Cé go labhraíonn an rialtas anseo go láidir faoi na huafáis atá á bhfulaingt ag muintir na Palaistíne i nGaza agus ar an mBruach Thiar, tá siad an-chúthail faoi ghníomhú dá réir, agus an chuma air go bhfuil eagla orthu an claonadh polasaí láidir pro-Iosrael san Aontas Eorpach a chur trína chéile.
Ar ndóigh, is beag an tionchar atá ag Éirinn, mar thír bheag imeallach, orthu siúd a dhúnann a súile ar an chinedhíothú, ar na maruithe agus ar an scrios ar fad, ach in ainneoin sheasamh ardmhoráltachta an Taoisigh, Micheál Martin, nuair a labhair sé leis na Náisiúin Aontaithe ar an gceist, is beag smaoineamh, má tá aon smaoineamh ann faoi na héilimh ba cheart a dhéanamh.
Na bunrudaí i dtús. Ghoid gluaiseacht lonnaitheoirí na hEorpa ó mhuintir na Palaistíne a dtalamh agus na slite maireachtála a bhain siad as an talamh sin.
Ar ndóigh, theith na lonnaitheoirí seo ó uafáis na hEorpa frith-Sheimítí, ó rabharta pogram a théann siar na céadta bliain agus a chríochnaigh le tubaiste dhaonna an Uilelosctha.
Ní mór é a rá go láidir, áfach: ba iad na hEorpaigh a rinne na coireanna sin, ní hiad muintir na Palaistíne, ní na hArabaigh ná na Moslamaigh. Ach is iadsan a bhfuil an praghas a íoc acu.
Ag deireadh an chogaidh thuig, agus tuigeann i gcónaí, Giúdaigh na hEorpa nach ndeachaigh stát ar bith chun cogaidh chun na Giúdaigh a chosaint. Agus i bhfianaise ar tharla ar feadh na gcéadta bliain bhí sé nádúrtha gur theastaigh stát dá gcuid féin uathu le go mbeadh barántas acu go mbeidís slán.
Ach in ionad feachtas a chur ar bun le stát Giúdach a chruthú san Eoraip, chuaigh na lonnaitheoirí go dtí an Phalaistín.
Sin í an éagóir.
Is gá deireadh a chur le cur faoi chois na bPalaistíneach, deireadh a chur leis na maruithe, deireadh a chur leis an gcinedhíothú, agus deireadh a chur leis an nglanadh eitneach.
Ach tá siad ann anois, is ní féidir filleadh ar an gcruth a bhí ar an bPalaistín roimh 1948. Agus sin é atá taobh thiar den argóint ar son dhá stát a chruthú: Iosrael agus an Phalaistín, taobh le taobh.
Ach mura mbeidh dhá stát ann, beidh stát amháin ann. An stát daonlathach nó stát bunaithe ar chinedheighilt is cur faoi chois na bPalaistíneach a bheidh sa stát sin?
Sa bhliain 1999 mhaígh an scoláire cáiliúil Palaistíneach, Edward Said nach raibh aon rogha eile ann seachas deireadh a chur le ceann amháin den dá pháirtí a bhí in iomaíocht lena chéile, agus gurb é an rogha sin an réiteach aon-stáit, ina mbeadh Iosraelaigh agus Palaistínigh ina gcónaí taobh le taobh i ndáiríre.
D’áitigh sé go gcaithfeadh a leithéid de stát a bheith daonlathach, go gcaithfeadh gach saoránach – Giúdach, Moslamach, Críostaí agus eile – a bheith comhionann, agus go gcaithfí cúiteamh a thabhairt dóibh siúd a díbríodh nó a ruaigeadh go héagórach as.
Mar a tharlaíonn tá macalla den dearcadh seo le tabhairt faoi deara i dtoghchán reatha Iosrael. Deir Iúsaf Diabairín, ceannaire na comhghuaillíochta Arabaí, an Liosta Comhpháirtíoch, an páirtí is mó in Iosrael, go mbeadh Palaistínigh ar saoránaigh de chuid Iosrael iad sásta glacadh le Gaza agus an Bruach Thiar mar chuid d’Iosrael dá mbeadh lánchearta saoránachta acu, ina measc cead vótála.
