Tá forbairt straitéis turasóireachta don Ghaeltacht, athbhunú Scéim na mBóithre Áise agus Tionól Náisiúnta na nÓg maidir leis an nGaeilge i measc na mbeartas atá leagtha amach ag an rialtas chun tacú le muintir na Gaeltachta agus leis an teanga.
Sheol an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo an chéad chuid eile den straitéis Ár dTodhchaí Tuaithe agus breis is 30 gealltanas nua leagtha amach “chun pobail na tuaithe a neartú, geilleagair áitiúla a thacú agus cáilíocht na beatha a fheabhsú ar fud cheantair thuaithe na hÉireann”.
I measc na ngealltanas sa straitéis, a mhairfidh cúig bliana as seo go dtí 2031, tá roinnt a bhaineann go sonrach leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.
Tá gealltanas ann, mar shampla, go gcinnteofar seirbhísí poiblí i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta, mar atá geallta faoin reachtaíocht teanga, ach tá roinnt beartas nua sa bplean chomh maith.
Ina measc, gealltar go reáchtálfar Tionól Náisiúnta na nÓg in Éirinn in 2028 chun ceist na teanga a phlé.
Tugann Tionól Náisiúnta na nÓg thart ar trí scór duine óg idir 12-25 bliana d’aois le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin, na buntáistí agus na deiseanna a bhaineann le hábhar ar leith. Tugtar deis do lucht déanta beartas éisteacht le tuairimí daoine óga agus a nguth a chur chun cinn.
Bhí an t-athrú aeráide, an intleacht shaorga agus cúrsaí tuaithe i measc na n-ábhar a pléadh ag tionóil roimhe seo.
Deirtear i straitéis an rialtais go leanfar leis an tacaíocht don chóras pleanála teanga sa nGaeltacht agus gealltar go bhforbrófar agus go gcuirfear córas caighdeánaithe monatóireachta agus measúnachta tionchair i bhfeidhm sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta roimh dheireadh na bliana seo chugainn.
Tá geallúint sa bplean go gcuirfear straitéis turasóireachta nua don Ghaeltacht i bhfeidhm sa dara leath de 2027 le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Gealltar chomh maith go ndéanfar forbairt ar áiseanna áineasa amuigh faoin aer ar fud na Gaeltachta chun freastal ar thurasóirí agus ar mhuintir na háite.
Gheall an rialtas in 2025 go raibh Scéim na mBóithre Áise le tabhairt ar ais, sin scéim faoin gcuirtí cúnamh ar fáil do dhaoine le feabhas a chur ar bhóithre nach dtagann faoi chúram na gcomhairlí contae. Deirtear anois gur luath in 2027 a dhéanfar forbairt ar leagan nua den scéim chun ligean d’údaráis áitiúla na bóithre ábhartha a dheisiú.
Agus é ag seoladh an leagain nua den straitéis, dúirt an Taoiseach go raibh tuath na hÉireann “lárnach dár bhféiniúlacht náisiúnta agus do thodhchaí na tíre”.
“Tá láidreachtaí agus acmhainneacht ollmhór ag pobail na tuaithe, agus tá an Rialtas seo tiomanta a chinntiú go mbeidh na deiseanna, an bonneagar agus na seirbhísí acu a theastaíonn uathu chun rath a bhaint amach,” a dúirt sé.
Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go n-aithnítear “go bhfuil gach pobal tuaithe difriúil, lena láidreachtaí, a dtosaíochtaí agus a ndúshláin féin”. Dúirt sé go raibh “riachtanais agus deiseanna ar leith” ag pobal na Gaeltachta agus na n-oileán agus go raibh sé tábhachtach “tacú lena n-inbhuanaitheacht agus a bhforbairt fhadtéarmach.”
Fág freagra ar 'Plean turasóireachta don Ghaeltacht, tionól náisiúnta na n-óg agus filleadh Scéim na mBóithre Áise'