Ní théann ach duine as gach triúr daltaí gaelscoile sa stát ar aghaidh go dtí scoil dara leibhéal lán-Ghaeilge.
Der réir anailís nua atá déanta ag Tuairisc, chuaigh níos lú ná 35% den bhreis is 4,300 daltaí rang a sé i ngaelscoileanna an stáit ar aghaidh go dtí gaelcholáiste anuraidh.
Léiríonn anailís Tuairisc ar na figiúirí nua a fuaireamar ón Roinn Oideachais gurb ar éigean go bhfuil aon athrú tagtha le cúig bliana anuas ar céatadán na ndaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí scoil lán-Ghaeilge.
In 2020 35.7% de dhaltaí i rang a sé i mbunscoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a chuaigh ar aghaidh go dtí scoil dara leibhéal lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
In 2022 dúradh i dtuarascáil de chuid na Roinne Oideachais féin go raibh bearnaí móra sa soláthar gaeloideachais lasmuigh den Ghaeltacht.
4,723 dalta a bhí i rang a sé i ngaelscoileanna i Meitheamh 2020 agus 1,688 acusan a chuaigh ar aghaidh go dtí gaelcholáiste. Chuaigh 394 dalta ar aghaidh ó bhunscoileanna Béarla go dtí gaelcholáiste an bhliain chéanna.
4,331 dalta ar a laghad a bhí i rang a sé i ngaelscoileanna i Meitheamh 2025 agus 1,513 acusan ar a mhéad a chuaigh ar aghaidh go dtí gaelcholáiste.
(Níor chuir an Roinn Oideachais figiúirí beachta ar fáil d’aon chontae ina ndeachaigh níos lú ná cúigear ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí gaelcholáiste).
I mBaile Átha Cliath a bhí 77% den thart ar 1,500 dalta gaelscoile a chuaigh ar aghaidh go dtí gaelcholáiste anuraidh.
1,170 dalta a bhí i rang a sé i ngaelscoileanna Bhaile Átha Cliath i Meitheamh 2025 agus 714 acusan a chuaigh ar aghaidh go dtí gaelcholáiste.
Ní dheachaigh aon dalta gaelscoile ar aghaidh go dtí gaelcholáiste i ndeich gcontae anuraidh – Sligeach, Ros Comáin, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Maigh Eo, Longfort, Liatroim, Laois, an Cabhán agus contae an Chláir.
Níl aon ghaelcholáiste neamhspleách in aon cheann de na contaetha sin ná i dtrí chontae eile – Tiobraid Árann, contae Lú agus contae na Mí.
In ainneoin gur aithin an Roinn sa tuarascáil Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht go raibh easpa mhór ann ó thaobh an tsoláthair ghaeloideachais, dúradh chomh maith gur ar éigean go mbeidh mórán Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua á mbunú.
Dúradh go dtiocfadh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha agus an port céanna atá ag an Roinn Oideachais ó shin i leith.
Bhunaigh an Roinn tascfhórsa nua ag deireadh na bliana seo caite chun féachaint ar an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge.
Tá eagraíochtaí teanga agus oideachais ag éileamh le fada go mbunófaí córas ar leith do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua chun freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas tráth a bhfuil líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag titim den chéad uair le 50 bliain.
Údar mór díomá do lucht an ghaeloideachais go mbeadh an tascfhórsa ag féachaint ar “meicníochtaí” chun “méadú an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge a éascú” seachas a bheith dírithe ar phlean chun scoileanna nua neamhspleácha lán-Ghaeilge a thógáil.
Tuairiscíodh níos túisce i mbliana go raibh frustrachas ar bhaill an tascfhórsa féin faoi chur chuige na Roinne Oideachais agus ball amháin den tuairim go raibh “srian” curtha ar a chuid oibre.
Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, gur cuireadh “srian láithreach” ar obair an tascfhórsa nuair a thug an roinn treoir shoiléir dóibh nach mbeadh aon airgead ann do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua.
Tá múnla an aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla luaite ag an Roinn Oideachais mar cheann de na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ar fhadhb an tsoláthair in ainneoin gur mhol taighde a choimisiúnaigh an Roinn féin gur chóir an múnla a sheachaint.
Níl sonraí maidir le scoláirí a d’aistrigh go hiar-bhunscoileanna a bhfuil aonaid ná sruthanna lán-Ghaeilge acu san áireamh san anailís seo.
Sa tuarascáil a foilsíodh in 2022, léiríodh go ndeachaigh thart ar 12% de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh chun freastal ar aonaid in iarbhunscoileanna Béarla.
Gerry Sóna
I nDanmhairg ,in aiteanna, bíonn an bhunscoil agus an meanscoil ar an suíomh céanna.