Ar an drochuair, ámh, chuir Lárchoiste na dToghchán cosc ar an Liosta Comhpháirtíoch páirt a ghlacadh sna toghcháin – sampla eile, ar ndóigh, de easpa daonlathais Iosrael – ach rialaigh an Chúirt Uachtarach i gcoinne an chinnidh sin. Beidh an páirtí ag seasamh sa toghchán.
Agus seans go mbeidh cothromaíocht na cumhachta aige. De réir na bpobalbhreitheanna ní bheidh móramh iomlán ag Netanyahu ná ag Gadi Eisenkot, an príomhiomaitheoir. Sa gcás sin bheadh sé riachtanach do Eisenkot tacaíocht a lorg ón eite chlé agus ó na Palaistínigh.
Deir Iúsaf Diabairín nach nglacfadh sé páirt oifigiúil in aon rialtas Iosraelach a mbeadh smacht aige ar Ghaza agus ar an mBruach Thiar, ach go bhféadfadh sé cabhrú le Netanyahu a chur as oifig ar an tuiscint go mbeadh feachtas ann le lánchearta saoránachta do na Palaistínigh a bhaint amach.
Bheadh dearcadh Diabairín ag brath ar dhea-thoil pháirtí Iosraelach éigin agus níl a leithéid de dhea-thoil léirithe riamh cheana.
É sin ráite, má bhíonn Eisenkot ag brath air bheadh cumhacht áirithe aige, agus tá sé i gceist aige an chumhacht sin a úsáid chun leas na bPalaistíneach, in Iosrael agus sna críocha gafa, a chur chun cinn.
Dála an scéil, ní hé Iosrael an t-aon stát Giúdach ar domhan mar a mhaíonn Netanyahu. Sa tSibéir in oirthear Chónaidhm an Rúise tá Réigiún Féinrialaitheach na nGiúdach, nó Oblast Giúdach, ina bhfuil Giúdais seachas Eabhrais ina teanga oifigiúil in éineacht leis an Rúisis. Bhunaigh an tAontas Sóivéadach an fostát Giúdach seo i 1931.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú, tuairisc.ie, Dé Luain, Deireadh Fómhair 26, 2026.
Ní hamháin gur ghoid na treallchogaithe Síónacha talamh áitritheoirí Arabacha na Talún Naofa, sular cuireadh Stát Iosrael ar bun sa bhliain 1948, ach go ndearna na treallchogaithe Síónacha imeaglú ar na hArabaigh roimh ré, agus nuair nár éirigh leis an imeaglú, rinne na treallchogaithe sléacht ar na hArabaigh, agus tá na Síónaigh á dhéanamh sin go dtí an lá atá inniu ann. Is fíor gur thacaigh cuid de cheannairí na nArabach leis na Naitsithe sa Dara Cogadh Domhanda. Bhí na Síónaigh féin ag cairdeasaiocht le Naitsithe roimh an Dara Cogadh Domhanda, mar go raibh súil ag na Síónaigh go dtabharfadh na Naitsithe cead siúil do na Giúdaigh as an nGearmáin go dtí an Talamh Naofa, agus go gcuirfí go mór le pobal ‘Giúdach’ na Talún Naofa ar an tslí sin. Is beag talamh de chuid na Talún Naofa ar i seilbh na Síónach a bhí, nuair a cuireadh Stát Iosrael ar bun sa bhliain 1948.
