Cúig bliana fichead ó bunaíodh an PSNI ar fíoraíodh fís a bhunaithe? D’admhaigh an Príomh-Chonstábla, Jon Boutcher go raibh idir mhaith agus olc déanta. Dúirt sé go raibh údar bróid ag an PSNI ach go raibh go leor fós le baint amach.
Níl aon dabht ach go bhfuil idir mholadh agus cháineadh tuillte. Is minic a cáineadh an chaoi a láimhseáladh coireanna áirithe, dúnmharú ógmhná cuir i gcás, nó gabháil iriseoirí i dtaca le clár teilifíse faoi uafás cé gur beag aird a tugadh orthusan a bhí ciontach san ionsaí. Le déanaí tháinig sé chun solais go ndearna póilíní faireachas mídhleathach ar iriseoirí. Cloch choirnéil den tseirbhís nua ab ea claochlú a dhéanamh ar chomhdhéanamh na foirne – fadhb mhór is ea é sin i gcónaí, an príomhdhúshlán, seans.
Ba é athchóiriú na póilíneachta an sméar mhullaigh ar an obair a rinneadh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Céim réabhlóideach ab ea imeacht ón RUC nach raibh muinín ar bith ag náisiúnaithe ann chuig seirbhís ina mbeadh ról ag daoine ón dá thraidisiún agus meas orthu araon.
Leag tuarascáil Chris Patten agus a mheitheal amach múnla do phóilíneacht phobail a bheadh ina heiseamláir d’aon tír. Seirbhís ionadaíoch ar chomhdhéanamh an daonra a bheadh inti le cleachtais a bheadh fréamhaithe i reachtaíocht cearta daonna.
Ní raibh ach 600 Caitliceach i measc an 7,200 comhalta den RUC, 8% nó duine as gach dáréag. Fórsa Protastúnach aontachtach ab ea é – ‘cosantóir an stáit aontachtaigh’ i súile náisiúnaithe. Mhol Patten idirdhealú dearfach, earcaíocht 50-50 chun líon na gCaitliceach sna póilíní a mhéadú le go mbeadh sé i gcomhréir leis an daonra.
Bhí aontachtaithe naimhdeach don gcleachtas 50-50, iad ag maíomh gur éagóir ab ea é. Cuireadh deireadh leis in 2011 tar éis deich mbliana. Faoin am sin Caitlicigh ab ea 2,200, nó 30%, den bhallraíocht.
Tá teipthe ar an tseirbhís an líon sin a bhuanú ó shin, 2,000 atá anois ann, 31% d’fhoireann a bhfuil laghdú tagtha uirthi ar an iomlán. Tá an sciar Caitliceach nó daoine ó chúlra Caitliceach, den daonra os cionn 46%, ach líon na n-ionadaithe sna póilíní ag titim. Tá feachtais á rith ag an PSNI le deich mbliana ag iarraidh a thuilleadh earcach de bhunadh Caitliceach a mhealladh ach é fánach acu. Caitlicigh ab ea idir 24% agus 26% d’iomlán na n-iarratas a fuaireadar le cúpla bliain anuas.
Rinne easaontóirí poblachtánacha ionsaithe ar Chaitlicigh a chuaigh san PSNI. Mharaigh siad beirt, ghortaigh duine go dona agus bhagair siad teaghlaigh chomhaltaí eile. Bhí éifeacht ag an imeaglú, ní nach ionadh. Díspreagadh thar a bheith éifeachtach a bhí ann chun daoine a choinneáil i bhfad ón tseirbhís. Bíonn ceannairí na bpóilíní ag tathant ar pholaiteoirí agus ar cheannairí eaglasta Caitlicigh óga a ghríosú le dhul san PSNI, ach is minic a fhaigheann siad an chluas bhodhar.
Ba cheart a rá go bhfuil méadú ar líon na mban ar an bhfoireann ó 14% go 30% ach ceisteanna faoi chultúr na heagraíochta agus roinnt comhaltaí smachtaithe nó briste i ngeall ar fhuath ban. Bhí fadhb cúpla bliain ó shin leis an gcur chuige i dtaca le léirsithe in aghaidh an chiníochais; tá an cur chuige feabhsaithe ach ní hamhlaidh an scéal maidir le ballraíocht an mhionlaigh eitnigh atá faoi bhun 1%.
Thacaigh an SDLP leis an PSNI ón tús agus iad gníomhach ar bhord na bpóilíní, ach rinne Sinn Féin baghcat air go dtí go raibh siad ag ullmhú le cumhacht a roinnt leis an DUP. Tá go leor de lucht tacaíochta Shinn Féin fós amhrasach faoin tseirbhís, cuid acu ag maíomh gur beag idir an PSNI agus an RUC. Ní bheidh sé éasca iadsan a mhealladh.
Is i measc náisiúnaithe, nó seans gur chirte i measc poblachtánach a rá, is mó atá mímhuinín san PSNI ach tá an scéal i bhfad níos fearr ná mar a bhí in aimsir an RUC. Chonacthas sampla maith le gairid den difríocht idir cur chuige an PSNI agus a réamhtheachtaí ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin. Chinn an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher an t-am seo nach mbrúfaí áitritheoirí as bealach chun paráid Oráisteach a ligint síos an bóthar beag beann ar fhreasúra na gcónaitheoirí náisiúnacha agus a lucht tacaíochta. Is ar chomhairle an Phríomh-Chonstábla a chinn an Státrúnaí Chris Bryant go gcoiscfí an pharáid. Chothaigh sé sin fearg i measc na nOráisteach, a dúirt gur phóilíneacht chlaonta, aontaobhach í, port a chloistear ó phoblachtánaigh go minic freisin.
D’uireasa córas aontaithe chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí, thit sé an chrann an PSNI ar feadh i bhfad cásanna stairiúla a láimhseáil. Uaireanta is go drogallach a cuireadh faisnéis ar fáil. Dá bhrí sin mhaígh a lán gur ag cosaint an RUC a bhí siad. Bíodh sin fíor nó bréagach bhain sé den mhuinín a cuireadh iontu. Bhí sé costasach freisin, rud a ghoill ar cheannairí, go háirithe Hugh Orde agus Jon Boutcher, a dúirt gur laincis ar obair é faoi láthair. Tá Boutcher i mbun feachtais ón lá a ceapadh é ag iarraidh méadú ar bhuiséad an PSNI nár ardaíodh le deich mbliana, a deir sé.
Ní leigheasfadh maoiniú sa bhreis na fadhbanna ar fad ach is cinnte go bhfuil méadú ar an mbuiséad riachtanach. Tús maith a bheadh ansin ar an obair chun a dhul i ngleic leis na laigí agus uaillmhian na bliana 2001 a athmhúscailt.
Fág freagra ar '25 bliain den PSNI agus gá le huaillmhian 2001 a athmhúscailt'