Soithí, spaidhteanna feamainne agus scéalta gaisce – CLG na gcoláistí

Ní hé na rialacha nua a bheith faoi thriail amháin a mheallfadh duine go dtí na comórtais tríú leibhéal

Soithí, spaidhteanna feamainne agus scéalta gaisce – CLG na gcoláistí

Na himreoirí a thug Corn Mhic Shigiúir go Coláiste Phádraig i 1976- ní dhearnadh a leithéid roimhe ná ó shin. Ar gcúl (c/d) : Liam Kelly, Pat Ryan, Frankie Murray, Éamonn Whelan, Martin Nugent, Stephen O’Mahony, Pádraig Leydon, Michael Marron. Sa lár (c/d) : John Clarke, Paddy Henry, Seán McKeon, Peter Burke, Jack Fitzgerald, Dónal Brennan, Larry Kelly, Mick McElvanney, Tom Barden. Chun tosaigh (c/d): Seán Hegarty, Pat Donnellan, John McPartland, Pat McHugh (Cath.), Tomás Ó Fiach (Uachtarán), Dan O’Mahony (capt.), Malachy O’Rourke (Bainisteoir), Tom Maguire (Cisteoir), Tony O’Keefe, Paddy McGovern, Liam Whyte. Níl Francie Henry ná an traenálaí Pat O’Brien sa bpicitiúr. Buíochas le hOifig CLG, Ollscoil Mhá Nuad agus le Donal Mac an Ailín, údar an leabhair ‘The Cups That Cheered’.

Tá Sraitheanna Peile na gColáistí Ardoideachais ar bun le seachtain nó dhó anois. Is i gcluichí Roinn 1 na gcomórtas (Corn Uí Riain) amháin a bheas deis agaibh súil a chaitheamh ar na moltaí atá curtha chun cinn ag Grúpa Comhairleach Pheil Ghaelach CLG faoi chathaoirleacht Kevin McStay.

Tríd is tríd ardmholadh atá tuillte ag na hathruithe a mhol an coiste deireanach a bhí ag plé lena leithéid, ach bhí siad siúd a bhí timpeall an bhoird le McStay den tuairim go bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh fós faoin líon mór den phasáil láimhe agus den ‘sall agus anall’ atá le feiceáil i gcónaí sa gcluiche. Luaigh siad an laghdú a bhí tagtha ar scóráil cúl agus sin an fáth gur ionann é anois agus ceithre chúilín faoi na hathruithe atá molta.

Sin an t-athrú is suntasaí mar aon le cosc a bheith ar scóráil cúilín leis an lámh oscailte ach sa gcás nach bhfuil an pheil i lámha an scórálaí. Ní bheidh cead ag foirne ach an oiread í a phasáil ar ais i do leath féin den pháirc sa gcás gurb iadsan a chuir/thug trasna lár na páirce í.

Glacfar athchomhairle nuair a bheas na 15 cluiche i gCorn Uí Riain imeartha agus déanfar aon athruithe a mheastar a bheith ag teastáil sula gcuirfear na moltaí faoi chomhair na Comhdhála.

Má tá aon cheann de na cluichí sin i do chomharsanacht, mholfainn an deis a ghlacadh a dhul ag breathnú air. Ní hé na rialacha nua a bheith faoi thriail amháin a mheallfadh an duine, mar ar ndóigh bíonn ardchaighdeán i gcónaí ag baint leis an imirt sna comórtais tríú leibhéal. Is annamh nach mbíonn scata mór imreoirí contae san iomaíocht, All Stars san áireamh, agus maidir leis an ngéarchoimhlint – is féidir a bheith cinnte di sin freisin.

Ní leis an imirt idirchontae amháin a bhaineann na ‘spaidhteanna feamainne’! Cén nach minic le mic léinn ach tuairim 4 bliana ar a mhéid a chaitheamh san ollscoil nó sa gcoláiste, ba uathu siúd a bhí ann rompu a tháinig stair iomaíochta a n-alma mater agus fágfaidh siadsan sin ag an dream a thiocfaidh ina ndiaidh.