Na chéad Síónaigh, is aindiachaithe ba ea a bhformhór, agus is beag ar fad den dúchas Seimíteach a bhí ina gcuid fola. Ní ghlacann formhór na reiligiún Críostaí leis go bhfuil ceart ar bith ón mBíobla ag ‘Giúdaigh’ an lae inniu ar an Talamh Naofa, mar gur do shíol Abrahám a gheall Dia an Talamh Naofa [Geineasas 12: 7], agus go míníonn Naomh Pól gur tagairt d’Íosa Críost é sin [Galátaigh 3: 16]; agus dar ndóigh, formhór na nEabhrach aimsir Chríost, níor ghlac siad leis gurbh é Críost an Meisias a bhí le teacht. Na Mizrahim [Giúdaigh an Oirthir] a d’aistrigh go dtí Iosrael tar éis chogadh 1948-1949, b’Eabhraigh ó thaobh fola de ba ea iad siúd a d’aistrigh ón Iaráic, abair. Ach ní raibh spéis dá laghad ag na Mizrahim i dtosach sa Síónachas, ná in ‘athbheochan’, na hEabhraise, agus is mar ghramaisc a d’fhéach na Síónaigh orthu, mar gur Araibis a bhí ag na Mizrahim; is mar ghramaisc a d’fhéach na Síónaigh ar na hAisceanásaígh féin i dtosach, mar gur Giúdais a bhí acu seo. An t–údar Iosraelach, Shlomo Sand, ba í an Ghiúdais a bhí i dtosach aigesean, agus ba í a labhraíodh sé lena athair, ach d’éirigh an Ghiúdais an–mheirgeach ag Shlomo, nuair a cailleadh a athair. An chuid de phobal na Talún Naofa ba mhó a raibh ceart acu ar an talamh sin lenár linn, na Fellahin [focal a chiallaíonn ‘feirmeoirí’], ar de bhunadh na Sean–Eabhrach ba ea iad, is Moslamaigh a bhformhór mór sin sa lá atá inniu ann, agus chuir siad an teitheadh ar David Ben–Gurion nuair a tháinig sé siúd chucu, agus é ag stocaireacht ar son an tSíónachais.
Arsa Eoin Ó Murchú: ‘Agus i bhfianaise ar tharla ar feadh na gcéadta bliain bhí sé nádúrtha gur theastaigh stát dá gcuid féin uathu [ó na Giúdaigh] le go mbeadh barántas acu go mbeidís slán.’ Ní fíor sin. Formhór Ghiúdaigh an domhain, is i gcoinne Stát ‘Giúdach’ a chur ar bun sa Talamh Naofa a bhí siad. Bunaitheoir an tSíónachais, Theodor Hertl, is i gcoinne ‘athbheochan’ na hEabhraise a bhí sé. Is amhlaidh a mheas formhór mór na nGiúdach san am gur craiceáilteacht ba ea Stát ‘Giúdach’ a chur ar bun sa Talamh Naofa. A lán de Ghiúdaigh chreidimh Iosrael, ní thugann siad aitheantas do Stát Iosrael, mar go gcreideann siad go bhfuil sé in aghaidh a gcreidimh a leithéid de Stát a bheith ann, go dtí deireadh an tsaoil. Ní mó ná sin atá siad báúil le ‘hathbheochan na hEabhraise, mar go dtuigtear do na Giúdaigh chreidimh gur teanga chreidimh í an Eabhrais, agus nach teanga shaolta is ea í.
Is meascán mearaí is ea an Eabhrais athbheoite –– manglam ceart den Aramais, agus den Aisiris, ó thaobh an stóir focal de; agus manglam den Ghiúdais, agus den tSlaivis, ó thaobh na comhréire de. Bunaithe ar Eabhrais chreidimh Éimin atá foghraíocht na teanga athbheoite; is é sin le rá go bhfuil blas láidir Araibise uirthi.
Formhór Ghiúdaigh an domhain sa lá atá inniu ann, ní chreideann siad láidir go leor i Stát Iosrael chun go n–aistreoidís ann, agus go lonnóidís go buan ann. Le blianta gearra déanacha tá laghdú an–mhór tagtha ar phobal ‘Giúdach’ Iosrael. Is amhlaidh atá siad seo bréan bailithe den tsiorchogaiocht sa tír sin.
