Tuairiscítear go dtabharfaidh an tUachtarán Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Oileán Thoraí agus ar Oileán Inis Bó Finne, dhá oileán Gaeltachta amach ó chósta Dhún na Gall ag deireadh na míosa seo.
Is é seo an chéad chuairt oifigiúil riamh ag aon Uachtarán na hÉireann ar Inis Bó Finne, oileán beag atá suite thart fá dhá mhíle amach ó ché Mhachaire Rabhartaigh.
Beidh turas níos faide le déanamh ag an Uachtarán Connolly chun Toraigh a bhaint amach, oileán atá suite naoi míle amach ó chósta Dhún na nGall.
Chan é seo an chéad uair d’Uachtarán na hÉireann cos a leagan ar an chreig i lár na farraige.
Thug iarUachtarán na hÉireann, Erskine Childers agus a bhean chéile Rita cuairt ar Oileán Thoraí sa bhliain 1973 – an bhliain chéanna a toghadh ina uachtarán é.
Le linn cuairt a thug sé ar an oileán, tógadh grianghraf de Childers agus dá bhean agus iad ag sú na gréine ar bharr na mbeann ar an Bhaile Thoir.
Tharraing an t-ealaíontóir iomráiteach Derek Hill, an té a bhunaigh scoil ealaíne Thoraí, pictiúr de Childers chomh maith agus é ina shuí ar leantóir an tarracóra ar thuras thart ar an oileán.
Bhí an deis ag Hill blianta i ndiaidh sin, pictiúr a tharraingt d’Uachtarán eile ar Éirinn a thug cuairt ar Oileán Thoraí san am a chuaigh thart, ach an uair seo bhí Hill agus a scuab phéinteála suite os comhair an chéad bhean riamh a toghadh mar Uachtarán ar Éirinn, Máire Mhic Róibín.
Bhí Máire Mhic Róibín ina hUachtarán na hÉireann idir 1990 agus 1997 agus thug sí cuairt ar Thoraigh sa bhliain 1995.
Dúirt staraí áitiúil ó oileán Thoraí le Tuairisc, go raibh an áit “dubh le daoine” nuair a bhí Nic Róibín istigh ar an oileán agus go raibh an banna ceoil aitheanta as Gaoth Dobhair, Clannad, ag seinmt cheoil ar an lá.
Ar na polaiteoirí eile a thug cuairt ar Oileán Thoraí i gcaitheamh na mblianta bhí an t-iarUachtarán Éamon de Valera, a bhí mar Thaoiseach na tíre ag an am ar bhain sé Toraigh amach.
Sa bhliain 1947, thug sé cuairt ar na Blascaodaí, Oileáin Aránn agus Oileán Thoraí agus é ar a chuid laethanta saoire ar bhord long a bhíodh ag Cabhlach Ríoga na Breataine, a raibh trialacha farraige á ndéanamh uirthi ag an am.
Tuairiscítear gur ar an Déardaoin seo chugainn, an 24 Meán Fómhair, a bheas an tUachtarán Catherine Connolly ag seoladh thar farraige chun cuairt a thabhairt ar na hoileánaigh.
Seolfaidh sí chomh maith Féile Dorn san Aer, féile i nGaoth Dobhair, in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí an lá dár gcionn, an Aoine an 25 Meán Fómhair.
Is é seo tríú bliain don fhéile seo in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, sárchraoltóir agus duine de mhórGhaeil a linne, a fuair bás in 2023.
Fág freagra ar 'Uachtarán na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar dhá oileán Gaeltachta i nDún na nGall'