Bhí neart ceoil, cainte, comhluadair agus ceiliúrtha ag Comóradh 100 Bliain Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, le déanaí
Chraol Michelle Nic Grianna agus Raidió na Gaeltachta ‘Barrscéalta’ beo ó Choláiste Bhríde agus cór Scoil Oilibhéar Pluincéid, Rann na Feirste ar an ardán
Coiste Choláiste Bhríde. Ar chúl ó chlé: Seosamh Mac Cionnaith, Pádraig Mac Conmhaigh, Conor Ó Fearáin, Peadar Ó Catháin, Frank Ó Maoláin (Cisteoir), Gearóid Ó Murchú, Brendan Ó Dufaigh. Chun tosaigh: Fiona Ní Chonaill, Lochlainn Mac an Chnoic (Rúnaí Cúnta), Séamus de Faoite (Rúnaí), Niall Ó Sluáin (Rúnaí), Teresa Mhic Alastair, Celia Ní Ghormlaith
Na fidléirí a ghlac páirt i gCeolta an Chéid in Áislann Rann na Feirste. Ó chlé: Peter Tracey, Dermot McLoughlin, Bríd Harper, Paddy Glackin, Paul Ó Shaughnessy, Dónall O’Connor, Eugene Mac Cionnaith agus Sinéad Mac Cionnaith. Rinne Hughie Antaine Neidí agus cuid dá mhuintir dearadh ar an seit mar theach lóistéirí
Paddy Glackin agus Dónall O’Connor ag seinm ag coirm cheoil an chéid. Tháinig Paddy go Rann na Feirste sna seascaidí faoi Scéim Scoláireachtaí na nGardaí agus is garmhac é Dónall le Pádraig Ó hUallacháin, an Rúnaí ar an Choláiste sna tríochaidí malla agus sna ceathrachaidí
Bronnadh bláthanna ar Triona Ní Dhomhnaill ón ghrúpa Skara Brae le linn na ceolchoirme. D’fhreastail sí féin agus a cuid siblíní uilig ar an Choláiste sna seascaidí malla agus a hathair, Hiudaí Mhicí Hiúdaí, Rann na Feirste agus Co. na Mí ag obair ann
D’aistrigh Jimmy Johnston an t-amhrán ‘Sarah’ go Gaeilge i 1976, amhrán a fuair sé ó fhadcheirnín Bob Dylan agus cheol sé é ag Ceolta an Chéid. Ba mhúinteoir damhsa é sa Choláiste
Eveleen Lunny, Bridín Nic Ionnraic, Gráinne (Lunny) Coffey, Róisin (Lunny) Dempsey, Aoife Nic Ionnraic – tríúr iníon de chuid Frank Lunny agus Mary Mhaggie a d’fhreastail ar an cheolchoirm. Is deirfiúracha iad le Dónall Lunny nach maireann agus le Manus Lunny a ghlac páirt sa cheolchoirm – iarscoláirí uilig agus a máthair as Rann na Feirste
Tina Charlie Mhicí Jimí Uí Bhaoill, Deirdre Rua Mhic Pháidín, Anne Marie Johnny Den Uí Shúilleabháin i gcuideachta Mhichelle Jimí Mhicí Jimí Mhic Grianna, bean a’ tí ag an cheolchoirm
Múinteoirí sna hochtóidí i gColáiste Bhríde ar ais ag Comóradh Céad Bliain na Coláiste. Ó chlé: Valerie Ní Chonaill, Mainistir Bhuithe, Paddy Flood, Muineachán, Brendan Ó Caoindealbháin, Droichead Átha, Eibhlín Mhic Aoidh, Béal Feirste, Caoimhín Mag Aoidh, Béal Feirste, Fiona Ní Chonaill, Mainistir Bhuithe, Fiona Ní Dhonnabháin, Droichead Átha, Reuben Ó Conluain, Baile Átha Cliath agus Machaire Rabhartaigh agus Síle Nic Eoin, Dún Dealgan
Niall Cissie Mac Eachmharcaigh agus Donnchadh Sarah Rua Ó Baoill a bhí mar threoraithe ag an tsiúlóid thart ar an bhaile
Seán Mac Corraidh, Coláiste Ollscoile Mhuire, Béal Feirste agus iarscoláire le Coláiste Bhríde ag ceol ‘Thíos i Lár an Ghleanna’ le linn na siúlóide
Damien Ó Dónaill, fear a’ tí sheisiún na léachtaí in Áislann Rann na Feirste agus Brendan Ó Dufaigh a thug an léacht, ‘Lóistéirí agus Scoláirí.’ Is as Muineachan Ó Dufaigh agus tháinig sé go Rann na Feirste a chéaduair i 1978
Feargal Ó Coigligh, Dún Dealgan, iarscoláire le Coláiste Bhríde agus Ard-Rúnaí sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a sheol an leabhar ar stair na Coláiste, ‘Ar Theacht an tSamhraidh’.
