Beithígh i ngarraí an Uachtaráin ach géimeanna gann sna cnoic

Ní dóigh go bhfuil an tUachtarán ábalta ar an gclimseáil [climirt]. Ina dhiaidh sin féin, is bean chathrach í. Is cinnte go raibh a muintir roimpi i gConamara ábalta ar an mbleán, agus ar an gclimseáil. Ach ní dóigh go mbeidh an ábaltacht sin ag teastáil ar aon nós ach a dtabharfar an tréad bheag […]

Beithígh i ngarraí an Uachtaráin ach géimeanna gann sna cnoic

Ní dóigh go bhfuil an tUachtarán ábalta ar an gclimseáil [climirt]. Ina dhiaidh sin féin, is bean chathrach í. Is cinnte go raibh a muintir roimpi i gConamara ábalta ar an mbleán, agus ar an gclimseáil. Ach ní dóigh go mbeidh an ábaltacht sin ag teastáil ar aon nós ach a dtabharfar an tréad bheag beithíoch ar ais sna páirceanna thart ar Áras an Uachtaráin. Chuile sheans gur beithígh sheasca a bheidh iontu.

Na Dexters, bó agus beithígh dhúchasacha.

Siad na Dexters is ansa leo i gcomharsanacht an Árais. In 2019 a tugadh an mianach sin ar an bhfód i bPáirc an Fhionnuisce. B’in é ré Mhichíl D. Ó hUigínn agus a bhean, Sabina. Tógadh an bheirt acu ar fheilmeacha beaga i gcontaetha an iarthair. Is dóigh ná a mhalairt gur thuigeadar go bhfuil an Dexter ar cheann de na mianaigh dhúchasacha beithíoch sa tír seo.

Rinneadh socrú sna blianta sin freisin go dtabharfaí cúpla capaillín de mhianach Chonamara go garrantaí Áras an Uachtaráin. Déantar malartú ansin anois idir na capaillíní agus na Dexters an tráth seo bliana. Is gearr go mbeidh an bhó bheag ar ais.

Is deacair a rá cén uair go barainneach ar bhain an Dexter a cáil amach mar bheithíoch fíorGhaelach. Sna blianta i ndiaidh 1800 a deir cuid acu, bhí sé níos gaire don bhliain 1900 a deir staraithe eile beithíoch. Ach glactar leis go forleathan gur as ginealas bhó Chiarraí (an Kerry cow) a tháinig an síol. Ag tráth éicint thaispeáin an eolaíocht go raibh mianach dá cuid féin ag baint leis an Dexter. Ach tuige ar baisteadh Dexters orthu?

De réir an tseanchais bhí fear a raibh an sloinne Dexter air ina ghníomhaire ag tiarnaí talún i dTiobraid Árann agus ar Oileán Dhairbhre i gCiarraí ag deireadh an ochtú céad déag. Thriail seisean pórú éagsúil ar bheithígh agus de bharr na gníomhaíochta sin a múnlaíodh beithíoch beag cruachúiseach a bhí ar an ainmhí ab fhearr a chruthódh ar thalamh treampánach, sléibhtiúil.

Bhaist saineolaí Albanach an t-ainm ‘Dexter’ ar na beithígh seo théis dó staidéar a dhéanamh orthu sna 1840idí. Chruthaíodh le himeacht na haimsire de bharr scrúduithe eolaíochta gur mianach dá chuid féin é an Dexter anois agus tá eagraíocht ar leith ann lena gcláraítear na beithígh seo.

B’fhéidir gur tráthúil go bhfuiltear ag tarraingt aird ar an Dexter mar go meastar go bhfuil sé ar an mbeithíoch is ábalta a sheasfadh amach an saol ar na sléibhte siar leis an Atlantach.

An bhfuil cruthúnas air seo?

Tá roinnt Dexters agam le tamall blianta. Má bheathaíonn tú Dexters go flaithiúil, ní eitíonn siad thú! Ar an taobh eile den scéal, má ligean tú amach an sliabh iad, imeoidh siad rompu go sona sásta. Is cuimhneach liom bliain amháin gur chuireadar an geimhreadh díobh amach go mí Feabhra gan aon bheathú le cois an ghreim cíbe ar shliabh Chonamara. Ach, ní ghabhfainn i mbannaí gur mar sin a bheadh i gcónaí. Braitheann roinnt ar an aimsir. Ach cheapfainn gur lú costas atá leo ná beithígh mhóra. Tá siad le moladh freisin ar chúiseanna eile daonna sna cnoic.

Taispeánann staitisticí oifigiúla go bhfuil laghdú mór ar an líon beithíoch atá ag na feilméaraí cnoc. I gConamara féin, tá titim 40% ar an líon beithíoch sna scór blianta idir 2000-2020. Samplaí:

Cloch na Rón – síos ó 477 go 281; Baile Conaola – síos ó 883 go 477; Corr na Móna – síos ó 1,048 go 750; An Mám – síos ó 482 go 90; Bun na gCnoc – síos ó 264 go 158.

Tuige?

Ag dul in aois atá pobal feilméarachta Chonamara agus i gceantair shléibhtiúla eile. In iarthar na Gaillimhe idir 2000-2020 tháinig méadú deich mbliana ar mheánaois na bhfeilméaraí. Tá a bhformhór sna seascaidí anois; ní aois í sin le bheith ag coraíocht leis na ba. Má buailtear beithígh tinn, nó má bhíonn siad á mbá ar an sliabh, níl an cúnamh ar fáil mar a bhíodh. Tá na daoine óga sna coláistí nó imithe uilig.

Beithíoch éadromchosach agus sothógtha é an Dexter atá stuama sna moingeanna. Ní loiceann sé nuair a dhéanann an lao climseáil air agus tá beannachtaí an Uachtaráin aige anois.

Fág freagra ar 'Beithígh i ngarraí an Uachtaráin ach géimeanna gann sna cnoic'