Tús curtha leis an ullmhúchán don chéad bhabhta eile den phróiseas pleanála teanga

Chruinnigh na hoifigigh pleanála teanga, Údarás na Gaeltachta, agus Roinn na Gaeltachta le chéile i nGaillimh an leis na chéad seacht mbliana eile den phleanáil teanga a phlé

Tús curtha leis an ullmhúchán don chéad bhabhta eile den phróiseas pleanála teanga

Tá fógra le déanamh sna seachtainí amach romhainn ag Údarás na Gaeltachta agus ag Roinn na Gaeltacht faoin gcruth nua a bheidh ar an bpróiseas don dara tréimhse pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Tá tús curtha cheana leis an bpleanáil don chéad bhabhta eile den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht tar éis cruinniú idir Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, agus na hoifigigh pleanála teanga a bhí ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo caite.

Bhí deireadh le teacht leis an gcéad tréimhse pleanála teanga do na limistéir pleanála teanga is túisce a thug pleananna teanga isteach in 2025. Cuireadh síneadh dhá bhliain leis an tréimhse seacht mbliana sin, áfach, tréimhse a dtiocfaidh deireadh léi i mí na Nollag 2027.

Beidh pleananna nua ag teastáil sna naoi gceantar inar ceadaíodh ar dtús iad in 2018 don chéad tréimhse seacht mbliana eile. Tiocfaidh deireadh le sé phlean teanga eile a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2019 i mbliana. Cuireadh moill mhór ar an bpróiseas nuair nár foilsíodh athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga in 2023, mar a bhí beartaithe.

Bhí oifigigh pleanála teanga ó gach uile chearn den Ghaeltacht i láthair ag an gcruinniú a bhí ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo caite inar pléadh “creatlach” de straitéis nua le feabhas a chur ar an bpróiseas pleanála teanga ó cheann ceann na tíre.

Thug duine de na hoifigigh pleanála teanga a bhí i láthair ag an gcruinniú le fios do Tuairisc go raibh sé féin “an-dearfach” faoin gcéad bhabhta seacht mbliana eile agus gur éirigh go maith leis na hoifigigh pleanála teanga na dúshláin agus na deacrachtaí a bhí an-soiléir sna chéad seacht mbliana a chur in iúl d’oifigigh na Roinne agus an Údaráis.

Dúirt sé go bhfuil an chuma ar an scéal go gcuirfear “treoir náisiúnta” ar fáil do na hoifigigh pleanála teanga agus go mbeidh “uirlisí nua” ar fáil dóibh leis na pleananna atá le ceapadh as seo go dtí deireadh na bliana seo chugainn a chur i bhfeidhm.

Ní raibh aon chur chuige náisiúnta amháin ann nuair a réitíodh na pleananna teanga deireanacha do na ceantair Ghaeltachta, agus fágadh an obair sin faoi choistí deonacha pobail. Bheartaigh cuid acu sin pleanálaithe teanga gairmiúla a fhostú lena bplean a réiteach agus rinne an chuid eile an plean iad féin.

An geábh seo, agus cáilíochtaí sa phleanáil teanga ag roinnt oifigeach pleanála teanga iad féin, tá an seans ann go mbeidh athrú ar an scéal sin agus go réiteoidh na OPTanna iad féin an chéad phlean eile. Tá OPTanna eile ann nach bhfuil na cáilíochtaí céanna acu ach tuigtear do Tuairisc gur pléadh an fhéidearthacht ag cruinniú na seachtaine seo go gcuirfí oiliúint agus tacaíocht ar fáil dóibh leis an obair a dhéanamh.

Níos túisce i mbliana, glacadh le leasú ar an reachtaíocht Ghaeltachta a d’fhág go mbeidh cead ag Aire na Gaeltachta síneadh a chur le feidhmiú pleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga. Seacht mbliana a mhaireann na pleananna teanga ach tá sé de chumhacht ag an Aire “ré an phlean a fhadú go tréimhse nach faide ná naoi mbliana”.

Dúradh in athbhreithniú a choimisiúnaigh an Roinn ar na chéad deich bplean teanga Gaeltachta go raibh gá le hathrú ar an gcóras pleanála teanga sa nGaeltacht agus go raibh tuilleadh tacaíochta ón stát de dhíth.

Is iad na pleananna teanga atá ag dul in éag ag deireadh na bliana seo ná: Múscraí; Cois Fharraige; Na Déise; Cloich Cheann Fhaol; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, agus Loch an Iúir; Ciarraí Theas; Ciarraí Thiar, Maigh Eo Thuaidh; agus Maigh Eo Thiar.

Fág freagra ar 'Tús curtha leis an ullmhúchán don chéad bhabhta eile den phróiseas pleanála teanga'

  • Donncha

    Tuilleadh bruscar, mo leithscéal, comharthaíocht ar thaobh na bóithre?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    B’fhiú a gceart a thabhairt do na ceantair láidre agus do na ceantair laga araon atá istigh lena chéile faoi láthair faoin bpleanáil teanga chun a bpleananna féin a dhéanamh amach agus tacaíocht a fháil dá réir, más é sin is toil leo.
    Ní hionainn riachtanais Ráth Chairn agus riachtanais Bhaile Ghib, m.sh, cé gur cheart comhoibriú eatarthu a chur chun cinn go láidir.
    Ba cheart pleananna agus oifigigh pleanála teanga ar leith a bheith ag Ceathrú Thaidhg/Ros Dumhach agus ag an bhFód Dubh, áiteanna a bhfuil tumoideachas lánGhaeilge ar fáil, seachas iad bheith istigh le mórcheantar Iorrais i Maigh Eo, más é sin is toil leo.
    Is cinnte go bhfuil samplaí eile ann.
    Cad is dóigh libh?