An t-údar, Breandán Ó Dufaigh ag síniú an leabhair, ‘Ar Theacht an tSamhraidh,’ do Mharcas Ó Murchú, ceoltóir agus iarscoláire le Coláiste Bhríde
Niall Ó Sluáin, cathaoirleach Choláiste Bhríde a thug léacht dar teideal ‘Gnéithe de shaol agus de shaol an Ath. Lorcán Uí Mhuireadhaigh’. Chuir Ó Sluáin eagar ar mhiontuairisisci Choiste na Coláiste agus tá siad foilsithe sa leabhar mar aguisín
Nollaig Mac Congáil, Doire, iarscoláire Choláiste Bhríde, cara mór de chuid Rann na Feirste agus Ollamh Emeritus, Ollscoil na Gaillimhe
Na hiarmhná tí a ghlac páirt i bPléphainéal na mBan a Tí in Óstán Chaisleáin Óir. Ó chlé: Nóirín Sheáin Uí Dhufaigh, Síle Bhidí Mhaggie Uí Dhochartaigh, Breandán Ó Dufaigh (fear a’ tí), Annie Mhicí Jimí Uí Dhuibheanaigh, Róisín Dónaí Mhic Giolla Cearra, Caitlín Nóra Frainc Uí Dhubhchaoin
Bhronn Teresa Mhic Alastair, ball de Choiste na Coláiste, bláthanna ar Annie Mhicí Jimí atá 89 mbliana d’aois. Bronnadh bláthanna ar an chúigear a bhí ar an Phléphainéal
Brendan Ó Dufaigh, Comhordaitheoir an Chomóraidh, John Anne Ó Dónaill, cathaoirleach Choiste Forbartha Rann na Feirste a chuir fáilte roimh na cuairteoirí uilig ag an cheolchoirm mar a rinne a uncail, Braighní Dhonnchaidh agus Iubhaile Airgid na Coláiste i 1951 agus Caitlín Nóra Frainc Uí Dhubhchaoin, iarbhean a’ tí. Tá lóistéirí i dtigh Frainc Chonaill go leanúnach ó bhí 1935 ann
Séamus de Faoite, Iúr Chinn Trá, Rúnaí Choláiste Bhríde, agus a bhean chéile, Mary Kate
Lochlainn Mac an Chnoic, Rúnaí Cúnta Choláiste Bhríde, agus a bhean chéile, Aisling. Bhuail siad le chéile a chéaduair ariamh ar chúrsa Samhraidh i Rann na Feirste
Gaolta iaroifigeach Choláiste Bhríde, Rann na Feirste. Ar chúl ó chlé: Colm Murray, col cúigir an Ath. Lorcáin Uí Mhuireadhaigh, bunaitheoir agus an chéad Uachtarán, (1926-41); Joe Sharkey, mac Ioseph Uí Shearcaigh, Rúnaí (1965-1983) agus Cisteoir (1965-73), Harry Murray, col cúigir an Ath. Lorcáin Uí Muireadhaigh; Darragh Hamill, garmhac Sheáin Uí Labhra, Uachtarán (1975-2015); Colin Pearse, garmhac Sheáin Mhic Mhaoláin, Comhbhunaitheoir (1926); Brendan Kindlon, garnia Thomáis Uí Chaoindealbháin, Rúnaí (1935-37); Diarmuid McAdam, mac Sheoirse Mhic Adhmaidh, Cisteoir (1960-65 and 1973-75); Feilim Borland, garnia Sheáin Mhic Mhaoláin; Lorcán Ó hUallacháin, mac Phádraig Uí Uallacháin, Rúnaí (1937-1948). Chun tosaigh: Aislinn Hamill, gariníon Sheáin Uí Labhra; Bronagh Hamill, iníon Sheáin Uí Labhra; Deirdre McAdam, iníon Sheoirse Mhic Adhmaidh; Una McAdam, iníon Sheoirse Mhic Adhmaidh; Róisín McGale, garneacht Sheáin Mhic Mhaoláin; Doireann Ní Uallacháin, gariníon Phádraig Uí Uallacháin.
