‘Mise? An bhfuil mé sách maith le bheith ar an ngearrliosta do ghradaim an Oireachtais?’

Is minic go mbíonn sé níos éasca againn a bheith cineálta le daoine eile ná mar a bhíonn sé a bheith cineálta linn féin

‘Mise? An bhfuil mé sách maith le bheith ar an ngearrliosta do ghradaim an Oireachtais?’

Ar tharla sé duit riamh go bhfuair tú dea-scéal ach in áit a bheith sásta faoi, gur thosaigh tú ag fiafraí díot féin an raibh sé tuillte agat?

Tharla sé sin domsa le déanaí.

Bhí mé ag an ríomhaire nuair a tháinig ríomhphost chugam. Bhí mé ar an ngearrliosta do ghradam Colúnaí na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Bhí ionadh an domhain orm! Bhí mé thar a bheith sásta agus bródúil gur tugadh aitheantas do mo chuid oibre.

Ach níorbh fhada go raibh an guth beag sin istigh ionam ag labhairt liom:  ‘Mise? An bhfuil mé sách maith?’

An aithníonn tú an mothúchán sin?

Oibrímid go dian agus cuirimid ár gcroí isteach sna rudaí a dhéanaimid. Ach nuair a tharlaíonn rud maith dúinn, in áit taitneamh a bhaint as, tosaímid ár gceistiú féin. An raibh an t-ádh linn? An bhféadfaimis é a dhéanamh níos fearr?

Bíonn an guth beag sin an-tapa ag teacht ar chúis nach leor an méid atá déanta againn.

Cá as a dtagann an guth sin?

Bíonn tionchar ag an méid a tharlaíonn dúinn agus muid ag fás aníos, ag na rudaí a chloisimid agus ag na rudaí a bhíonn daoine eile ag súil leo uainn.

B’fhéidir gur fhoghlaim muid go gcaithfimid gach rud a dhéanamh go foirfe nó a bheith i gcónaí ag iarraidh muid féin a chruthú.

Agus fiú nuair a dhéanaimid ár ndícheall, bíonn an guth ann fós, ‘Nílim sách maith. Ba cheart dom a bheith níos faide chun cinn.’

Ní haon ionadh é go mbímid tuirseach den iarracht sin ar fad le muid féin a chruthú.

An labhrófá le cara leat mar sin?

Ceist a chuirim go minic sa chóitseáil ná seo, ‘an labhrófá le cara leat mar a labhraíonn tú leat féin?’.

Samhlaigh go dtagann cara chugat le dea-scéal, bíonn sé nó sí ar bís ach ní fada go dtosaíonn sé nó sí ag míniú cén fáth nach bhfuil an scéal chomh hiontach sin. Céard a déarfá leis nó léi? An gcuirfeá lena chuid nó lena cuid amhrais, nó an gcuirfeá i gcuimhne dó nó di an obair chrua agus an misneach a bhí taobh thiar de?

Is minic a bhíonn sé níos éasca againn a bheith cineálta le daoine eile ná linn féin.

Ní chiallaíonn sé sin nach ndéanaimid botúin ná nach mbíonn rudaí le foghlaim againn. Is féidir linn feabhas a chur orainn féin gan a bheith ag ceapadh nach bhfuil muid maith go leor mar atáimid.

Áit don áthas

B’fhéidir nach gá dúinn an guth beag sin a chur ina thost ar fad. B’fhéidir gur leor tosú á thabhairt faoi deara, gan gach rud a deir sé a chreidiúint.

An chéad uair eile a dtagann an t-amhras ort féin, stad ar feadh nóiméid. Glac anáil agus fiafraigh díot féin: an bhfuil sin fíor? Céard a déarfainn le cara liom dá mbeadh sé nó sí ag mothú mar seo?

D’athraigh rud éigin i mo shaol le himeacht ama. Cloisim an guth sin fós ó am go ham, ach ní chreidim gach rud a deir sé chomh furasta agus a chreidinn roimhe seo.

Níor chuir an t-ainmniúchán do na gradaim deireadh leis an amhras a bhíonn orm féin. Ach chuir sé i gcuimhne dom gur fiú stopadh anois is arís agus smaoineamh ar an méid atá bainte amach agam cheana féin.

Agus má thagann an guth beag sin ar ais, déan meangadh gáire agus abair leis: ‘Maith go leor anois, dún do bhéal! Tá mo dhóthain cloiste agam uait! Tabhair sos dom anois, tá cupán tae tuillte agam!’

Ní gá dúinn fanacht go dtí go mothaímid sách maith sula ligimid dúinn féin a bheith sásta. Ní gá gach rud a bheith foirfe ach oiread.

Nach féidir linn beagán spáis a fhágáil don áthas freisin?

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar '‘Mise? An bhfuil mé sách maith le bheith ar an ngearrliosta do ghradaim an Oireachtais?’'