Seachtain mhór d’ógánaigh na Gaeltachta, ceannas Mhaigh Cuilinn agus fonn díoltais ar An Spidéal

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Seachtain mhór d’ógánaigh na Gaeltachta, ceannas Mhaigh Cuilinn agus fonn díoltais ar An Spidéal

Seachtain mhór d’ógánaigh na Gaeltachta

Bhí ceiliúradh mór i gCois Fharraige an deireadh seachtaine seo caite agus Craobh Mhionúir Peile ‘A’ na Gaillimhe buaite ag Micheál Breathnach den chéad uair le beagnach leathchéad bliain. Bhí bua cuimsitheach ag an gcumann ar Órán Mór-Mearaí i gcluiche ceannais an chontae agus cúil aimsithe ag Oliver Ó Suilleabháin, Eoin Ó Gionnáin agus Fionnán Ó Neachtain chun an chraobh a thabhairt siar thar dhroichead Abhainn Bhoth Loiscthe den chéad uair ó 1977.

Tá go leor cainte déanta faoin mbuíon ógánach seo a thug leo an Fhéile Náisiúnta cúpla bliain ó shin agus a raibh seisear den fhoireann a bhuaigh Dé Domhnaigh ar phainéal mionúir na Gaillimhe i mbliana.

Gaisce mór atá ann do chumann Gaeltachta an chraobh seo a bhuachan agus, mar a dúirt bainisteoir na mBreathnach, Tomás Ó Neachtain sa Connacht Tribune, beidh grianghraf den fhoireann anois crochta ar bhallaí na dtithe tábhairne sa gceantar as seo go ceann i bhfad. Beidh bliain nó dhó eile ann sula mbeidh cead isteach ag na gaiscígh chun iad féin a fheiceáil áfach!

Bhí ógánaigh ag ceiliúradh gaisce peile eile i gCiarraí i rith na seachtaine agus Corn Ruiséil, craobh faoi 15 scoileanna Chiarraí, buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Farasbarr ceithre chúl a bhí ag buachaillí na Pobalscoile ar Scoil na mBráithre, Trá Lí i gcluiche ceannais na Céadaoin.

Tá ceithre bliana déag ann ó bhuaigh an Phobalscoil an chraobh áirithe seo go deireanach agus má tá an fhoireann seo leath chomh maith is a bhí an ceann sin, tabharfar tuilleadh corn siar. Ar an bhfoireann bhuacach sin in 2012 bhí leithéidí Bhrian Uí Bheaglaoich, Mark O’Connor, Barry ‘Dan’ Ó Súilleabháin, Tom O’Sullivan, Conor Geaney agus formhór na n-imreoirí eile a chuaigh ar aghaidh chun Corn Uí Ógáin a bhuachan faoi dhó leis an scoil.

Stop ar bith le ceannas Mhaigh Cuilinn

Bliain mhór ab ea 2020 don domhan uile ach ní bhaineann an bhliain an croitheadh céanna as muintir Mhaigh Cuilinn is a bhaineann sí as go leor eile againn agus muid ag smaoineamh siar. Tá cúis mhaith leis sin mar is in 2020 a rug peileadóirí an cheantair greim ar Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe agus is ar éigean gur scaoil siad léi ó shin.

Ní raibh cluiche ceannais an chontae bainte amach ag fir Mhaigh Cuilinn ach uair amháin riamh roimh 2020 agus nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach i Staid an Phiarsaigh amárach ag 4pm, beidh sé ar an gcúigiú bliain as a chéile ag fir na Gaeltachta a bheith ag imirt sa gcluiche ceannais agus an séú huair in imeacht seacht mbliana.

Thug Maigh Cuilinn Corn Mhic an tSionnaigh leo in 2020, 2022 agus 2025 agus iad anois ag iarraidh dhá chraobh as a chéile a bhuachan den chéad uair.

