Ré Macron ag teacht chun críche agus ógánaigh na Fraince ag iarraidh saol níos fearr

Ó ghluaiseacht na 'gilets jaunes' tamall de bhlianta ó shin go dtí 'bloquons-les’ agus 'les lycéens', atá in ard a réime anois, tá meon i measc na bhFrancach go bhfuil caighdeán saoil ar leith tuillte acu

Ré Macron ag teacht chun críche agus ógánaigh na Fraince ag iarraidh saol níos fearr

Tá cáil riamh ar mhuintir na Fraince as a bheith tugtha don agóidíocht agus don chlamhsán. Cloistear faoi stailceanna rialta, fadhbanna caidreamh tionsclaíoch agus deacrachtaí buiséid. Ar chúis éigin glactar leis gur cuid den bhealach saoil atá acu go gcuireann siad a míshástacht in iúl ar bhealach glórach. Sin a fhágann coinníollacha pinsin agus fostaíochta acu a bhfuil go leor de thíortha na hEorpa in éad leo. Seachtain oibre níos giorra, ar scor níos óige, deis níos mó sásamh a bhaint as an ‘joie de vivre’ a luaitear leo.

Ó toghadh Emmanuel Macron ina uachtarán tá iarrachtaí go leor déanta na coinníollacha oibre sin a athrú ionas nach mbeidís chomh costasach. Sheas an pobal ina n-aghaidh do daingean. Ó ghluaiseacht na ‘gilets jaunes’ tamall de bhlianta ó shin go dtí ‘bloquons-les’ agus ‘les lycéens’, atá in ard a réime anois, tá meon i measc na bhFrancach go bhfuil caighdeán saoil ar leith tuillte acu.

Ní mór a rá gur meon í atá i measc na meánaicme agus daoine gairmiúla seachas an lucht oibre atá fágtha ar an ngannchuid agus a bhfuil faillí déanta ina a gcuid seirbhísí, ar nós an oideachais.

Tá gné nua ag baint leis na hagóidí atá ag bailiú nirt i mbliana. Tá ré Macron ag teacht chun críche agus de réir na bpobalbhreitheanna tá gach uile sheans gurb í Marine Le Pen a thoghfar ina comharba air.

Tá na páirtithe polaitiúla eile ag bunú cuid mhór dá gcuid feachtasaíochta ar cé acu is fearr a chuirfidh ina haghaidh agus a choinneoidh as pálás an Élysée í. Dá réir sin, tá sé curtha ina leith, go háirithe La France Insoumise ar an eite chlé faoi cheannas Jean Luc Melenchon, go bhfuil sé ag gríosú na ndaoine óga atá i mbun agóide.

Bhí físeáin ar na meáin shóisialta le gairid de na daoine óga sin ag fágáil na beatha a bhí goidte acu le taobh duine a bhí ina chodladh sa metro i bPáras. Níor leag aon duine a bhí ag dul thar bráid lámh ar an bhféirín a tugadh don duine bocht. Chuir an scrios a rinneadh ar halla na cathrach olc agus alltacht ar go leor. I ndeireadh an lae, bíodh agóidí ann nó ná bíodh, tá cultúr ársa agus iarsmaí stairiúla ag na Francaigh a bhfuil siad bródúil astu.

Ag iarraidh saol níos fearr atá na daoine óga atá ag agóidíocht – ba cheart go mbeadh sin lárnach sa gcomhrá polaitiúil ach níl. Tá cuid eile den lucht agóidíochta ag iarraidh nósanna oibre agus caighdeáin saoil a chosaint.

Is fada anois fadhb le heacnamaíocht na Fraince – tugtar cead di rialacha na hEorpa a bhriseadh go rialta – ach mura dtugtar aghaidh ar an éagóir idir aicmí agus ciníocha sa tír, chomh maith le buiséad a aontú, tá fadhbanna móra eile i ndán di sna míonna idir seo agus an toghchán uachtaránachta i mí Aibreáin agus Bealtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ré Macron ag teacht chun críche agus ógánaigh na Fraince ag iarraidh saol níos fearr'