Ní dóigh liom féin go n–éireodh, mar réiteach, leis an aon Stát amháin daonlathach. Tá buaite ag an Iaráin ar Iosrael, agus ar na Stáit Aontaithe sa chogadh. Tiocfaidh deireadh le Stát Síónach Iosrael. Cá gcuirfear pobal ‘Giúdach’ Iosrael an uair sin? Tá Stáit Mhoslamacha mórthimpeall Iosrael nach ndearna iarracht ar bith den rath ar Arabaigh Ghaza ná an Bhruaigh Thiar a chosaint ar an gcinedhíothú. Ba í an Iaráin, agus Ansar Allah [Na hÚitithe] in Éimin, a rinne iarracht ar bith, le dealramh, ar mhuintir Ghaza agus an Bhruaigh Thiar a chosaint. Ba é aidhm na Síónach riamh Eretz Israel a chur ar bun; is é sin Mór–Stát Iosrael –– méadú faoina deich ar an talamh atá anois faoi Stát Iosrael. Is iad na Stáit Mhoslamacha nach ndearna aon iarracht chóir ar mhuintir Ghaza ná an Bhruaigh Thiar a chosaint ar an gcinedhíóthú: An Tuirc, an Éigipt, Stáit na Leithinse Arabaí, an Iordáin, agus an tSiria. Is é rud ba cheart a dhéanamh, ‘Giúdaigh’ chloíte Iosrael a aistriú isteach sna Stáit Mhoslamacha úd. Ós í an Tuirc an Stát is cumhachtaí ar fad orthu sin, níl aon bhaol go ligfigdh an Tuirc do na ‘Giúdaigh’ chloíte sin, Eretz Israel a chur ar bun i dtailte na Stát Moslamach úd, Stáit ar leis na Stáit Aontaithe a thacaigh siad nuair a tháinig an crú ar an tairne.
Eoin Ó Murchú
Níl a fhios agam ar léigh Séamus an t-alt. Deiirm go lom nach iad na Palaistoinigh a nbhi ciontach as an Uileloscadh is nach riabh se ceart gur iadsan a iocann as. Is san Eoriap ba cheart stát Giudach a bhunú.
Cinnte nior thacaigh móran Giúdaigh leis na Siónaigh roimh an Uile loscadh ach ina dhiaidh bhi athru at an scéal.
Ach arís an pointe: ní raibh an milleán ar na Palaistínigh. Ní raibh sé ceart a gcuid tailte a ghoid.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar fhreagra Eoin Uí Mhurchú, tuairisc.ie, Deireadh Fómhair 28, 2026.
Áitíonn Eoin Ó Murchú gur san Eoraip ba cheart stát Giúdach a bhunú; gur cinnte nár thacaigh mórán Giúdach leis na Síónaigh roimh an Uileloscadh; ach ina dhiaidh sin go raibh athrú ar an scéal.
De réir m’eolais–se, na geiteonna Giúdacha a cuireadh ar bun san Eoraip, nuair a bhí an Chríostaíocht i réim, ba iad ceannairí na nGiúdach féin a d’iarr go gcuirfí ar bun iad. Cén ceart a bheadh ag Giúdaigh na hEorpa go gcuirfí Stát Giúdach ar bun san Eoraip? Sular tháinig an daonlathas chun cinn, is iad gnáthmhuintir Chríostaí na hEorpa a bheadh thíos leis, dá gcuirfí Stát Giúdach ar bun.
Is Cigire de chuid na Roinne Oideachais ba ea Eoghan Ó Loingsigh, beannacht Dé lena anam.
Bhí post iarscortha ag Eoghan sa Ghúm, agus ba sa Ghúm a chuir mise aithne ar Eoghan. Ó Mhúscraí Uí Fhloinn ba ea Eoghan, ach níorbh í an Ghaeilge an chéad teanga aige. Ba ar Choláiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí i gCo. Chorcaí a cuireadh meánscolaíocht ar Eoghan, agus bhí sé in aon rang ansiúd le Frank Ryan. D’iompaigh Ryan amach ina Phoblachtach radacach ina dhiaidh sin. Tháinig suim sa Ghaeilge ag Eoghan agus é ar Choláiste Cholmáin. D’iarr sé ar a mhuintir Gaeilge a labhairt leis ag baile, agus thoiligh siadsan leis sin.
