Tá an duine deireanach a raibh agóid istigh aige in aghaidh sheachbhóthar nua na Gaillimhe tar éis an agóid sin a tharraingt siar as an Ard-Chúirt, agus an bealach anois réitithe don bhóthar nua.
Cheadaigh An Coimisiún Pleanála an seachbhóthar nua i mí Aibreán na bliana seo, tar éis plé 20 bliain faoin gceist. Cuireadh roinnt athbhreithnithe breithiúnacha in aghaidh an chinnidh ach tá gach uile cheann acu tarraingthe siar anois.
Sínfidh an bóthar ó cheann an mhótarbhealaigh M6 in oirthear chathair na Gaillimhe timpeall an taobh ó thuaidh, trasna Abhainn na Gaillimhe, agus siar go dtí an sráidbhaile Gaeltachta Bearna ar bhruach thiar na cathrach.
Ba é Shane Foran a chuir an agóid dheireanach isteach in aghaidh an bhóthair, fear a bhíonn ag feachtasaíocht ar son an taistil ghlais. Bhí imní ar Foran faoin tionchar a bheadh ag an mbóthar mór nua ar bhóithre atá níos lú ina thimpeall – go háirithe ar choisithe, rothaithe, agus daoine eile a bhíonn i mbaol mór ar na bóithre.
Ach dúirt sé agus an agóid tarraingthe siar aige go bhfuil sé sásta anois leis na geallúintí atá tugtha maidir le háiseanna rothaíochta agus siúil mar chuid den iarratas pleanála.
18km ar fad a bheidh an bóthar nua, agus táthar ag súil go leigheasfaidh sé na fadhbanna fadbhunaithe tráchta atá i gcathair na Gaillimhe. Tugadh cead don bhóthar den chéad uair in 2022 ach cuireadh an cead sin ar ceal nuair a tháinig sé chun solais nár chuir an Coimisiún Pleanála an Plean Gnímh um Athrú Aeráide san áireamh agus an cás á mheas aige.
Tá maoiniú €1bn curtha ar leataobh don bhóthar agus amscála trí bliana leagtha síos lena aghaidh. Tá an bóthar i measc na dtograí infreastruchtúir is mó a mheasann an rialtas a bheith tábhachtach, agus mar sin caitheadh tús áite a thabhairt don chás.
Tá fáilte curtha ag an Roinn Iompair agus ag Transport For Ireland roimh an scéala go bhfuil an agóid dheireanach tarraingthe siar. Dúirt príomhfheidhmeannach TFI, Lorcan O’Connor, gur “cloch mhíle shuntasach” a bhí ann agus go mbeidh an bóthar an-tábhachtach ní hamháin do chathair na Gaillimhe agus do réigiún an iarthair trí chéile.
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe a bheidh ag riaradh an tionscadail thar ceann an dá údarás áitiúla (Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus í féin) agus i gcomhpháirt le TFI.
Dúradh i ráiteas a d’eisigh an chomhairle contae go bhfuil siad “fós tiomanta” an seachbhóthar nua a chur i gcrích “taobh le feabhsuithe ar iompar poiblí agus ar an mbonneagar siúil agus rothaíochta”.
“Leanfaidh foireann na gcomhairlí agus foireann an tionscadail leis an gcaidreamh le húinéirí tí ar an mbealach atá beartaithe, ag cur faisnéise agus tacaíochta ar fáil dóibh de réir mar a leanann an plé ar aghaidh faoi cheannach a gcuid tithe.
“Le tarraingt siar na n-imeachtaí seo, tá deireadh anois le gach imeacht athbhreithnithe breithniúach a bhain leis an tionscadal, rud a cheadaíonn dó bogadh ar aghaidh go dtí na céimeanna deartha agus tógála,” a dúradh sa ráiteas.
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney go bhfuiltear ag súil anois go gcuirfear tús leis an obair thógála in 2028 “ar a dheireanaí”. Meastar go bhféadfadh an obair tosú an bhliain seo chugainn, áfach.
“Táthar ag fanacht rófhada leis an mbóthar seo. Is bonneagar ríthábhachtach é seo ní hamháin do chathair agus do chontae na Gaillimhe ach do réigiún an iarthair ar fad, cabhróidh sé le tranglaim thráchta a laghdú, gearrfaidh sé an t-am taistil, neartóidh sé nascanna, agus tacóidh sé le gnólachtaí agus le pobail,” a dúirt sé.
Deir lucht cáinte an bhóthair nach gcabhróidh sé le fadhbanna tráchta na cathrach a mhaolú agus go mbeidh tionchar mór aige ar an athrú aeráide.
Fág freagra ar 'An agóid dheireanach in aghaidh sheachbhóthar na Gaillimhe tarraingthe siar san Ardchúirt'