Tá 16 foireann san iomaíocht ar Chorn Mhuiris Uí Riain, an dara comórtas peile is mó le rá i Roinn an tríú leibhéal – Corn Mhic Shigiúir ar ndóigh an ceann is cáiliúla. Tá siúd linn ó 1911 nuair a cheannaigh an Dr. George Sigerson, Ollamh in Ollscoil BÁC an corn lena chuid airgid féin.

Ceann é atá a bhfuil a dhearadh bunaithe ar an soitheach a bhí á úsáid sa tír seo míle bliain ó shin agus a raibh ‘meadar’ mar ainm air. Soitheach adhmaid a bhí ann agus ba as a d’óltaí agus a choinnítí uisce nó bainne. Bhí a leithéid á úsáid go dtáinig an 16ú céad, go háirithe ag féastaí. D’imigh sé as faisean nuair a tháinig na Normannaigh agus a gcuid cleachtas fhéin a bhí níos galánta.

Ar ndóigh is é dearadh an mheadair freisin atá freisin Corn Mhic Cárthaigh.

Ós ag caint ar an iomaíocht tríú leibhéal, feicim go raibh ceiliúradh ar bun i Maigh Nuad arú aréir ar bhua Choláiste Phádraig i gComórtas Mhic Shigiúir 1976 nuair a thugadar ‘Meadar Sigerson’ leo den chéad uair ariamh.

Deich mbliana roimhe shocraigh Easpaig na hÉireann go dtiocfadh deireadh leis an lá go mba ábhair sagairt amháin a dhéanfadh freastal ar Ollscoil Mhá Nuad agus i 1968 ceadaíodh do mhná freisin céimeanna ollscoile a bhaint amach ansiúd.

Ba i 1972 a ceadaíodh isteach sna comórtais tríú leibhéal iad – gan san iomaíocht iontu siúd ag an am ach cúig ollscoil eile, Coláiste na Tríonóide, agus Ollscoileanna na Banríona, Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe agus Chorcaí.

Agus nach mba iad Má Nuad a thapaigh a ndeis – bhuaigh na hiománaithe Corn Mhic Giobúin 1972/73 agus arís an bhliain dár gcionn. Bhí cuid de mhór-iománaithe na linne sin ar an bpáirc acu, a gcaptaen Seán Stack as Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Paudie agus Willie Fitzmaurice Luimnigh, Paddy Barry Chorcaí, Seán Silke na Gaillimhe, Micheál Brennan atá in shagart paróiste anseo le m’ais i mBearna agus a chomrádaí Andy Fenton as Cill Tormóir a cuireadh i gcré na cille an tseachtain seo caite, trócaire Dé air.

Bliain bhisigh ab ea 1976 agus ba ar an lá atá curtha le mí Feabhra a bhuaigh peileadóirí Mhá Nuad Corn Mhic Shigiúir den chéad uair. Bhí glactha le hOllscoil nua Chúige Uladh sa gcomórtas faoin am sin, ach ba iad Má Nuad ba mhó a rinne gaisce lá na mbabhtaí ceannais nuair a thug siad liúradh d’Ollscoil na Gaillimhe 2-13 in aghaidh 0-9.

Ba é Peter Burke as Cluain Geise an naoscaire, d’aimsigh sé 1-6, ainneoin é a bheith ar dhuine de na himreoirí ba lú ar an bpáirc. Bhí fear eile as an gclub sin Tom Barden ar an bhfoireann freisin. Go deimhin ba ag contae Longfoirt ba mhó a bhí ionadaíocht uirthi, mar go raibh Mick McElvaney as Cluain Geise agus Tom Barden as Gránard sa lárlíne chosanta.

