Leagtha amach ag abairt chiotach? Cuir fios ar na póilíní gramadaí…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo, b’fhearr ligean do ‘phóilín gramadaí’ breathnú ar théacs ná téacs a fhoilsiú atá lán botún loighce

Leagtha amach ag abairt chiotach? Cuir fios ar na póilíní gramadaí…

Níl rud ar bith a mhilleann scéal maith orm ná cur síos ar ghluaiseachtaí atá lochtach nó, sa chás is measa, dodhéanta go fisiciúil.

An lá cheana agus leabhar á léamh agam in Ísiltíris – úrscéal faoin ngrá idir bheirt dhaltaí scoile aeracha, an rud is annamh is iontach – tháinig mé ar an abairt seo (liomsa an t-aistriúchán):

‘Tá sí ina luí sa leaba cheana féin nuair a thagaim amach as an seomra folctha, ag scrolláil ar a guthán.’

B’fhéidir nach bhfeicfeá céard atá cearr san abairt sin ar an gcéad radharc, ach cuirim geall go mbraithfidh tú go bhfuil sí ciotach ar bhealach éigin. Mothaím féin rud éigin cosúil le masmas i mo bholg agus meadhrán i mo cheann, amhail is gur bhog an talamh faoi mo chosa de bheagán.

Is éard a tharlaíonn san abairt thuas ná seo: tá an té a thagann amach as an seomra folctha ag scrolláil ar ghuthán an té atá sa leaba.

‘Tá sí ina luí sa leaba cheana féin, ag scrolláil ar a guthán, nuair a thagaim amach as an seomra folctha’, is dócha, a theastaigh ón údar sin a rá ach faraor géar ní raibh ceartaitheoir profaí níos fearr aige.

Bíonn an dara péire súl an-áisiúil i gcásanna mar seo. Admhaím láithreach go ndéanaim meancóga den chineál thuas mé féin. An lá cheana agus píosa á scríobh agam faoi chluiche dornálaíochta, scríobh mé:

‘Agus mé ag dreapadh isteach sa chró dornálaíochta, chuir mé na bindealáin timpeall ar mo rostaí.’

Déan iarracht é sin a dhéanamh san fhíorshaol, agus beidh tú leagtha amach agat féin sula mbeidh aon bhuille buailte ort ag do chéile comhraic.

Is breá le scríbhneoirí úsáid a bhaint as cónaisc chun, bhuel, abairtí a chónascadh. Ceapann siad go mbeidh cuma níos sofaisticiúla ar a bpíosaí dá bharr.

Ach brúnn an ‘agus’ sin ag tús m’abairte thuas comhuaineacht bhréige ar an aicsean. Ní féidir leat dreapadh isteach i gcró dornálaíochta agus bindealáin a chur ar do rostaí ag an am céanna.

An réiteach sa chás seo ná an focal ‘agus’ a bhogadh – ‘Dhreap mé isteach sa chró dornálaíochta agus chuir mé na bindealáin ar mo rostaí’ – nó, níos fearr fós, é a bhaint amach scun scan. ‘Dhreap mé isteach sa chró. Chuir mé na bindealáin ar mo rostaí.’ Sa chás deireanach sin, d’éirigh leat breis teannais a chur isteach san insint lena chois.

Tabhair ‘póilín gramadaí’ orm más maith leat, ach má bhíonn téacs breac le mionfhabhtanna, ní carn mionfhabhtanna a bhíonn ann a thuilleadh ach mórlocht.

Fág freagra ar 'Leagtha amach ag abairt chiotach? Cuir fios ar na póilíní gramadaí…'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tá géargá le Seirbhís Poilíneachta Ghramadach na Gaeilge.