Níl deireadh fós agus ní bheidh go ceann roinnt seachtainí le comhaireamh na Stát Aontaithe ach tá an toradh soiléir.
Beidh sé deich mbliana ar an Domhnach ó toghadh Donald J. Trump ina uachtarán den chéad uair ach tá sé soiléir an tseachtain seo go bhfuil pobal na Stát Aontaithe réidh lena n-uachtarán, lena pháirtí agus lena chuid polasaithe. An cheist anois, an bhfuil deireadh le MAGA agus an mbeidh na Daonlathaigh in ann anois teacht i dtír ar an tacaíocht a fuair siad an tseachtain seo le cinntiú go bhfaigheann siad forlámhas ar pholaitíocht na Stát Aontaithe.
Ní túisce na toghcháin lár téarma thart sna Stát Aontaithe ná bítear ag breathnú chun cinn ar an gcéad toghchán uachtaránachta eile. Faoin am seo an chéad bhliain eile beidh na réamhthoghcháin ar an tairseach agus na páirtithe ag fáil faoi réir don chéad cheann a reáchtálfar i gCarolina Theas ar an 22 Eanáir. Ní mór do na Daonlathaigh ceannaire láidir a aimsiú agus a chinntiú go mbíonn siad éifeachtach sna réamhthoghcháin sin má tá siad leis an Teach Bán a thógáil ar ais.
Ná bíodh aon mhearbhall ar na Daonlathaigh tar éis na seachtaine seo. Níl an pobal sna Stát Aontaithe faoi gheasa acu ná i ngrá leo. Níl ann ach go bhfuil siad chomh feargach le Donald Trump agus gur chinn siad droim láimhe a thabhairt dó. Sa mbliain seo romhainn beidh an pobal ag faire an éireoidh leis an tromlach i dTithe na Comhdhála dúshlán pholasaithe an Tí Bháin a thabhairt, deireadh a chur le cogaíocht sa Mhurascaill agus praghsanna a ísliú. Tá sé dearbhaithe cheana féin ag Trump go seasfaidh sé rompu sna hiarrachtaí sin ar fad. Cothóidh sin tréimhse parlaiminte teasaí agus achrannach.
Beidh deacracht eile le sárú ag na Daonlathaigh sna míonna seo romhainn freisin agus sin rogha a dhéanamh faoi cé chomh mór ar an eite chlé agus a bheidh siad. Cé mhéid a ghéillfidh siad do ghluaiseacht na Sóisialach Daonlathach a tháinig chun cinn le linn an fheachtais seo. Scanraíonn an focal Sóisialach daoine sna Stáit Aontaithe mar thoradh ar an mbolscaireacht leanúnach le fada anois faoin mbagairt ón gcumannachas. Caithfidh na Daonlathaigh cinneadh a dhéanamh faoin ardán a roghnóidh siad le cinntiú nach gcuireann siad vótóirí ó dhoras beag beann ar an móramh a fuair siad aréir.
Obair mhór le déanamh ag na Daonlathaigh, mar sin, agus go leor ionadaithe nua tofa a seasfaidh Trump go láidir ina n-aghaidh as seo go ceann bliana. An buntáiste atá acu go bhfuil an páirtí Poblachtach scriosta ag Trump agus MAGA agus go dtógfaidh sé tréimhse fhada orthu teacht chucu féin. Beidh sé 2030 sula mbeidh an Seanad ar ais faoina smacht agus is féidir le J D Vance a hata a chaitheamh le 2028, a dúirt urlabhraí ón bpáirtí inné. B’fhéidir go mbeidh sin amhlaidh ach fainic amháin do na Daonlathaigh – tháinig Trump aniar aduaidh orthu deich mbliana ó shin agus go dtí sé go mbeidh sé imithe as an Teach Bán cá bhfios cén cleas a bheidh aige leis na Daonlathaigh a threascairt.
Fág freagra ar 'Ná bíodh aon mhearbhall ar na Daonlathaigh, níl an pobal faoi gheasa acu'