“Chuige seo a bhailítí airgead an dreoilín,” a dúirt Seán Ó Cíobháin ina thuairisc bhreá ar chluiche ceannais an chontae 2001 ar Raidió na Gaeltachta an tráthnóna Domhnaigh úd i nDeireadh an Fhómhair nuair a ruaigeadh seana-phúcaí, nuair a fíoraíodh aislingí agus nuair a cuireadh uaisle na caide sa chontae fé chois.
Is mó dreoilín ó Bhúndún Mhóire go Cuas a’ Bhodaigh a chuaigh amach d’fhonn pinginí a bhailiú chun lamhnán muice nó chun máilín gaoithe na linne a cheannach do pheileadóirí na Gaeltachta. Is mó duine a shil allas agus braonaíocha fola i gcaitheamh na mblian chun go bhféadfadh na paróistí laistiar de Dhaingean iad féin a chur in iúl mar phobal trí chluiche na caide. De dhroim an allais agus na fola sin, bhí an Ghaeltacht ullamh ar an nDomhnach deireanach d’fhómhar 2001. Bhí a lá tagtha, a ndán le cur i gcrích. Ní cheilfí Corn an Easpaig Uí Mhuineacháin orainn mar a cheil na Crócaigh an bhliain roimis sin orainn é.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin ná go mbuaníodh cluiche agus bua an lae sin i bhfoirm amhrán a scrígh Garry McMahon, beannacht Dé leis. Tá tagairtí sa chéad véarsa den amhrán ‘Buaiteoirí Chraobh Chiarraí’ don loinnir aoibhinn gréine a bhí ar Staid an Ghearaltaigh do chluiche ceannais an chontae 2001. Is mó iar-chomhghleacaí go labhras leo an tseachtain seo faoi chéad-bhua na Gaeltachta i gcraobh an chontae agus, dála scata iarimreoirí, is beag is cuimhin le mórán acu faoin imirt féin. Tabharfaidh fodhuine éachtaint duit ar ghreamú iontach a dhein Darragh, nó ar phointe a fuair Dowdie sa chéad leath nó ar bháide Aodáin sa dara leath ach tá an dath agus an deimhnitheacht ag tréigint sa chuimhne le himeacht ama. Soitheach mór fada is an bainne i bhfad síos is ea tobar na cuimhne ar bhua na bliana 2001 inniu. Nach ait é, áfach, cuimhníonn an uile dhuine a labhair liom an tseachtain seo ar an ngrian a bheith ag soilsiú ar bhánta Chill Airne an lá buí aerach úd agus sinn go léir i mála an tsnátha ghil. Dá dtuigfimis i gceart é, bhíomar i gceartlár ré órga.
Tugann ócáidí ar nós cur i láthair leathama an lae inniu i gCill Airne deis dúinn go léir dul ar shodar síos bóithrín na smaointe. Caithfear an maoithneachas a sheachaint ar ais nó ar éigean ach is deacair éalú uaireanta ó chuid des na ceisteanna a eascraíonn as an seal seo i bpóirsí na cuimhne.
Cathain a stadann gasra nó buíon imreoirí de bheith ina bhfoireann?
Cad is foireann ann?
Is aisteach agus, ar shlí, is mínádúrtha, an rud é foireann chaide, nach ea?
I gcúrsaí caide, baineann cruthú agus múnlú foirne le pearsantachtaí agus tuairimí bhuíon mhór imreoirí a bheith fite agus sníofa le chéile agus duine éigin (Séamus Jim Mac Gearailt i gcás na Gaeltachta) ag iarraidh a chur ina luí orthu go bhfuil tábhacht leis an aisling nó leis an sprioc atá á cur rompu. B’fhéidir, babhtaí, ná beadh puinn le rá ag cuid des na himreoirí seo lena chéile lasmuigh den imirt agus i gcásanna áirithe, b’fhéidir ná beidís rógheal lena chéile chuige.
Ach ar feadh seal ana-ghairid, éiríonn leis an bhfoireann díriú isteach ar sprioc áirithe, éisteann siad leis an nguth céanna, cruthaíonn siad sprid agus bráithreachas eatarthu agus, má ritheann leo, b’fhéidir, b’fhéidir go n-éiríonn leo cuimhne choiteann a chruthú a fhanann glé agus buan ina gcuimhne go deo. Nach shin é draíocht Chumann Lúthchleas Gael? Go bhfuil a n-áit féin, a mbuanaíocht féin, is cuma cé hiad féin, ar scéal agus ar dhán an Chumainn ó thús ama.
