Lá mór i dTír Oileáin, cath na gcomharsan in iarthar Mhúscraí agus fonn díoltais ar fhir Chois Fharraige

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Lá mór i dTír Oileáin, cath na gcomharsan in iarthar Mhúscraí agus fonn díoltais ar fhir Chois Fharraige

Lá mór i dTír Oileáin

Bhí píosa againn sa gcolún seo an tseachtain seo caite ag caitheamh súil siar ar an uair ar imir Galway United cluiche i gCorn UEFA ar an gCeathrú Rua dhá scór bliain ó shin. Caithfidh tú dul siar 35 bliain don uair dheireanach ar imir an fhoireann i gceann de chomórtais na hEorpa ach táthar ag caint arís i gCathair na dTreabh faoi aistear chun na mórthíre.

Bua iomráiteach na foirne i gCorn an FAI i 1991 a thug áit san Eoraip do Galway United agus tá an cumann anois ag fáil réidh do chluiche leathcheannais sa gcomórtas agus Derry City ar cuairt ar Pháirc Éamonn Deacy i dTír Oileáin tráthnóna (3pm, Beo ar RTÉ2). Má bhuann na Gaillimhigh, beifear ag déanamh ar Bhaile Átha Cliath agus ar Staid Aviva don chluiche ceannais ach mhaithfeá d’aon duine den lucht tacaíochta a bhí ag smaoineamh chun cinn ar thuras níos faide i gcéin an séasúr seo chugainn.

Beidh foireann Dhoire mar rogha na coitiantachta ach ní chabhróidh sé leo gur chinn imreoir dá cuid aighneas sa gcumann a chur os comhair an phobail arís an tseachtain seo. Bhí scéal mór ann nuair a d’fhill James McClean ar a chumann dúchais i mbliana ach níor imir iar-imreoir na hÉireann le Doire ó mhí Iúil agus aighneas mór ann anois idir é féin agus an cumann. Deirtear go ndearna Doire iarracht conradh McClean a bhriseadh agus é ráite gur fhág gortuithe nach raibh sé in ann imirt a thuilleadh ach dúirt McClean i rith na seachtaine nach bhfuil sé sin fíor agus go bhfuil sé réidh le himirt. D’admhaigh McClean nach raibh cuid den mhéid a bhí le rá aige roimhe seo cóir agus leithscéal gafa aige ach seans go mbeidh leithscéal eile le déanamh aige agus an scéal curtha i mbéal an phobail arís aige cúpla lá roimh an gcluiche is mó i séasúr an chumainn go dtí seo.

Cluiche Gaeltachta na Seachtaine

Uíbh Laoire v Naomh Abán
Dé Domhnaigh, 2.00pm

Níl ach 60 nóiméad idir roinnt foirne Gaeltachta agus cluiche ceannais an chontae agus cumainn i gCorcaigh agus i nGaillimh ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo i mbabhtaí leathcheannais.

Beidh péire d’fhoirne Mhúscraí, Cill na Martra agus Naomh Abán, ag imirt i gcraobhacha Sinsir A agus Idirmheánach an chontae, faoi seach. Tabharfaidh Cill na Marta, a bhuaigh ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh coicís ó shin, aghaidh ar fhoireann eile a bhfuil aithne mhaith acu orthu, Éire Óg i gcluiche leathcheannais in Áth an Chóiste. Chas na foirne ar a chéile i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite agus an bua faighte ag fir na Gaeltachta. Tá an t-imreoir contae Colm O’Callaghan agus an t-iar-réalta Daniel Goulding ag dul go maith d’Éire Óg ach is í ceann Chill na Martra an t-aon fhoireann nach bhfuil cluiche caillte aici go dtí seo sa gcomórtas agus beifear ag súil go mbeidh sé sin fós fíor anocht.

Bhí díomá i ndán do mhná Naomh Abán an deireadh seachtaine seo caite agus iad cloíte i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir an chontae ach tá na fir ag iarraidh an cluiche mór idirmheánach a bhaint amach. Beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana ó Uíbh Laoire. Is iad fir Uíbh Laoire rogha na coitiantachta don chraobh ach bhí Naomh Abán ar fheabhas sna babhtaí leathcheannais coicís ó shin agus sé chúl scóráilte acu in aghaidh Mhaigh Chromtha, trí cinn acu aimsithe ag Dónal Ó Ceallaigh. Chlis ar Naomh Abán ag na babhtaí leathcheannais le dhá chraobh anuas ach beidh siad ag súil é sin a chur ina cheart amárach.

Thuas i nGaillimh, beidh curaidh na bliana seo caite, Maigh Cuilinn, ag imirt in aghaidh Eanach Cuain sna babhtaí leathcheannais den chraobh shinsir Dé Domhnaigh. Bhí tionchar mór ag Damien Comer ar aistear Eanach Cuain go dtí seo agus dul chun cinn gan choinne déanta ag an bhfoireann ach meastar go mbeidh Maigh Cuilinn rómhaith dóibh agus foireann Cathal Clancy ag gabháil ó neart go neart.

Beidh coimhlint níos géire sa gcraobh idirmheánach Dé Sathairn agus An Spidéal ag tabhairt aghaidh ar Mhionlach sna babhtaí leathcheannais. Tá An Spidéal ag iarraidh cluiche ceannais an chontae a bhaint amach don dara bliain as a chéile ach bhuaigh Mionlach orthu níos luaithe i gcraobh na bliana seo. Beidh fonn díoltais ar fhir Chois Fharraige a bhfuil an bheirt imreoirí contae, Finnian Ó Laoi agus Liam Ó Conghaile, ag imirt go maith dóibh.

Tá cluiche mór ag foireann Ghaeltachta i gcraobh idirmheánach na mban i nGaillimh chomh maith. Tá Bearna sa tóir ar áit sa gcraobh shinsir agus iad ag imirt in aghaidh Thuama-an Chartúin i gcluiche ceannais an chontae tráthnóna ar an Fhairche.

Ó dheas arís i gCiarraí, casfaidh Cumann Caide na Gaeltachta ar Chiarraí Thuaidh i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir an Chontae. Rinne an Ghaeltacht teacht aniar in aghaidh an Teampaill Nua sa gcéad bhabhta seachtain ó shin agus cúl an bhua scóráilte ag Cian Mac Gearailt ag fíordheireadh am breise.

Tá gortuithe ag cur as do chuid mhaith d’imreoirí na Gaeltachta, áfach, go háirithe i measc na dtosaithe. Tá Ciarraí Theas, a bhuaigh go cuimsitheach ar na Gaeil an deireadh seachtaine seo caite, láidir sa gcosaint agus lánchúlaí Chiarraí, Jason Foley i measc na gcosantóirí acu. D’aimsigh duine eile acu, Eddie O’Sullivan, dhá chúl sa gcluiche i gcoinne na nGael ach is é Cormac Dillon, a d’aimsigh seacht bpointe sa gcluiche céanna, naoscaire na foirne.

Fág freagra ar 'Lá mór i dTír Oileáin, cath na gcomharsan in iarthar Mhúscraí agus fonn díoltais ar fhir Chois Fharraige'