Bhí beirt Chiarraíoch ar an bpáirc, Antóin Ó Caoimh as Trá Lí, a bhfuil a mhuintir sáite go domhain i stair CLG an bhaile sin agus an chontae le fada – eisean ina rúnaí ar an gCoiste (1986-2002) agus ina Chathaoirleach ar Choistí Náisiúnta chomh maith le seasamh do Chiarraí ar pháirc na himeartha. Ba é Larry Ó Ceallaigh as Cill Chuimín an Ciarraíoch eile. Deartháir eisean le Seán a bhí ina Uachtarán ar CLG.

Fear eile a raibh clú agus cáil ar dheartháir dá chuid agus a bhí ina chaptaen ar fhoireann bhuacach Mhá Nuad 50 bliain ó shin ab ea an lánchúlaí Dan O’Mahony as Bealach an Doirín i Maigh Eo – tá sé tomhaiste agat, deartháir le John. Ba é Francie Henry as Baile an Chathail an Maigh Eoghach eile.

Gaeilgeoir líofa as Tuar Loistreáin i gcontae Shligigh ab ea Paddy Henry, fear ar chuir mé agallamh go minic air nuair a bhí sé ag imirt dá chontae agus do Chonnachta. I lár na páirce a d’imir Paddy agus Dónal Brennan as Coraidh sa gcontae céanna taobh istigh dó sa leathlíne thosaigh.

Ba as Cill Mhuire i gCorcaigh an báireoir Jack Fitzgerald. Bhí Éamon Whelan as Port Laoise ar fhoireann an chontae sin a bhuaigh ar Áth Cliath i gCluiche Ceannais na Sraithe Náisiúnta 1986. Ba as baile an Chabháin Paddy McGovern a bhí ina Ollamh san Ollscoil i Má Nuad ina dhiaidh sin. Ba é Martin Nugent as Éadan Doire in Uíbh Fhailí a scóráil ceann de na cúil ina mbua 2-5 in aghaidh 0-9 ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath sa gcluiche ceannais.

Tá beirt thosach le n-ainmniú fós agam agus a scéilín beag féin ag baint leo siúd. Ba é Pat Donnellan as Maigh Locha an lántosach ar dheis. Deich mbliana roimhe bhí muid ar mheánscoil le chéile.

Bhí Ollscoil Bhaile Átha Cliath chun cinn de chúilín agus an t-am caite i gCluiche Ceannais Sigerson 1976 nuair a chuir Pat an liathróid trasna a gcúl siúd – liathróid a chuir na cosantóirí chomh mór sin dá mbuille gur chuir duine acu ina eangach féin í.

An cúl sin a d’fhág an bua ag Má Nuad 2-5 in aghaidh 0-9.

Os cionn deich mbliana fichead ina dhiaidh sin, shiúil mé isteach in óstán i dTuaisceart Londan agus cé a d’fheicfinn i mbun comhrá le fear eile ach mo Phat breá. Chuir sé a chara in aithne dom. Nuair a luaigh sé an t-ainm bhí a fhios agam gurbh é siúd an John McPartland céanna a sheas lena ais ar imeall na cearnóige i bPáirc an Chrócaigh ar an 29 Eanáir 1976.

I gContae an Dúin a rugadh McPartland ach chaith sé formhór a shaoil i Londain áit ar imir sé agus ar thraenáil sé foireann peile na cathrach sin.

Má thugann do thuras trí Mhaigh Nuad tú as seo go ceann cúpla lá, caith súil isteach in óstán an bhaile – tharlódh gur ann fós dóibh. Aithneoidh tú iad. Grúpa seanriadairí a bheas ag piocadh liathróidí as na clabhtaí, ag scóráil pointí ón taobhlíne agus ag caint faoin lá ba mhó go dtí seo i stair pheile Choláiste Phádraig.

Cé a thógfadh orthu é.

Fág freagra ar 'Soithí, spaidhteanna feamainne agus scéalta gaisce – CLG na gcoláistí'