Pat the Cope Ó Gallchóir agus a bhean chéile, Anne agus Éamonn Ó Cuiv agus a bhean chéile, Áine, ag dinnéar an Chomóraidh in Óstán Chaisleáin Óir, Anagaire, áit a raibh Ó Cuív ina aoi-chainteoir. D’oscail Pat the Cope an deireadh seachtaine oíche Aoine.
Bhronn Celia Ní Ghormlaith, ball Choiste na Coláiste, píosa dealbhóireachta ar Ghearóid Ó Murchú a bhí ina Chisteoir sa Choláiste ó 2000-2024. Sa phictiúr fosta tá: Brendan Ó Dufaigh, Séamus de Faoite agus Niall Ó Sluáin
Bhronn Celia Ní Ghormlaith, ball Choiste na Coláiste, píosa dealbhóireachta ar Niall Ó Sluáin a bhí ina Rúnaí sa Choláiste ó 1998-2022. Sa phictiúr fosta tá: Brendan Ó Dufaigh, Séamus de Faoite agus Frank Ó Maoláin
Chraol Raidió na Gaeltachta Aifreann comhcheiliúrtha beo ó Choláiste Bhríde. Ó chlé: an tAth. Nigel Ó Gallchóir, Sagart Paróiste, Anagaire (Máistir Searmanais), An tAth. Aodhan Ó Ceanáin, Sagart Paróiste, Ard an Rátha agus Cill Chluaine, an tAth. Lorcán Ó Searcaigh, Sagart Paróiste, Gleann Fhinne (a thug an tseanmóir mar a thug caoga bliain ó shin ag Iubhaile Órga na Coláiste), an tAth. Pádraig Ó Baoighill, Iarshagart Paróiste, Gaoth Dobhair, an tAth. Brendan Mac an Bhaird, Sagart Cúnta, Gaoth Dobhair, an Dr. Pilib Ó Buaigh, Easpag Emeritus Ráth Bhoth, an Dr. Donall Mac Eoghain, Easpag Emeritus Dhoire (Príomhcheiliúraí) agus an Dr. Seán Mac Giolla Riabhaigh, Easpag Emeritus an Droma Mhóir (a léigh an soiscéal). Tháinig na héidí sagart as Ardeaglais Mhic Chairtinn, Muineachán
Cuid den chléir i gcuideachta údar an leabhair, ‘Ar Theacht an tSamhraidh,’ Brendan Ó Dufaigh. Ó chlé: an tAth. Nigel Ó Gallchóir, an tAth. Lorcán Ó Searcaigh, an tEaspag John Mac Giolla Riabhaigh, an tEaspag Pilib Ó Buaigh agus an tEaspag Dónall Mac Eoghain
Druma Mór Rann na Feirste ag bualadh poirt i ndiaidh am aifrinn i gclós na Coláiste agus na sluaite cruinnithe thart
Buíon Ceoil Rann na Feirste ag bualadh poirt ar Ardán Mhic Chon Midhe agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Chuir an taispeántas ceoil deireadh le Comóradh Céad Bliain na Coláiste
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Comóradh céad bliain Choláiste Bhríde, Rann na Feirste'