Bhí Brian Ó Nualláin, a scríobh faoi na hainmneacha cleite Myles na gCopaleen agus Flann O’Brien, suite “ag crosbhóthar idir saol na Gaeilge, saol an Bhéarla, saol an Stáit agus saol na hiriseoireachta”.
Ní raibh sé i gceist ag Ó Conchubhair ar dtús ach caibidil amháin a scríobh. Bhí sé ag iarraidh cúlra níos leithne a thabhairt do An Béal Bocht, an t-úrscéal greannmhar inar chaith Myles na gCopaleen súil ghéar ar shaol na Gaeilge agus ar na híomhánna rómánsúla a luaitear leis an nGaeltacht.
De réir mar a chuaigh sé ar aghaidh leis an taighde, tháinig scéal i bhfad níos mó chun cinn. Ní hé amháin go ndéanann Ó Conchubhair athscrúdú ar a bhfuil scríofa cheana féin faoin Nuallánach, ach cuireann sé leis an taighde atá déanta roimhe seo.
Tá leabhair, aistí, litreacha, taifid oifigiúla agus ábhar cartlainne i nGaeilge agus i mBéarla curtha san áireamh aige sa leabhar. Ceann de na gnéithe is suntasaí den scéal d’Ó Conchubhair ná cé chomh lárnach agus a bhí an teaghlach i saol na Gaeilge.
“Is minic go mbíonn daoine ag rá go mbíonn Myles ag magadh faoin nGaeilge, ach tá píosa nó dhó scríofa aige faoin Oireachtas, agus faoi dhaoine ag teacht le chéile faoi Nollaig, atá an-ghoilliúnach agus pearsanta.”
Bhí baint ag a ghaolta le scoláireachtaí, leis an bhfoilsitheoireacht agus le forbairt na Gaeilge mar theanga scríofa.
“Is sampla iad de chlann uirbeach Ghaeltachta, tógadh iad ina nGaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath. Sampla d’íomhá na hAthbheochana – dá dtógfaí leanaí le Gaeilge san ardchathair cén glacadh a bheadh ag an rialtas agus ag An Gúm leo?”
Bhí Ó Nualláin féin i lár ghréasán cultúrtha na hÉireann. I rith a chuid ama san ollscoil, bhí aithne aige ar scoláirí agus scríbhneoirí a raibh tionchar mór acu ar litríocht agus ar shaol intleachtúil na tíre. D’aimsigh Ó Conchubhair ábhar ó thréimhse an dara cogadh domhanda, a léiríonn go raibh tóir ag cuairteoirí idirnáisiúnta air nuair a thagaidís go Baile Átha Cliath.
- “Le linn an Dara Cogadh Domhanda, ba é an duine ba cháiliúla i mBaile Átha Cliath é. Toisc go raibh Éire neodrach bhí neart fíona agus stéig le fáil i mBaile Átha Cliath agus bhí sé de nós ag iriseoirí ón New York Times, agus Los Angeles teacht ann. An té ba mhó a raibh tóir acu air ná Flann mar go raibh cloiste acu faoi agus faoina cholún ‘Cruiskeen Lawn’.”
Mar státseirbhíseach, thuig sé an córas ón taobh istigh ach ní hin le rá go raibh sé sásta le fealsúnacht an stáit agus ní raibh aon ghlacadh aige leis an mbréag-uaisleacht ná leis an gcur i gcéill.
“Bhí sé ina rúnaí ag Aire agus thuig sé go raibh cúl a chinn á thabhairt do hidéil na hAthbheochana. Bhí sé binbeach faoi sin ach mar oibrí stáit bhí air feidhmiú laistigh den chóras.”
“Bhí an oiread sin mascanna agus aghaidheanna fidle á gcaitheamh aige go bhfuil sé deacair a dhéanamh amach cé acu an ceann ceart. Bhí díomá air leis an stáit, agus ghoill sé air gur thréig an Stát fís na hathbheochana.”
