Bhí an chodarsnacht drámatúil. Ridire de chuid na Ríochta, ceannaire an DUP, príomhpháirtí Aontachtach Thuaisceart Éireann, ball de Státchomhairle na Ríochta Aontaithe, toscaire idirnáisiúnta thar ceann rialtas na Breataine, Críostaí poiblí measúil. Agus beirt bhan ar thug an fear cumhachtach sin agus a bhean an chluas bhodhar dá ngearáin faoi ionsaithe gnéis a rinne sé orthu nuair a bhíodar ina bpáistí.
Bíonn cóimheá na cumhachta idir péidifiligh agus páistí ar leathmhaing i gcónaí. Níor thaise sin don éagothroime idir an polaiteoir iomráiteach, Jeffrey Donaldson agus a bheirt cúiseoirí. Bhí sé in ard a réime nuair a gabhadh agus cúisíodh é dhá bhliain go leith ó shin, é molta sa bhaile agus i gcéin as Stormont a athnuachan. Fuair sé na gártha molta in Washington Lá ‘le Pádraig. Coicís ina dhiaidh sin bhí sé i stáisiún na bpóilíní á cheistiú ag an PSNI.
Tá misneach na ngearánaithe molta sa cholún seo cheana ach ní miste a dhéanamh arís. Shéan Donaldson na 18 gcúiseanna ina aghaidh, idir éigniú agus ionsaithe mígheanasacha, dhiúltaigh sé freagracht a ghlacadh, chuir sé bréagadóireacht i leith na n-íobartach ionas go mb’éigean dóibh céasadh na trialach a fhulaingt.
D’ainneoin an chroscheistithe a bhí an-ghéar ba iad na mná agus a bhfianaise a chuaigh i gcion ar an ngiúiré a chiontaigh a mí-úsáideoir. N’fheadar an gcuideodh sé leo cneasú nó an mbeadh só ar bith le fáil as taispeántas aiféala. Cá bhfios? Ní bhfuair siad leithscéal ná aithreachas ó Jeffrey Donaldson atá náirithe, uiríslithe agus tosaithe ar a théarma 15 bliain i bpríosún Mhaigh gCabraí de bharr na n-ionsaithe orthu.
Is mór an chreidiúint é freisin don PSNI agus don tSeirbhís Ionchúisimh gur sheas siad go daingean leis an mbeirt ghearánaithe beag beann ar stádas Donaldson. Nuair a bhris an scéal faoi Cháisc 2024 go raibh an polaiteoir le cúiseamh is iomaí saoi soiniciúil a mhaígh nach dtabharfaí chun cúirte é choíche, go mbainfí leas as seift éigin chun an scannal a cheilt. Ní hamháin nárbh é sin a tharla ach léiríonn stair an cháis go raibh póilíní agus ionchúisitheoirí diongbháilte go gcomhoibreodh siad chun a chinntiú nach mbeadh bunchleite isteach ná barrchleite amach ar an bpróiseas.
Díol suntais ab ea an téarma 15 bliain a gearradh mar phianbhreith ar Donaldson, 11 bliain as éigniú ghearánaí B agus cionta eile ina haghaidh idir 1985 agus 1991 móide 4 bliana as ocht gcúis in aghaidh ghearánaí A idir 1999 agus 2008. Mheas roinnt íobartach go raibh an téarma róghearr ach deir saineolaithe dlí go raibh sí chomh trom is a b’fhéidir, go háirithe ós téarmaí leanúnacha iad an 11+4 seachas téarmaí comhuaineacha.
Bhí an breitheamh meáite de nach mbeadh faoiseamh le fáil ag Donaldson i ngeall ar a easpa aithreachais. Ní hamháin nár léirigh sé aiféala le linn na trialach, a dúirt an breitheamh Ramsay, ach d’athdhearbhaigh sé go raibh sé neamhchiontach nuair a bhíothas ag ullmhú na pianbhreithe. Cuireadh an seasamh sin san áireamh san téarma.
D’fhógair dlíodóir Donaldson sa samhradh go raibh iarratas déanta aige ar achomharc in aghaidh a chiontaithe. A thuilleadh anró don bheirt íobartach. Níor fhógair an chúirt fós an gceadófar an t-achomharc. Tá dáta cúirte eile leagtha amach cheana féin. Ar an 13 Samhain fógróidh an Breitheamh Ramsay céard a bheidh i ndán do Eleanor Donaldson. Chinn an giúiré sa Mheitheamh gur chuidigh sí agus gur neartaigh sí le coireanna a fir. Triail na bhfíoras a rinneadh uirthi toisc nárbh fhéidir í a chur faoi thriail choiriúil de bharr a meabhairshláinte. Ní féidir príosún a ghearradh uirthi ach is féidir céimeanna eile a ghlacadh. Tá an breitheamh ag fanacht le tuairiscí faoina sláinte. Tá sise ag déanamh achomhairc freisin.
Tá iompar Donaldson cáinte ag polaiteoirí eile, iad go léir ag moladh an bheirt bhan agus ag guí biseach orthu. Bhí an DUP an-ghéar ar a iarcheannaire, ag rá gur thuill sé gach lá dá théarma príosúin.
Níl fianaise ar bith go raibh a fhios ag éinne san DUP gur phéidifileach é Donaldson ach tá amhras faoina raibh ar eolas faoina shaol drabhlásach. Rinne an scannal dochar mór don DUP agus is léir go bhfuil míshuaimhneas sa bpáirtí faoina bhfuil i ndán dóibh dá bharr.
Údar misnigh don bpobal agus do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis ab ea an cás seo. Níor chosain a stádas Donaldson ón gcinniúint a bhí ag dul dó, cúis iontaoibhe do gach éinne i riar na córa maidir le mí-úsáid ghnéis, coir atá ina cancar sa tsochaí. Is maith an oidhe é sin ar chrógacht na bpóilíní agus an ionchúisimh sa chás agus thar aon ní, ar mhisneach na beirte a fuair an chóir cé gur ar phraghas ard é.
Fág freagra ar 'Crógacht a chinntigh béim síos Donaldson'