Tá sé ráite ag taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide nach leor an méid atá leagtha amach sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus go bhfuil idirghabháil dhíreach ón rialtas ag teastáil.
Tá sé mar sprioc sa ráiteas, a foilsíodh i rith an tsamhraidh, oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch na Gaeltachta a chosaint ach deir na taighdeoirí nach mbainfear an sprioc seo amach gan beart ón rialtas.
Molann údair an staidéir go mbeadh ceangal níos daingne “idir polasaithe pleanála tithíochta agus polasaithe pleanála teanga” agus go bhfuil deis ann an ráiteas náisiúnta pleanála a uasdátú chun “cur chuige uile-Rialtais comhtháite a ghlacadh maidir le cosaint na Gaeilge mar theanga phobail do na glúnta atá le teacht.”
Ag tagairt d’fhógra i mBuiséad 2027 go raibh €1 milliún breise le cur ar fáil chun cabhrú le daoine sa nGaeltacht “a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus a choinneáil,” dúradh gur bheag seans go n-éireoidh le beartais atá dírithe ar chúrsaí teanga amháin stop a chur leis an titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa nGaeltacht.
Tá an taighde bunaithe ar staidéar a rinneadh ar an ngéarchéim thithíochta i gCorca Dhuibhne.
“Léirigh an taighde difríocht shuntasach idir teacht isteach na ndaoine agus praghsanna na dtithe sa cheantar,” a dúirt Dr Ann Nolan, príomhthaighdeoir an tionscadail atá lonnaithe i Scoil na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Shóisialta i gColáiste na Tríonóide.
“Nuair a chuirtear é seo le heaspa tithe buanchónaithe mar thoradh ar thithe samhraidh agus ar thithe ar cíos gearrthréimhseach is bagairt é do thodhchaí phobal labhartha na Gaelainne in Iarthar Dhuibhneach,” a dúirt an Dr Nolan.
“Tá líon na dtithe saoire agus líon na dtithe atá ar cíos gearrthréimhseach i gceantair éagsúla in Iarthar Dhuibhneach níos airde ná líon na dtithe buanchónaithe, agus ba chúis mhór imní é seo dóibh siúd go léir a ghlac páirt sa taighde.”
“An rud is mó a tháinig trasna ó na rannpháirtithe ná an scéin a bhí orthu faoin méid a chaillfear má leanann an géarchéim thithíochta gan freagra láidir, comhordaithe, agus spriocdhírithe ón Rialtas. Ní inacmhainneacht na dtithe amháin a bhfuil muintir na háite buartha faoi ach faoi thodhchaí na Gaelainne mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht.”
Cuirfear réamhthorthaí an staidéir Ó Bhéal an Phobail: Tithíocht i nGaeltacht Chiarraí Thiar i láthair ag ócáid i mBaile an Fheirtéaraigh tráthnóna.
Fág freagra ar '‘Idirghabháil dhíreach’ ag teastáil ón rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht – taighde nua'