Tuigtear go heisiach do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin go bhfuil comharthaí na daonnachta aimsithe ag an Intleacht Shaorga i bhfoireann Údarás na Gaeltachta.
Tuigtear gur comhrá ‘breá tíriúil’ sa cheaintín sna Forbacha idir beirt fheidhmeannach shinsearacha a spreag fiosracht shaorga an AI.
Tuigtear gurb é a bhí i gceist ná comhrá nádúrtha i nGaeilge shoiléir intuigthe na Gaeltachta faoi cheapachán Éamon Fitzmaurice ina bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe.
Pléadh freisin an turas fada a bheadh ag an bpríomhoide scoile ón Daingean go dtí an Ghaillimh agus na costais taistil ‘an-deas’ a bheadh aige. Tuigtear gur deineadh tagairt chomh maith sa chomhrá don aimsir agus don Oireachtas a bheith ag filleadh ar Chill Airne.
Dúirt urlabhraí ón Údarás, a ghlac sos ó bheith ag fiosrú ‘uirlisí próiseála fíor-ama agus córais chliste freagartha don Ghaeilge’ chun ráiteas a chur ar fáil do Ar Son na Cúise, gur ‘botún daonna’ ba chúis leis an gcomhrá.
Tuigtear go bhfuil an bheirt fheidhmeannach a bhí i mbun comhrá fillte ar an obair agus iad ‘ag samhlú todhchaí ina mbeidh an Ghaeilge sa ghardaveain i saol na teicneolaíochta ag an staid ríthábhachtach seo don Ghaeltacht’.
Dráma nua ar TG4 – Tráma
Fear meánaosta é Daniel atá ag iarraidh dul i ngleic leis an tráma iarthráma atá ag dul dó ó chuir a mháthair iachall air ranganna consairtín a dhéanamh in aghaidh a thola nuair a bhí sé ina pháiste. Agus Daniel anois ag tarraingt ar an leathchéad tá sé céasta ag an alcólachas, an neamhord éigníoch dúghabhálach agus a fhaitíos neamhghnách roimh uirlisí saorfheaga. Ach tagann cor gan choinne sa saol nuair a thugann a iníon Sadhbh anuas ón áiléar an consairtín a scrios saol a hathar.
Trí cheo na mblianta tagann nótaí aduaine a óige chráite ar ais chuig Daniel, ach de réir a chéile, faigheann ceol diamhair consairtín Shadhbh an ceann is fearr ar chrá croí Daniel. ‘Both a brutal, heartwrenching exploration of intergenerational grief and a life-affirming celebration of the power of the concertina, Tráma, is a timeless story of the resilience of the human spirit with plenty of Irish to keep the natives happy,’ a deir rannóg cumarsáide TG4.
‘Smál’ fágtha ar bheár an Brehon ag daoine óga ón nGaeltacht
Tuigtear go mbíonn na daoine óga, atá ag fanacht i mbrú i lár Chill Airne, ag ól cocktails i mbéar an Brehon roimh Chlub na Féile
Tuairiscítear go bhfuil maithe agus móruaisle shaol na Gaeilge míshásta faoi ghrúpa daoine óga ón nGaeltacht, cuid acu a shíltear atá ag obair i monarcha éisc i gConamara, atá ‘ag baint de chaighdeán an atmaisféir sa Brehon’ ag an Oireachtas. Tuigtear go mbíonn na daoine óga, atá ag fanacht i mbrú i lár Chill Airne, ag ól cocktails i mbéar an Brehon roimh Chlub na Féile.
‘Bheadh sé chomh maith dom a bheith ag fanacht sa Gleneagle. Bhí siad ag úsáid an ‘C-fhocal’ mar théarma ceana ar a chéile! Ba chuma liom ach sílim gur oifigeach pleanála teanga a bhí i nduine amháin acu. Más é sin an cineál pleanála teanga atá againn, go bhfóire Dia orainn go léir.’
Diúltaithe ag Dunnes Stores do dhearadh chúisín Nollag ‘Foc an cúpla focal’

Fág freagra ar 'Comharthaí daonnachta aimsithe ag AI in Údarás na Gaeltachta'