Tá sé ráite “nach bhfuil bealach ar bith ann” go gcuirfear i gcrích in am obair an tascfhórsa atá bunaithe ag an Roinn Oideachais chun moltaí a dhéanamh maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge.
Tá sé i gceist go gcuirfeadh an tascfhórsa, a bunaíodh mar chuid den Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, a chuid oibre i gcrích faoi dheireadh mhí na Samhna i mbliana ach deir príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, ceann de na heagraíochtaí atá ar an tascfhórsa, nach bhfuil aon seans ann go mbainfear amach an sprioc sin.
Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin go bhfuil scóip an tascfhórsa i bhfad níos leithne ná mar a bhí beartaithe nuair a bunaíodh é anuraidh agus gur “liosta le háireamh na réimsí nach bhfuil aghaidh tugtha orthu go fóill”.
“Mo thuiscint a bhí ann ag an tús ná go raibh an tascfhórsa le díriú isteach go príomha ar cheist na n-aonad agus ansin ar bhunú gaelcholáistí ach tá gach uile rud curtha isteach faoi chúram an tascfhórsa – ceisteanna a bhaineann leis an chaighdeán a bheadh tú ag súil leis ó na múnlaí éagsúla, mar shampla. Táimid i bhfad ón sprioc a d’aithin muid ag leibhéal an tascfhórsa,” a deir Ní Ghréacháin le Tuairisc.
“Tá go leor plé déanta faoi go leor ábhar, cuir i láthair shuimiúla agus gach rud ach níl aon mholtaí á gcur chun cinn ag an bpointe seo. I gcás na mbunscoileanna Béarla atá le hiompú ina scoileanna Gaeilge, tá tuairisc curtha le chéile ina thaobh sin agus tá moltaí leagtha amach. Níl faomhadh air sin go fóill ach ag an bpointe seo, sin é an t-aon rud atá leagtha amach mar mholadh ag an tascfhórsa go dtí seo.”
Deir Ní Ghréacháin nach bhfuil sí dóchasach go mbainfear amach an spriocdháta chun an obair atá fós le déanamh a chur i gcrích taobh istigh de chúpla mí.
“Ní raibh mé ón tús agus seasaim leis sin. Níl bealach ar bith go mbainfí amach na spriocanna a leag an tascfhórsa amach dó féin.”
Tá amhras léirithe cheana ag eagraíochtaí faoi chur chuige agus faoi fhiúntas an tascfhórsa ach deir Ní Ghréacháin gur chóir coinneáil leis an obair, fiú má thógann sí níos faide ná mar a bhí beartaithe.
“Sílim gur peaca uafásach a bheadh ann dá gcuirfí deireadh leis an obair agus gan ach cuid áirithe di bainte amach. Sílim gur gá síneadh a chur leis, go ndéanfar beart de réir briathair agus go mbainfear na spriocanna amach.
“Tá obair an tascfhórsa róthábhachtach d’fhorbairt na hearnála, do thodhchaí an tsoláthair agus do na caighdeáin a bhfuil muid ag súil leo. Seo an t-aon deis a bhí againn riamh breathnú ag leibhéal polasaí ar fhorbairt na hearnála lasmuigh den Ghaeltacht. Ní féidir linn ach a chinntiú go mbainfear na spriocanna amach cibé cén fhad a thógann sé.”
I measc na n-éileamh atá ag Gaeloideachas i dtaobh an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge, táthar ag iarraidh go bhfreastalófar ar cheantair ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil éileamh iontu ar oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile. Deir Ní Ghréacháin freisin go bhfuiltear ag iarraidh go n-aontófaí conairí forbartha le haonaid Ghaeilge atá ag feidhmiú i scoileanna Béarla a chabhróidh leo athrú isteach ina scoileanna lán-Ghaeilge neamhspleácha. Tá sí ag iarraidh freisin go ndéanfaí forbairt ar mhúnla na scoile satailíte, faoina mbunófaí scoil a bheadh faoi chúram iarbhunscoil lán-Ghaeilge eile go dtí go mbainfí stádas neamhspleách amach.
Deir Ní Ghréacháin go bhfuil an easpa soláthair, go háirithe ag an iarbhunleibhéal, ag cur srian ar líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge.
Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc ón Roinn Oideachais gur thart ar duine as gach triúr daltaí gaelscoile sa stát a théann ar aghaidh chun freastal ar ghaelcholáiste. Athraíonn an ráta aistrithe ó chontae go contae áfach agus baint mhór ag na hathruithe sin leis an soláthar, a deir Ní Ghréacháin.
