Caint chontúirteach David Davis faoi dhlíodóirí agus an IRA

I 1989 dúirt Douglas Hogg go raibh dlíodóirí áirithe i dTuaisceart Éireann ‘róbháúil leis an IRA’. Is cosúil nár foghlaimíodh aon cheacht

Caint chontúirteach David Davis faoi dhlíodóirí agus an IRA

‘Mífhreagrach.’ ‘Contúirteach.’ ‘Náireach.’ Cuid den cháineadh ar an aithis a thug an feisire Parlaiminte Caomhach, David Davis do dhlíodóirí áirithe i dTuaisceart Éireann. Thagair an feisire do ‘dhlíodóirí IRA’ le linn na díospóireachta faoin mBille Oidhreachta i dtaca leis na Trioblóidí a bhí os comhair na Parlaiminte Dé Luain agus Dé Máirt seo caite. Dúirt Davis gurbh fhearr leis scrúdú neamhchlaonta an Choimisiúin Oidhreachta ar chásanna stairiúla ná iompar ‘IRA lawyers’ sna cúirteanna.

Ní nach ionadh ghoill an chaint sin go mór ar dhlíodóirí, grúpaí cearta agus ar mhuintir Pat Finucane. D’eisigh John Finucane, feisire Shinn Féin, dlíodóir, litir oscailte chuig David Davis ag éileamh go n-aistarraingeodh sé an masla agus go ngabhfadh sé leithscéal. Mheabhraigh sé don bhfeisire Davis gur maraíodh a athair, an dlíodóir Pat Finucane tar éis d’fheisire Caomhach eile ráiteas contúirteach a dhéanamh i dTeach na dTeachtaí. Dúirt Douglas Hogg, aire sóisir i rialtas Margaret Thatcher ar an 17 Eanáir 1989 go raibh dlíodóirí áirithe i dTuaisceart Éireann “róbháúil leis an IRA”. Ar an 12 Feabhra dhúnmharaigh dílseoirí Pat Finucane, iad ag maíomh go raibh sé san IRA.

Nocht fiosrú Stevens faoi chlaonpháirteachas gur oifigigh shinsearacha san RUC a thug an bharúil faoi dhlíodóirí a bheith róbháúil leis an IRA don Aire Hogg, a rinne é a athrá, go conspóideach sa Pharlaimint. Chinn John Stevens, iarcheannaire an Met, póilíní Londan, nach raibh bunús ar bith leis an mbarúil ach go raibh baint aige leis an dúnmharú.

Bhí caint scaoilte Douglas Hogg agus a thoradh uafásach ar intinn uachtarán Chumann na nDlíodóirí, Mark Borland a dúirt go raibh sé an-bhuartha faoi ráiteas David Davis. B’údar imní iad na ciallachais a d’fhéadfadh a bheith aige do bhaill an chumainn – na dlíodóirí – go háirithe i bhfianaise an teannais reatha i dTuaisceart Éireann. Tá trácht a luann dlíodóirí le grúpaí paraimíleatach nó le dearcthaí a gcuid cliant thar a bheith mífhreagrach, ar sé. Cothaíonn sé naimhdeas dóibh mar gheall ar a ndualgais ghairmiúla, a dúirt Borland agus baineann sé an bonn de na prionsabail bhunúsacha go mbeadh rochtain ar an gcóir agus meas ar riail an dlí.

I litir chuig an bhfeisire Davis, dúirt Kevin Winters, ceannaire KRW Law a bhíonn páirteach i roinnt mhaith de na cásanna oidhreachta, nach ngéillfidh siad d’imeaglú. Má ba é mian an fheisire faitíos a chur orthu, bhí sé fánach aige, arsa Winters. Líon beag comhlachtaí dlí a ghlacann páirt sna cásanna a raibh Davis ag tagairt dóibh; dúirt Winters ina litir go mbeadh a fhios ag daoine cé hiad na dlíodóirí a bhí i gceist cé nár ainmnigh an feisire aon duine.

Bhí Kevin Winters ina phrintíseach ag Pat Finucane agus taithí aige dá réir ar an gcontúirt a bhaineann le haturnae a lua le paraimíleataigh. Ag tagairt don bhfaisnéis mhíchruinn ón RUC a fuair Douglas Hogg, d’fhiafraigh Winters an bhfuair Davis treoir ó dhuine éigin sula ndearna sé a ráiteas gránna, contúirteach. Má fuair teastaíonn na sonraí ón dlíodóir agus mura bhfuair, teastaíonn freagraí uaidh faoi cad ba bhun leis an gcaint mhífhreagrach.

Is deacair réasúnaíocht David Davis a oibriú amach. Seacht mbliana ó shin bhí sé i láthair i gcúirt i mBéal Feirste chun a thacaíocht a léiriú d’iriseoir a gabhadh san éagóir i dtaca le fiosrú ar shléacht Loch an Oileáin. Ba é John Finucane dlíodóir an iriseora. Mheabhraigh sé do Davis gur mhór idir a thacaíocht do chearta íobartaigh agus do riar na córa n t-am sin agus an drochmheas dainséarach a léirigh sé sa Pharlaimint.

Ní raibh cúis ar bith nach mbeadh feisirí diongbháilte, teasaí fiú ina n-argóintí ar cibé taobh ar a raibh siad san díospóireacht. Ní hionann sin agus iad a bheith saor lena rogha rud a rá agus míchlú a tharraingt ar dhaoine i ngeall ar a ngairm. Ní duine gan taithí é David Davis. Is feisire Parlaiminte é ó 1987 agus is iarStátrúnaí é. Bhí sé ina fheisire nuair a rinne Douglas Hogg an ráiteas bladhmannach sular dhúnmharaigh an UDA Pat Finucane. Caithfidh sé gur thuig sé an dochar a bhainfeadh le dlíodóir a lua leis an IRA; trua nár shuim leis ceacht na staire.

Fág freagra ar 'Caint chontúirteach David Davis faoi dhlíodóirí agus an IRA'