Seirbhís bhreise don Spidéal ar bhealach 424 Bhus Éireann

Beidh bus breise ann ag 8.10pm  agus tráthnóna ag 5.15pm ar bhealach an 424 idir Gaillimh agus Conamara

Seirbhís bhreise don Spidéal ar bhealach 424 Bhus Éireann

Cuirfear seirbhís bhreise bus ar fáil idir cathair na Gaillimhe agus an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe ón tseachtain seo amach. Is seirbhís bhreise ar bhealach an 424 a théann siar is aniar ón gcathair go ceantair fhairsinge Ghaeltachta iarthar an chontae.

Imeoidh dhá bhus ar bhealach 424 ó Stáisiún Ceannt i nGaillimh ag an am céanna ón 27 Meán Fómhair ar aghaidh, ag 5:15pm. Leanfaidh ceann amháin acu seanchúrsa an bhus siar chomh fada le Carna in Iorras Aithneach ach stopfaidh an dara ceann ag an Spidéal i gCois Fharraige.

Beidh an dá bhus ag freastal ar na stopanna céanna go dtí sráidbhaile an Spidéil – Sráid Phroinsias, Ospidéal na Gaillimhe, Lios Ealtan Bóthar na Trá, Bearna, agus na Forbacha. Bainfidh an bus breise an Spidéal amach ag 6.05pm agus stopfaidh sé ansin.

Beidh seirbhís nua maidine ann freisin, a fhágfaidh an Spidéal ag 8.10am, an t-am céanna a bheidh an bus ag teacht aniar as Carna i dtreo na cathrach. Fágann sé sin go mbeidh dhá bhus ann ón Spidéal soir agus iad ag freastal ar na Forbacha agus Bearna ag an am céanna.

Tá an pobal agus polaiteoirí i nGaillimh Thiar ag éileamh le tamall go gcuirfí le seirbhísí bus siar as Gaillimh ar Bhóthar Chois Fharraige. Dúirt an Teachta Dála do Shinn Féin Mairéad Farrell i mí Eanáir na bliana seo go gcaithfear déileáil le ceist an 424 “go práinneach” agus go bhfuil fadhbanna ann la fada an lá mar gheall ar an líon mór daoine a bhíonn ag iarraidh úsáid a bhaint as an tseirbhís.

Mhaígh sí go bhfuil comaitéirí á bhfágáil ar thaobh an bhóthair i nGaeltacht na Gaillimhe mar gheall nach mbíonn spás ar an mbus nuair a bhailíonn sé soir an Spidéal i dtreo na cathrach.

Cuireadh seirbhísí breise maidine le bealach an 424 i mí na Nollag 2023 ach dúirt Farrell nár leor iad le freastal ar an éileamh.

“Tá seirbhís iompair phoiblí atá rialta agus ar féidir brath air an-tábhachtach san obair seo. Faraor, ní féidir brath ar an 424, go háirithe na daoine atá sna Forbacha agus i mBearna a bhíonn thíos leis an easpa spáis níos minice,” a dúirt sí.

Bhí Farrell ag éileamh i mí Eanáir go gcuirfí seirbhís bhreise ar fáil ó Bhearna go Gaillimh. Dúirt sí go raibh díomá uirthi an uair sin nach raibh sé i gceist ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) athbhreithniú a dhéanamh ar an sceideal go dtí deireadh na bliana seo.

Imeoidh an bus deireanach as Gaillimh go Conamara ag 11:15pm ó Luan go hAoine agus ag 10pm Dé Domhnaigh. Níl aon athrú ar an gclár ama sin ar an leagan is deireanaí de sceideal an 424. Cuireadh tús an mhí seo caite le seirbhís phríobháideach oíche ó chathair na Gaillimhe siar. Tá an comhlacht Mac Donncha’s Coaches ag soláthar seirbhíse a dtugann siad ‘424N’ uirthi ar an Satharn, a fhágann Leitir Mealláin i gCeantar na nOileán ag 8pm agus a fhilleann ó lár chathair na Gaillimhe ag 2:30am.

Fág freagra ar 'Seirbhís bhreise don Spidéal ar bhealach 424 Bhus Éireann'

  • Pócaí folmha

    An glactar le cártaí saorthaistil ar an seirbhís nua 424N (McDonagh’s Coaches)?