Léiriú ar chumas agus ar cheannas Mhaigh Cuilinn sa gcomórtas é go bhfuil 42 cluiche imeartha acu i gcraobh na Gaillimhe ó thús 2020 agus gan ach trí cinn acu caillte – cluichí ceannais in aghaidh Chora Finne in 2024 agus 2023 agus cluiche leathcheannais in aghaidh an Chreagáin-Mhaigh Locha in 2021.

Níl cluiche caillte acu sa gcraobh ón gcluiche ceannais sin in 2024 agus cé go mbeidh leithéidí Robert Finnerty, John Maher agus Matthew Thompson ag imirt do Bhóthar na Trá, is beag duine nach gceapann go n-éireoidh le Maigh Cuilinn anocht. Is ar éigean gur tháinig aon fhoireann eile i ngiorracht scread asail do Mhaigh Cuilinn i mbliana. Bhí bua 21 pointe acu ar an gCreagán-Maigh Locha sna babhtaí ceathrú ceannais agus farasbarr 30 pointe a bhí acu ar Eanach Dhúin.

Bogadh an cluiche ceannais siar ó anocht go dtí tráthnóna amárach mar gheall ar Stoirm Boela agus shamhlófá gurb í an aimsir amháin a choinneoidh an corn ó Mhaigh Cuilinn an deireadh seachtaine seo.

Fonn díoltais ar an Spidéal

Lá mór eile do chumann Gaeltachta é an lá amárach i Staid an Phiarsaigh. Roimh an gcluiche ceannais sinsir, imreofar an cluiche ceannais idirmheánach ag 2pm agus An Spidéal ag tabhairt aghaidh ar Chathair Loistreáin.

Cothrom an ama seo trí bliana ó shin, a bheag nó a mhór, a chas peileadóirí an dá chumann seo ar a chéile go deireanach sa gcraobh ach ócáid an-difriúil a bhí ansin ón gceann a bheidh againn amárach.

Béal dorais sa Prairie a thug na foirne aghaidh ar a chéile i mí Dheireadh Fómhair 2023 sna babhtaí dícháilithe de chraobh shinsir peile na Gaillimhe. Agus na foirne ag iarraidh greim a choinneáil ar áit ag bord na mboc mór sa gcontae, coimhlint ghéar a bhí ann, mar a bheadh súil leis, ach d’fhág cúpla cúl ag Cathair Loistreáin gurbh iad fir thuaisceart na Gaillimhe a thug an lá leo agus a bhí slán bliain eile.

Díbríodh An Spidéal ó ghrád na sinsear ag deireadh an tséasúir sin ach lean Cathair Loistreáin iad síos go dtí an chraobh idirmheánach an bhliain dár gcionn.

Má bhí súil ag lucht leanúna na gcumann le haiséirí sciobtha ón ngrád idirmheánach, díomá a bhí i ndán dóibh. Chlis An Spidéal sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais in 2024 agus cé go ndeachaigh siad chomh fada le cluiche ceannais an chontae anuraidh, bhí briseadh croí i ndán dóibh agus iad cloíte i ngéarchoimhlint i gcoinne na Cealtraí.

Beidh an Spidéal ag súil go seasfaidh an taithí sin dóibh agus taispeántais mhaithe tugtha acu sna babhtaí díbeartha i mbliana agus Oileáin Árann, Naomh Micheál agus Mionlach curtha de dhroim seoil acu. Tá na himreoirí contae, Finnian Ó Laoi agus Liam Ó Conghaile, agus leithéidí Antaine agus Cillian Ó Laoi ag déanamh gaisce, chomh maith le captaen na foirne Liam Kelly. Tá Tomás Farthing tar éis cur leis an bhfoireann go mór chomh maith. Ainmníodh Farthing mar pheileadóir na bliana nuair a bhuaigh foireann mhionúir na Gaillimhe craobh na hÉireann in 2022 ach níor imir sé d’fhoireann fhásta an Spidéil go dtí i mbliana agus é in acadamh rugbaí Chonnacht roimhe seo.

Fág freagra ar 'Seachtain mhór d’ógánaigh na Gaeltachta, ceannas Mhaigh Cuilinn agus fonn díoltais ar An Spidéal'