I mBaile Átha Cliath, contae ina bhfuil deich gcinn de ghaelcholáistí, chuaigh breis is 60% de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh chun freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge le cúig bliana anuas ach bhí an céatadán sin faoi bhun 5% i deich gcontae agus ag 0% i gceithre cinn acu – an Cabhán, Liatroim, Longfort agus an Iarmhí.
Deir Ní Ghréacháin go mbeidh céatadán tuismitheoirí ann i gcónaí a dhéanfaidh cinneadh gan a bpáiste a chur ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí gaelcholáiste ach gur “ceist soláthair atá ann go bunúsach” maidir le cén fáth nach bhfuil an ráta aistrithe níos airde.
Deir Ard-Rúnaí an Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, nach aon ábhar iontais iad na rátaí aistrithe ó ghaelscoileanna go dtí gaelcholáistí agus go bhfuil an easpa soláthair aitheanta le fada.
“Tá muide agus eagrais eile ag rá le fada go bhfuil tacaíocht agus plean forbartha cinnte ag teastáil don oideachas lán-Ghaeilge. Tá muid ag rá le cúig bliana déag go bhfuil an córas a cuireadh i bhfeidhm maidir le bunú scoileanna ag an mbunleibhéal, nó ag an dara leibhéal, míchothrom ó thaobh na scoileanna lán-Ghaeilge.”
Deir Ó hEaghra gur cuireadh an córas sin, a bhí bunaithe ar mhianta thromlach na dtuismitheoirí sa gceantar ina raibh scoil le bunú, i bhfeidhm mar gheall ar an bhfás déimeagrafach, ach go bhfuil an Roinn Oideachais anois ag rá nach féidir scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú mar gheall ar thitim dhéimeagrafach.
“Anois, tá an Roinn ag rá, de bharr go bhfuil titim déimeagrafach ann, nach bhfuil aon scoil nua le tógáil agus go bhfuil sé seo chun leanúint ar aghaidh ar feadh, cá bhfios, cúig bliana déag eile?
“Tá tú ag breathnú ar thréimhse 30 bliain b’fhéidir go bhfuil an Roinn Oideachais ag úsáid fás agus laghdú sna déimeagrafaic chun bac a chur ar bhunú gaelscoileanna nó gaelcholáistí.
“Tá muide ag rá ón tús, is cuma fás déimeagrafach nó laghdú déimeagrafach, níl an soláthar oideachais lán-Ghaeilge ann ar aon nós. Ba cheart go mbeadh an Roinn ag díriú ar conas rochtain ar oideachas lán-Ghaeilge ag an mbun- agus ag an dara leibhéal a chinntiú do pháistí na tíre seo.”
Tá an Foras Pátrúnachta ar cheann eile de bhaill tascfhórsa na Roinne agus deir sé go bhfuiltear ag iarraidh dul i ngleic leis an meon atá ann sa roinn “nach mbeidh na ranna airgeadais toilteannach maoiniú a chur ar fáil chun scoileanna lán-Ghaeilge neamhspleácha a bhunú mar gheall go bhfuil na déimeagrafaic ag laghdú.”
Maidir le hobair an tascfhórsa, deir Ó hEaghra go bhfuil a chuid imní “curtha in iúl go láidir” ag an bhForas Pátrúnachta.
“Ní hé nach dtuigeann an Roinn, ní hé nach dtuigeann an tAire [Naughton] ná an tAire Calleary, ná an Taoiseach féin, a bhí thíos i gCloich na gCoillte an lá cheana agus é ag caint ar ghaelcholáiste d’iarthar Chorcaí.
“Is rud amháin é na hairí nó an Taoiseach nó Teachtaí Dála a bheith ag teacht amach agus ag rá sin ach cá bhfuil an ceannasaíocht maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge. Má chreidtear go bhfuil sé de cheart ag páistí na tíre agus ag na tuismitheoirí atá á éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, is faoin rialtas é a rá ba chóir dúinn rud a dhéanamh faoi. Ba chóir plean cinnte a bheith ann agus an plean is fearr a bheith ann chun é sin a bhaint amach.”
Fág freagra ar 'Níl ‘bealach ar bith’ go gcuirfear obair thascfhórsa an ghaeloideachais i gcrích in am'