Imreofar Babhta 5 den URC an deireadh seachtaine seo ach beidh na ceithre chúige d’uireasa imreoirí atá ar an bpainéal idirnáisiúnta. Seachas Cúige Mumhan b’fhéidir, foireann nach bhfuil ach beirt imreoirí á gcur ar fáil acu d’Andy Farrell, fágann sin iad ar fad sách lom don bhabhta seo. Má chuirtear na himreoirí a gortaíodh san áireamh, is cinnte go mbeidh na cúigí ar fad ag brath ar ógánaigh atá ar bheagán, nó go deimhin gan taithí ar bith ag an leibhéal seo.
Mar bharr ar an mí-ádh, caithfidh Cúigí Chonnacht agus Laighean cluiche idirchúige a imirt in aghaidh a chéile i Staid Dexcom anocht. Ochtar, an líon is mó ariamh, as Cúige Chonnacht atá ar an bpainéal idirnáisiúnta. Fágann sin go gcaithfear deis a thabhairt do chúpla imreoir nach mbeadh ag fáil seans de ghnáth i gcoinne na gcuradh, Cúige Laighean, go ceann tamaill fhada eile, ach níl an dara rogha ann.
Mar sin féin, tá Lancaster ar a mhíle dícheall ó tháinig sé go Gaillimh ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar ógánaigh chun doimhneacht a chruthú ina phainéal dá leithéid seo de lá. In ainneoin seachtar déag a bheith ar iarraidh ó Chúige Laighean, ní dóigh go bhfuil na deacrachtaí céanna taithí ag Leo Cullen, fear atá molta le fada an lá de bharr na doimhneachta atá cruthaithe aige ina phainéal féin. Mar sin féin, is cinnte go mbeidh sárchoimhlint ar an mBóthar Beag anocht. Beidh Cúige Chonnacht ag iarraidh leas a bhaint as buntáiste an bhaile. Tá mise sásta seans a thabhairt dóibh ach níl ann ach caolseans.
Is deacair seans ar bith a thabhairt do na hUltaigh amárach i gCape Town agus iad i gcoinne na Stormers, foireann atá sa gceathrú háit ar an tábla. Bhí Cúige Uladh breá sásta gur thug siad pointe bónais leo ón gcluiche i gcoinne na Bulls i mBabhta 4 ach d’fhág naonúr an campa i rith na seachtaine le filleadh ar Áth Cliath don champa idirnáisiúnta. Ní dóigh gur gá dom toradh a thuar!
Sa mbaile i Luimneach a bheas Cúige Mumhan amárach agus iad i gcoinne na Sharks, foireann atá sa gcúigiú háit ar an tábla. Tá borradh faoi na Sharks faoi láthair. Bhí an bua acu i dtrí chluiche as ceithre iarracht go dtí seo, ceann Bhabhta 4 an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Caerdydd agus iadsan sa mbaile, san áireamh. Sa naoú háit atá Cúige Mumhan agus iad ar thóir a ndara bua sa gcomórtas seo. Seans go bhfuil an t-ádh orthu nach bhfuil ach Tadhg Beirne agus Craig Casey leis an bpainéal idirnáisiúnta. Fós féin, ní bheidh sé éasca acu.
Fág freagra ar 'Na ceithre chúige d’uireasa imreoirí atá ar an bpainéal idirnáisiúnta'