Deir Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil sé “dóchasach” go mbeidh “ardú mór” ar phota na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2028.
Tá cáineadh láidir déanta ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ar an méadú beag don teanga i mBuiséad 2027, a fógraíodh inné.
Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh inné i mBuiséad 2027 don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, ó €160 milliún go dtí €160.8 milliún.
Dúirt Dara Calleary go raibh an “deis” ann “ardú mór” a dhéanamh ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta anuraidh ach nach raibh an deis chéanna i mbliana aige. Bhí súil aige, a dúirt sé, go mbeadh a mhalairt de scéal arís ann an bhliain seo chugainn.
Ach dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur mhaígh an t-aire um an dtaca seo anuraidh nach raibh sa mhéadú suntasach (€23 milliún) ar phota na teanga a fógraíodh i mBuiséad 2026 ach “an chéad chéim” agus, in áit sin, gur “céim siar” a bhí sa mhéad a fógraíodh inné.
Dúirt de Spáinn gur “céim ar gcúl” a bhí i bhfógra an lae inné.
“Ní lá maith é seo, ná baol air. Gheall an tAire Gaeltachta anuraidh nach raibh san ardú €23m a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta do 2026 ach ‘an chéad chéim’. Bhí muid thar a bheith dóchasach mar sin, go dtiocfadh ar a laghad an méid chéanna sa bhreis i mbliana. Níor fógraíodh ach méadú an-bheag ar airgead reatha sa cháinaisnéis inniu.
“Ní hamháin go bhfuil deiseanna caillte ach beidh ceist ciorruithe i mbuiséid eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta áirithe ag teacht chun cinn arís. Beidh an Rialtas ag caitheamh céatadán níos lú de mhór-chiste an Stáit i 2027 (0.16%) i gcomparáid le 2026 (0.17%). Is ionann sin agus céim siar, in áit céim chun cinn. Níl sin sásúil. Níl sin dearfach.”
Dúirt Conradh na Gaeilge gur “tubaiste” don teanga a bhí sa mhéadú beag 0.5% ar bhuiséad na teanga, arb ionann é agus 0.01% den €8.5 billiún breise a fógraíodh sa bhuiséad.
Dúirt urlabhraithe Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh agus Conor D. McGuinness, gur údar díomá a bhí sa bhuiséad agus gur léirigh sé easpa dáiríreachta an rialtais i leith na teanga.
“Tá sé soiléir sa bhuiséad seo nach bhfuil Fianna Fáil ná Fine Gael dáiríre faoin ngéarchéim sa phobal teanga agus an gá dul i ngleic léi,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.
€5 milliún de laghdú a bhí ar bhuiséad caipitil an rialtais don teanga agus do na hoileáin, ó €55 milliún go dtí €50 milliún. Aistríodh an t-airgead sin go dtí caiteachas reatha, a mhéadaigh ó €105 milliún go dtí €110 milliún.
“Ag an am céanna, tá siad ag laghdú maoiniú caipitil na Gaeltachta fá €5 milliún. Conas is féidir tithíocht nó infreastruchtúr a thógáil sa Ghaeltacht agus níos lú airgid sa chiste?” a d’fhiafraigh Ó Snodaigh.
Dúirt an Teachta Dála Conor D. McGuinness nár mhór d’Aire na Gaeltachta a mhíniú “cén fáth go bhfuil pobal na Gaeltachta fágtha ar lár arís agus sinn in ainm is a bheith ag ceiliúradh 100 bliain ó aithníodh an Ghaeltacht go hoifigiúil don gcéad uair”.
“Cén fáth nach bhfuil réiteach ar bith molta sa bhuiséad seo don ghéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht nó chun dul i ngleic leis an meath in úsáid na teanga go laethúil?” arsa McGuinness.
Chosain Aire na Gaeltachta Dara Calleary soláthar an Rialtais don teanga in 2027.
Dúirt sé go raibh an buiséad is mó riamh ag an teanga anuraidh agus go raibh méadú i gceist arís i mbliana.
View this post on Instagram
Fág freagra ar '‘Faic’ i mBuiséad 2027 don Ghaeilge, dóchas ag Aire na Gaeltachta go mbeidh ‘ardú mór’ i mBuiséad 2028'