. Tá scata beag fear agus ban ar an gcéibh.
Treoirphraghas idir €30,000 agus €50,000 a bhí tugtha síos ag na ceantálaithe don phictiúr seo.
Ceannaitheoir ar an bhfón a rinne an tairiscint deiridh, €30,000 ar an saothar seo. (€37,500 le coimisiún an cheantálaí.)
Beirt ealaíontóirí a tháinig ó chúlraí an-difriúil a bhí i Hamilton agus Dillon, ach bhí an bheirt acu an- tógtha le Conamara, agus le Cloch na Rón go háirithe, ar feadh cuid mhaith dá saol.
Rugadh Letitia Marion Hamilton i gcontae na Mí in 1878. Bhí a muintir go maith as agus rinne sí staidéar ar an ealaín i mBaile Átha Cliath agus i Londain.
Ina dhiaidh sin, chaith sí tréimhsí ag péinteáil sa Fhrainc agus i dtíortha eile timpeall na hEorpa.
Ba ag tús na 1940idí a thosaigh sí ag tabhairt cuairteanna ar Chloch na Rón agus ag déanamh pictiúr den áit. Lean sí uirthi ag cruthú pictiúr den bhaile sin sna 1950idí agus go dtí go gairid roimh a bás i 1964.
Tugadh €24,000 (gan coimisiún an cheantálaí san áireamh) ar phictiúr eile a rinne sí de Chloch na Rón ag ceant in Aibreán na bliana seo.
Rugadh Gerard Dillon ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste i 1916. Agus é fós ina dhéagóir chuaigh sé go Londain, áit ar chaith sé roinnt blianta ina phéintéir tí.
Thug sé a chéad chuairt ar Chonamara i 1939 agus chaith sé cuid de shamhradh 1944 ar saoire in Árainn. Tá pictiúr a d’eascair ón tsaoire sin sa nGailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.
Ag tús na 1950idí, chaith sé bliain ag cur faoi i dteach in Inis Leacan amach ó Chloch na Rón.
Sa mBealtaine seo caite, íocadh €1,375 milliún ar an bpictiúr Tea Party a rinne Dillon i 1955.
Sa saothar seo, taispeántar seachtar suite chun boird agus ceaptar gur sa teach a bhí ar cíos ag Dillon in Inis Leacan atá an pictiúr lonnaithe.
Áirítear Gerard Dillon ar dhuine de mhórealaíontóirí na hÉireann sa 20ú haois agus tá saothar leis i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) agus i ndánlanna go leor eile. Bhásaigh sé i mBéal Feirste i 1971.
Ag ceant na seachtaine seo, frítheadh an praghas is airde ar phictiúr a rinne an t-ealaíontóir Paul Henry den Earagail i nDún na nGall i 1929.
€95,000 (€119,250 le coimisiún an cheantálaí) a íocadh ar Errigal, Co. Donegal a raibh treoirphraghas idir €50,000 agus €70,000 luaite leis.
Tugadh breis is deich n-oiread an treoirphraghais ab ísle a bhí luaite leis ar an bpictiúr A Kerry Interior le Sean O’Sullivan (1906 – 1964).
Bhí beirt ag déanamh tairiscintí ar an saothar seo agus sa deireadh íocadh €38,000 (€47,500 le coimisiún san áireamh) air. Treoirphraghas idir €3,000 agus €5,000 a bhí luaite leis.
Fág freagra ar 'Pictiúir de Chonamara agus den Earagail díolta ag ceant'