Bhí a ildánacht mar scríbhneoir le feiceáil go soiléir i ‘Cruiskeen Lawn’, a cholún san Irish Times a scríobh sé faoin ainm Myles na gCopaleen.
“Chun ciall iomlán a bhaint as an gcolún, ní mór an nuachtán a foilsíodh an lá céanna agus an lá roimhe sin a léamh chun an comhthéacs a fháil. Nuair a chuimhníonn tú gur scríobh sé an colún sin ar dtús i nGaeilge amháin, ansin go dátheangach agus ina dhiaidh sin i mBéarla amháin ar feadh os cionn 20 bliain, is é an tráchtaireacht is cuimsithí atá againn den tréimhse sin é. Seasann sé an teist ama.”
Bhain conspóid leis An Béal Bocht i measc phobal na Gaeilge. Dar le Ó Conchubhair, rinneadh léamh róshimplí ar an saothar agus deir sé go gcaithfear an t-úrscéal a thuiscint i gcomhthéacs pholasaí an stáit i leith na Gaeilge ag an am agus an t-idéalú a rinneadh ar shaol na tuaithe sna 1940idí.
“Is minic go mbíonn daoine ag rá go mbíonn Myles ag magadh faoin nGaeilge. Ní raibh sé riamh sásta, bhí sé i gcónaí míshásta, ach bhí meas aige i gcónaí ar An Béal Bocht. Aon rud a bhí gar dá chroí ní fhéadfadh sé é sin a admháil go poiblí, chaithfeadh sé beag is fiú a dhéanamh de. Dá mbeadh meas aige ar rud thabharfadh sé deis do dhaoine é a ionsaí, más cuma leat faoi gach rud tá sciath agat.”
Bhí na híomhánna a cuireadh chun cinn mar léiriú ar an bhfíor-Ghaeltacht agus ar fhíor-Ghaeilge-achas á gceistiú aige ina chuid scríbhneoireachta. Chuir sé as dó go n-iompófaí an teanga ina siombail fholamh.
“Dhiúltaigh An Gúm do Bhrian Ó Nualláin faoi dhó. Dhiúltaigh siad do ‘Cruiskeen Lawn;, níor thaitin an meascán Béarla-Gaeilge leo, ní raibh an Ghaeilge sách glan agus níor thaitin an mugadh magadh, mar a chonaic siadsan é, leo.”
Deir Ó Conchubhair nach féidir scéal Flann O’Brien a scaradh ó stair na Gaeilge.
“Tá an Ghaeilge lárnach in At Swim-Two-Birds, agus i ‘Cruiskeen Lawn’ chomh maith. Tugann Flann O’Brien bheith istigh do phobal na Gaeilge sa nualitríocht.”
Tá deis ann do phobal na Gaeilge, a deir Ó Conchubhair, tuiscint bhreise a fháil ar shaibhreas na litríochta, ar an gcultúr agus ar an bpolaitíocht i saothar Flann O’Brien. Mura nglacann pobal na Gaeilge Flann O’Brien chucu, measann Ó Conchubhair go nglacfar leis mar dhuine a bhí ag caitheamh anuas ar gach rud a bhaineann leis an nGaeilge.
“Bhí ar phobal na hÉireann athghabháil a dhéanamh ar Joyce, tá ar phobal na Gaeilge athghabháil a dhéanamh ar Flann, tá cuid den obair sin ar bun ag Louis de Paor agus Ian Ó Caoimh. Tá athghabháil á déanamh ar Flann agus tá sé tábhachtach go mbeadh pobal na Gaeilge lárnach ansin.
“Tógadh le Gaeilge é agus is clann thar a bheith Gaelach a bhí iontu. Séard atá i scéal Flann ná scéal na Gaeilge agus na hAthbheochana.”
Fág freagra ar '‘Caithfidh pobal na Gaeilge athghabháil a dhéanamh ar Flann O’Brien’'