Téir go dtí aon chlubtheach sa tír agus chífir ar na fallaí ann, pictiúirí agus íomhánna d’fhoirne ar nós foireann na Gaeltachta 2001, atá díreach chomh tábhachtach agus chomh cumhachtach idir am agus áit don bpobal áirithe sin lena mbaineann siad. Gheobhair daoine ins na haon chumann a bheidh ábalta gach aon duine sna pictiúirí a ainmniú. Beifear ábalta a lochtaí agus a dtréithe a chur trí chéile agus na scéalta is fearr a insint faoin uile dhuine acu. Bíonn a lá agus a scéal féin ag gach foireann is cuma cé hiad féin.
Ní bhíonn ag gach aon fhoireann ach seal fé bhláth agus beagán ar bheagán scaoiltear na mogaill, bristear na nascanna a theannaigh le chéile iad agus scaiptear na himreoirí ar fuaid an domhain. Taibhsítear duit nuair a bhíonn tú ina lár istigh agus tú i mbláth na hóige gur leat na laethanta órga agus go bhfuil na céadta cluiche romhat amach le buachtaint. De phreib, bíonn na cluichí go léir laistiar díot agus tú ag áireamh, ag cíoradh is ag scagadh na gcluichí idir bhris agus bua i dtigh tábhairne éigin.
Tá an bheirt a bhí ag imirt ar na cliatháin againne cúig bliana fichead ó shin, Caoimhín Breathnach Bhaile na bhFionnúrach agus Rónán Ó Flatharta Thíorabháin ar deoraíocht le blianta i Meiriceá. Tá an fear a bhí i lár baill eatarthu i 2001, Tomás Ó Sé Ard a’ Bhóthair tar éis foireann Chiarraí a stiúradh chun craobh fé fiche bliain na hÉireann a bhuachtaint níos luaithe i mbliana.
Dála na haon chlub eile ar fuaid Éireann, tá coraí crua an tsaoil gafa chughainn agus tá a lorg fágtha ag an mbás féin ar phainéal ár ré órga. Beannacht Dé leo siúd go léir atá sleamhnaithe leo.
Leanfaimid ár gcaptaen Micí Ó Conchúir amach chun páirce ag leath-am inniu agus má fhéachaimid deas nó clé soir nó siar, chífimid daoine a thug fuil a gcroíthe don gclub le linn a laethanta ar an bpáirc imeartha agus tá a bhformhór tar éis níos mó ná san aríst a thabhairt ó chríochnaigh na laethanta imeartha céanna.
D’éirigh linn i ndeireadh thiar thall craobh uile-Éireann a bhuachtaint leis an gcéad ghlúin eile i bPáirc a’ Chrócaigh i mbliana agus, más aon cheacht a bhí le foghlaim againn as an mbua san, bhí go gcasann an roth i gcónaí, go mbíonn rudaí maithe mall agus, pé faid a thógann sé, go mbíonn lá eile ag an bPaorach.
Nílimid ag dul sa Dreoilín a thuilleadh chun na pinginí a bhailiú mar tá seans Dé linn go bhfuil urraithe fiala ar nós muintir Mhathúna inniu againn mar a bhí cúig bliana fichead ó shin. Tá seans, leis, linn go bhfuil daoine ar nós driothár an bhainisteora, Séamus Mac Gearailt, Tommy Jim, luite amach orthu féin ar son na cúise i gcónaí. “Más fiú é a dhéanamh in aon chor, is fiú é a dhéanamh i gceart” a deireadh ár gCathaoirleach in 2001, Liam Ó Rócháin, linn ón gcéad lá a thosnaíomair ag teacht go Gallaros agus tá an teachtaireacht chéanna á craobhscaoileadh inniu, mar a bhí ag Liam an uair úd, ag Fergal Ó Sé.
Go bhfága Dia againn iad go léir.
An Ghaeltacht go deo!
Foilsíodh an t-alt seo sa chlár do chluiche ceannais Chraobh Shinsir an Chontae i gCiarraí
Fág freagra ar 'An lá buí aerach úd a thug an Ghaeltacht Craobh Chiarraí leo den chéad uair'