Is léir nach bhfuil an rialtas sásta muinín a chur inár n-institiúidí ardoideachais

D’aithin tuarascáil Cassells deich mbliana ó shin gurbh ann do mhant suntasach idir maoiniú an rialtais agus costas an chórais ardoideachais

Is léir nach bhfuil an rialtas sásta muinín a chur inár n-institiúidí ardoideachais

Tháinig scéala aduaidh le leathanta beaga go ndearnadh 735 iarratas ar scéim iomarcaíochta in Ollscoil Uladh.

Is ionann sin agus beagnach an ceathrú cuid den fhoireann atá ag obair ann. Léiriú scáfar é ar dhoimhne na géarchéime airgeadais san ollscoil agus ar leagan amach na foirne gurbh fhearr rith maith ná drochsheasamh sna cúinsí úd. Tá an earnáil ardoideachais sa Ríocht Aontaithe breac le scéalta dá leithéid.

Le seachtainí beaga anuas, tá ollscoileanna in Hull, Lincoln, Dundee, Exeter, Glaschú agus Hertfordshire i ndiaidh ciorruithe fostaíochta nó scéimeanna iomarcaíochta a fhógairt.

Seo ina cheann ar scéimeanna a fógraíodh cheana in 50 ollscoil eile thall le trí bliana anuas. Réimsí léinn na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí sóisialta is mó atá thíos leis an sclamhadh.

Torthaí iad na scéimeanna seo ar athruithe polasaí maidir le hearcú mac léinn idirnáisiúnta, an Breatimeacht agus, thar aon ní eile, mant idir an soláthar ón sparán poiblí agus costais reáchtála na n-ollscoileanna féin.

Ainneoin gurb ann do chóras iasachtaí do mhic léinn thall tá easnaimh institiúideacha ag méadú. Baineann scála an dúshláin le hollscoileanna traidisiúnta seanbhunaithe agus institiúidí nua araon.

Tá fairsinge na n-ábhar céime agus deiseanna oiliúna ag cúlú mar thoradh díreach ar pholasaí agus cinntí rialtais. Fágadh faoin scian ba ghéire a bheith ag feannadh agus a shliocht ar an gcóras thall agus ó thuaidh anois. Téad choitianta cháinte san obair seo ar fad is ea leibhéil chúitimh na hardbhainistíochta sna hinstitiúidí, an úsáid a bhaintear as comhairleoirí seachtracha agus a laghad trédhearcachta a bhaineann leis na próisis chinnteoireachta.

Tríocha bliain ó shin go díreach a cuireadh deireadh le táillí ollscoile a ghearradh ar mhic léinn abhus. Leasú ar fhaoisimh chánach áirithe a chuidigh le Niamh Bhreathnach agus Páirtí an Lucht Oibre rochtain uilíoch ar oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil. Bhí aisling gheal i gceist – comhionannas deiseanna agus infheistíocht oideachasúil – cibé locht a bhí ar chur i bhfeidhm an pholasaí ó shin.

Tugadh táillí ar ais faoi chló úr cé go bhfuil laghdú á dhéanamh orthu. Tá leasú ar thairsigh ioncaim agus maoiniú breise le déanamh sa gcóras deontas SUSI freisin. Mar sin féin, d’aithin tuarascáil Cassells deich mbliana ó shin gurbh ann do mhant suntasach idir maoiniú an rialtais agus costas an chórais ardoideachais. Maíonn Cónaidhm Ollscoileanna Éireann go bhfuil suas le €130 milliún i gceist leis an mbearna faoi láthair.

Méadú ar an ráta boilscithe, méadú ar líon na mac léinn agus méadú ar thuarastail is cúis leis an easnamh struchtúrtha, a deirtear. Ní fios fós cén chlais a chuirfidh toradh na gcainteanna pá sa bpuiteach airgeadais seo. Socrú craiceáilte ó tharla go mbíonn buiséid na n-institiúidí ardoideachais in ainm is a bheith faofa ón 1 Deireadh Fómhair don bhliain acadúil amach romhainn.

Thit na hinstitiúidí s’againne siar ar na seifteanna cistithe céanna tríd is tríd – earcú mac léinn idirnáisiúnta, ioncam tráchtála agus daonchairdeas. Is ann do na constaicí céanna sna bailte móra go léir faoi seo – ganntanas lóistín do mhic léinn, sciob sceab ar spás teagaisc agus fadhbanna móra tráchta, páirceála agus freastail dóibh siúd atá ina gcónaí i bhfad ón láthair.

Is córas é atá ag tabhairt uaidh. €10 milliún breise a tugadh do mhaoiniú na hearnála ardoideachais sa gcáinaisnéis, airgead láimhe nach líonfadh sclaig ní áirím an mant atá seanaitheanta. San am céanna, caithfear €50 milliún breise ón gCiste Náisiúnta Traenála ar scileanna Intleachta Saorga a thabhairt chun forbartha sa ngeilleagar in 2027.

Thug an tAire Ardoideachais le fios go mbeadh €100 milliún breise fós ón gCiste seo le caitheamh as seo go ceann trí bliana freisin.

€313 mhilliún a chaith Taighde Éireann ar chláir éagsúla in 2025 – a mbunáite mór i réimsí ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Matamaitic) – ach maoinítear scoláireachtaí PhD as an soláthar seo chomh maith. €446 mhilliún a chaithfear ar phrintíseachtaí in 2027. Tá an spaga agus an siléar teann, is léir, ach beifear éisealach faoi roinnt na creiche. Ní bheidh tús an phota ná an grúdarlach féin ag na hollscoileanna. Tuige?

Ní ceisteanna fánacha ná reitriciúla na ceisteanna seo a leanas, is baolach. An féidir le hinstitiúidí ardoideachais giollaíocht stuama a dhéanamh ar mhórthograí caipitil? An féidir leo maoirsiú riosca a dhéanamh ar thionscadail mhóra teicneolaíochta faisnéise? An mbaineann trédhearcacht le himeachtaí na n-údarás rialaithe? Cén chaoi a léiríonn ardbhainistíocht na n-institiúidí cuntasacht as a gcinntí agus a gceannaireacht?

Creidim féin nach bhfuil an rialtas sásta muinín a chur sna hinstitiúidí ardoideachais cibé maoiniú breise atá sa gcóras a chaitheamh go tíobhasach. Is fearr go mór fada leis an rialtas airgead ardoideachais a chur go díreach i bpócaí tuismitheoirí agus mac léinn trí dheontais mhéadaithe SUSI agus táillí laghdaithe. Agus a chonách sin orthu. Is leor leid. Idir an dá linn, méadaíonn ar an mant. An fada uainne scéimeanna scoir?

Fág freagra ar 'Is léir nach bhfuil an rialtas sásta muinín a chur inár n-institiúidí ardoideachais'