Tá na tairiscintí a fuarthas do thógáil ‘Ionad Óige agus Oideachais’ ar láthair Choláiste Lurgan i nGaeltacht Chois Fharraige fós “á meas”.
Nuair a bheidh an chéim sin den phróiseas críochnaithe beidh “cás gnó críochnúil” le déanamh don togra mór athfhorbartha a bheidh “le cur faoi bhráid an Aire [Gaeltachta]” maidir le cinneadh a dhéanamh faoi “maoiniú don togra iomlán”.
Cuireadh €5.3 milliún ar leataobh i mBuiséad 2026, do thógáil an ionaid nua in Indreabhán.
Ceadaíodh deontas suas le €314,280 sa bhliain 2023 d’Údarás na Gaeltachta le hiarratas ar chead pleanála a réiteach don togra. Thug Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála don ‘Ionad Óige agus Oideachais’ i mí Iúil na bliana 2024 agus “leanadh ar aghaidh leis an próiseas deartha mionsonraithe” in 2025.
Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc gurb é Údarás na Gaeltachta atá ag bainistiú an phróisis tairisceana agus gur lorgaíodh na tairiscintí don obair thógála ocht mí ó shin.
“Táthar ag meas na dtairiscintí a fuarthas mar thoradh ar an phróiseas sin agus beidh cás gnó críochnúil don togra le cur faoi bhráid an Aire anois maidir le maoiniú don togra iomlán,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta.
Dúirt Údarás na Gaeltachta féin le Tuairisc go bhfuil “measúnú teicniúil agus airgeadais” á dhéanamh ar na tairiscintí faoi láthair agus go mbeidh gá “aontú a fháil leis na geallsealbhóirí maoinithe” agus an conraitheoir a roghnófar leis an obair a dhéanamh.
Dúradh go ndéanfaí ráiteas poiblí nuair a bheadh an próiseas ar fad “tagtha chun críche”.
Dúirt urlabhraí na Roinne Gaeltachta gur “croí-thogra” de chuid na Roinne é an tIonad Oideachais agus Óige in Indreabhán agus go mbeidh an t-ionad nua-aimseartha “ina acmhainn thábhachtach d’fhoghlaim na Gaeilge”.
“Beidh Coláiste Lurgan ag úsáid an fhoirgnimh nua le linn an tsamhraidh mar choláiste Gaeilge agus beidh Údarás na Gaeltachta á úsáid mar áis oideachais, óige agus pobail an chuid eile den bhliain,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne.
Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt, dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil an togra “thar a bheith tábhachtach” do Ghaeltacht Chonamara agus do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.
“Táimid ag coimeád súil air sin ach níl mé in ann aon rud a rá mar gheall go bhfuil cúrsaí tairisceana ar siúl ag an bpointe seo,” a dúirt Calleary le Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Bhí costas €10 milliún luaite leis an athfhorbairt ar an suíomh agus halla “ilfheidhmeach”, seomraí ranga, cistin, agus oifigí le tógáil ann. Beidh spás spraoi agus áit pháirceála taobh amuigh den fhoirgneamh. Dúradh cheana go rabhthas ag súil go mbeadh an foirgneamh nua tógtha faoi fhómhar na bliana 2025, ach tá an seanfhoirgneamh, a tógadh sa bhliain 1967, fós ina sheasamh.
Tá an t-ionad nua le bheith faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta agus tá Coláiste Lurgan le bheith ina phríomhthionónta ann le linn chúrsaí Gaeilge an tsamhraidh.
Bíonn na cúrsaí Gaeilge á reáchtáil i bhfoirgnimh réamhdhéanta agus i bpubaill shealadacha a chrochtar ag tús an tsamhraidh le tamall de bhlianta anuas.
Fág freagra ar 'Tairiscintí fós á meas d’obair athfhorbartha shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán'