Ar thuras chuig Tuaisceart na Gréige a bhí mé an tseachtain seo a chuaigh thart.
Bhí suim agam le fada in Alastar Mór agus ní hé an léiriú a rinne Colin Farrell air ba chionsiocair leis an tsuim sin.
Le fada an lá bhínn ag léamh leabhar taistil – Patrick Léigh Fermor, Paul Theroux, William Dalrymple agus a leithéid agus bhí an talamh seo i dtuaisceart na Gréige siúlta acu thar na blianta.
Níor cheap mé agus mé ag léamh faoi na mainistreacha thuas ar bharr bhinn sléibhe i gceantar Meteora, go mbeinn féin riamh i mo sheasamh ansin.
Mar sin, nuair a chonaic mé an bhileog ag fógairt seachtain saoire le Alastar, a athair, Pilib na Macadóine, na mainistreacha sna sléibhte agus tuilleadh, ní fhéadfainn diúltú dó.
Bhíomar lonnaithe ar feadh na seachtaine i gcathair Thessaloniki agus ag imeacht amach beagnach chuile lá ar thurais lae éagsúla.
Caithfidh mé a admháil nach raibh a fhios agam go dtí le gairid i gur tugadh an Ghréig le chéile in aon tír amháin de réir a chéile i rith an chéid seo caite agus an chéid roimhe sin agus go raibh ceantar mór an tuaiscirt (An Mhacadóin) agus cathair Thessaloniki leis, ina cuid den Impireacht Otamánach go dtí an bhliain 1913.
Nuair a bhí Alastar Mór i réim cúpla céad bliain roimh Chríost, d’fhorbair sé Impireacht na Macadóine a leathnaigh soir beagnach chomh fada leis an India.
Tháinig Impireacht i ndiaidh impireachta – bhí na Rómhánaigh anseo freisin.
Ba mhó mo shuim in Alastar ná in aon dream eile díobh. Cúpla seachtain ó shin nuair a thug mé cuairt ar Mhúsaem na Breataine i Londain thug mé cuairt ar na seomraí atá tiomnaithe dó.
Ní raibh a fhios agam an uair sin go mbeinn ag tabhairt cuairt ar an láthair inar chaith sé a óige, ar an láthair stairiúil inar chaith sé na blianta i mbun staidéir faoi Arastatal, ná fiú go mbeinn i mo sheasamh díreach i lár an chnocáin ina bhfuil taisí a athar, Pilib na Macadóine curtha.
Is dócha má bhí buaic ar bith in imeachtaí agus i radharcanna na seachtaine, ba í an láthair sin amuigh faoin tuath, an áit a dtángthas ar thuama Philib, an t-ardphointe.
Bhí a fhios ar feadh na mblianta cár chaith sé a shaol, agus bhí tuairim cá raibh sé curtha. Bhí a mhac Alastar imithe i bhfad soir ag cur tíortha agus pobail faoi smacht. Agus níl aon fhianaise go dtí an lá inniu a thabharfadh le fios cad a tharla do chorp Alastair féin.
Ach sa mbliain 1977, chuaigh seandálaithe ag tóraíocht faoi chnocán ar leith i gceantar Vergina agus ní fhéadfaidís a chreidiúint go raibh uaigh Philib aimsithe acu.
Agus an rud ab iontaí ar fad, nach raibh gadaithe ón seansaol, ná ó shaol an lae inniu, tar éis an tuama a mhilleadh agus an saibhreas a bhí istigh ann a ghoid.
Deirtear go bhfuil an t-éacht seandálaíochta sin sa dara háit ó thaobh tábhachta de, i ndiaidh aimsiú thuama Tutankhamun i 1922, san Éigipt.
An rud is suntasaí faoi, is dócha, ná go bhfuil an músaem agus tuama Philib in aon láthair amháin i Vergina, agus tá an saibhreas óir a aimsíodh ann – coróineacha, boscaí óir agus iarsmaí luachmhara eile a cuireadh san uaigh in éineacht leis, le feiceáil ar taispeáint sna seomraí taispeántais ar an láthair chéanna. Tá na doirse móra marmair fós ina seasamh mar a bhí nuair a chuaigh na seandálaithe isteach ann. Ach níor oscail siad na doirse – chuadar isteach ón mbarr, ag tochailt, píosa ar phíosa, go dtí go bhfaca siad an tuama thíos fúthu.
Tá creidiúint mhór ag dul do na húdaráis sa nGréig faoi gur fhág siad na hiontais seo ina n-áit féin agus gur thóg siad músaem speisialta thart orthu. Caithfidh an turasóir stró a chur air/uirthi féin le dhul ann agus iad a fheiceáil.
Chuamar i dtreo eile ar fad an lá ina dhiaidh sin. Ar ndóigh is í an Eaglais Cheartchreidmheach is mó a chleachtar sa nGréig. Agus is sórt lárionad do na mainistreacha ceartchreidmheacha í an tír anois. Bhí trácht ar feadh i bhfad ar na mainistreacha ar Shliabh Athos san oirthear. Cé nach bhfuil an t-ainm ‘Meteora’ i mbéal an phobail, aithnítear na mainistreacha atá suite ar bharr na sléibhte i gceantar Meteora mar iontais iontu féin.
Chomh luath agus a chuir mé pictiúr díobh chuig mo mhac d’aithin sé ar an bpointe gur úsáideadh na mainistreacha mar láthair scannánaíochta do For Your Eyes Only le James Bond. Agus luaitear freisin iad le ‘Game of Thrones’.
Nuair a leagamar súil orthu agus an chuma orthu go raibh siad ard sa spéir agus an chosúlacht orthu nach bhféadfadh an gnáth-thurasóir dhul chomh fada leo. Ach fág ag tiománaithe seanchleachta na Gréige é – thugadar suas an cnoc, thar choirnéil agus thar an trácht, muid agus ní raibh le dreapadh againn ach beagán le cois céad céim den staighre ansin.
Uair amháin bhíodh ar na manaigh nó go deimhin éinne a bhí ag iarraidh cuairt a thabhairt orthu, dul isteach i gciseán agus tharraingíodh duine eile suas go barr an bhalla iad. Tá an gaireas fós le feiceáil sa mhainistir ar thug muid cuairt air – sórt stáitse ag gobadh amach thar bhalla ard na mainistreach agus rópa a d’fhéadfaí a chasadh timpeall le hanla, leis an gciseán a ligean anuas nó a tharraingt aníos. Chuirfeadh an obair chrua sin ar fad drochmhisneach ar ghadaí, sin cinnte.
Agus muid ag tabhairt na sála linn soir trasna na tíre ar mhótarbhealach nua glan as an bpíosa, chaithfinn a rá go ndearna ballraíocht san Aontas Eorpach an-leas do mhuintir na Gréige. Bhí mana an Aontais le feiceáil go minic ar na forbairtí nua agus ar na músaeim éagsúla ar thug muid cuairt orthu. Chomh maith leis an ‘Metro’ nua ar ndóigh. Agus bhí ar a gcumas an Metro a thógáil agus déileáil leis na hiarsmaí seandálaíochta a fuaireadar le linn na tochailte, gan stró.
Ach bhí stair againn freisin a bhain le hatógáil na Gréige, agus stair a bhain le creidimh eile a bhí láidir ansin tráth – creideamh na Moslamach agus na nGiúdach. Ach beidh orm filleadh air sin lá éigin eile. Go minic, is é an rud nach bhfuil follasach, nó an rud nach dtugtar faoi deara, an rud is suimiúla ar fad.
Agus tá cuid de stair eile i Thessaloniki bunaithe ar ár scéal féin agus an fhianaise bhrónach le feiceáil sna reiligí míleata atá fágtha ann ón gcéad Chogadh Domhanda.
Fág freagra ar 'Odaisé sa nGréig le hAlastar Mór – seachtain i gcathair Thessaloniki'