Thug Eoghan agus Tomás Ó Floinn turas ar Iosrael sa bhliain 1964, d’fhonn cúrsaí oideachais agus athbheochan na hEabhraise ansiúd a fhiosrú. Bhí Tomás ina Rúnaí Cúnta ar an Roinn Oideachais ó 1967 go dtí 1975, agus fear mór litríochta, agus léirmheastóireachta ba ea é, agus bhí sé an–ghníomhach i mbunú an Choiste Téarmaíochta. ‘Flann Mac an tSaoir’ an t–ainm pinn a bhí ar Thomás Ó Floinn, agus é i mbun léirmheastóireachta. Bhí an áirithe sin aithne agam féin ar Thomás, agus chuir seisean spéis, cuir i gcás, sa taighde a rinne mise ar Phairlement Chloinne Tomáis, agus go háirithe san áitiú seo agamsa gurbh é Dáibhidh Ó Bruadair, file, údar an Dá Leabhar.
Ar aon chuma, státseirbhíseach Iosraelach dá raibh Eoghan agus Tomás ag plé leis, le linn thuras na beirte ar Iosrael, d’fhiosraigh siad de conas mar a d’éirigh le Stát Iosrael a gcuid beartas polaitíochta a mhaoiniú. D’inis an státseirbhíseach Iosraelach dóibh, go neamhbhalbh, gurbh amhlaidh a dhéanadh buíonta bailithe airgid ar son Iosrael, iallach a chur ar Ghiúdaigh ar fud an tsaoil, a raibh aon speilp orthu, síntiúis a thabhairt, nó ba do lucht na speilpe ba mheasa é.
Is deachtóireacht eitnea–náisiúnaíoch é Stát Iosrael, agus bhí sé riamh mar sin. De réir dealraimh, tá céatadán an–mhór de shaoránaigh Ghiúdacha Iosrael ar son na mbeartas cinedhíothaithe ag na polaiteoirí Síónacha, go dtí an lá atá inniu ann. Tá an seanscéal cloiste againn go léir gur ghlac ‘na mílte is na mílte’ páirt in Éirí Amach 1916, ach tá a fhios againn nach fíor sin.
Is Marxach is ea Eoin Ó Murchú le fada riamh, agus ní dhéanaimse aon iontas de go dtagródh Eoin don oblast Ghiúdach atá i gCónaidhm na Rúise. Thacaigh an Rúis Shóivéadach le bunú Stát Iosrael i mblianta 1940, ach más ea, ní le gean do Ghiúdaigh na Rúise é sin, ach go raibh an Rúis Shóivéadach tagtha ar an tuairim gur an–slí ba ea é sin chun fáil réidh le pobal Giúdach na Rúise. Tá cuid de na Síónaigh á chuimhneamh sin i gcónaí don Rúis, agus is le deargnaimhdeas leis an Rúis, agus leis an gCónaidhm atá anois ann, atá maoinitheoirí Síónacha Donald Trump ag iarraidh cogadh na hÚcráine leis an Rúis a chothú. Agus ní hé é galar aon duine amháin é. Cuid mhaith de Stáit na hEorpa atá ag tacú le hIosrael inniu, is ar mhaithe leo féin é i gcúrsaí an gheilleagair, atá siad á dhéanamh sin. Lord Balfour abair, nuair a gheall sé siúd Stát Giúdach do na Síónaigh i dtosach an 20ú céad, ba d’fhonn a oiread Giúdach agus ab fhéidir a ruaigeadh as an mBreatain Mhór go dtí Iosrael é. Is mar Stát Eorpach i measc na dtíortha Arabacha, Stát a bheadh géilliúil do shean–impireachtaí na hEorpa, a thacaigh a lán de shean–impireachtaí na hEorpa le bunú Stát Iosrael. B’in é meon Theodor Herzl féin go díreach. Ba é Herzl bunaitheoir an tSíónachais.