Deir saineolaí oideachais go bhfuil an “bonn bainte ó dhea-obair an ghaeloideachais” ag an méadú ar líon na ndaltaí a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge.
Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir go bhfuil sé “scanrúil” go bhfuil beagnach 20,000 níos mó daltaí sa stát a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge ná mar atá daltaí sa gcóras oideachais lán-Ghaeilge uile.
De réir figiúirí na Roinne Oideachais, bhí díolúine ón nGaeilge ag 76,815 dalta anuraidh, idir bhunscoil agus iarbhunscoil. 57,181 dalta a bhí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge an stáit sa mbliain chéanna.
“Bíonn lucht polaitíochta ag maíomh go minic as an ngaeloideachas agus ag rá go bhfuil a lán ar siúl ar a shon.
“Tá sé scanrúil i ndáiríre. Má chuireann tú an dá chóras le chéile, bunscoil agus iarbhunscoil, tá beagnach 77,000 scoláire díolmhaithe ón nGaeilge idir an dá chóras. Sa chóras lán-Ghaeilge, má chuireann tú gach éinne san áireamh, daltaí Gaeltachta, gaelscoile agus gaelcholáiste, níl sé gar don fhigiúr sin,” a dúirt Ó Duibhir, ollamh emeritus ó DCU.
“Táimid ag rá ar lámh amháin go bhfuil muid ag tacú leis an scolaíocht trí Ghaeilge ach ar lámh eile ansin tá sciar i bhfad níos mó daltaí nach bhfuil ag déanamh aon staidéar ar an nGaeilge.
“Nuair a chuireann tú an dá rud sin i gcomparáid, léiríonn sé chomh seafóideach is atá córas na ndíolúintí agus go bhfuil sé ag baint an bhoinn den dea-obair i réimse an ghaeloideachais.”
Léiríonn figiúirí nua gur bronnadh níos mó díolúintí ón nGaeilge de bharr míchumas foghlama ar dhaltaí iarbhunscoile anuraidh ná mar a bhí daltaí i ngaelcholáistí den Ghaeltacht.
De réir na bhfigiúirí, bronnadh 10,506 díolúine nua ar dhaltaí a raibh riachtanas breise oideachais acu i scoilbhliain 2025/26. Tá an figiúr sin níos airde ná an 10,321 dalta ar fad sa stát a bhí cláraithe i ngaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht anuraidh.
Deir Ó Duibhir go léiríonn na figiúirí sin freisin an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal sa stát.
“Isteach is amach le deich míle ar fad atá ag freastal ar ghaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht, sin ó bhliain a haon go dtí bliain a sé. In aon bhliain amháin anuraidh, tugadh díolúine don mhéid céanna daltaí.
“Léiríonn sé cá bhfuil tiomantas na Roinne don Ghaeilge. Ní ann dó, cé go mbíonn sí ag maíomh go dtugtar tacaíocht dó seo, siúd agus uile.”
Tháinig ardú don naoú bliain as a chéile anuraidh ar líon na ndaltaí a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge. Bhí díolúine ag 76,815 dalta anuraidh, idir bhunscoil agus iarbhunscoil, ardú ón 73,077 a bhí i gceist in 2024/25.
Is ag an dara leibhéal atá formhór na ndaltaí a bhfuil díolúine acu, 64,488 anuraidh. B’ionann sin agus 15% de dhaltaí iarbhunscoile an stáit, nó duine as gach seachtar.
Den 18,793 díolúine nua a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile anuraidh, bronnadh 56% díobh ar dhaltaí a raibh míchumas foghlama orthu. Bronnadh an 44% eile ar dhaltaí a tháinig thar sáile.
Deir Ó Duibhir go lagaíonn na figiúirí sin argóint na Roinne Oideachais go bhfuil fás ag teacht ar líon na ndíolúintí de bharr ardú ar líon na ndaltaí a thagann ón iasacht. Tá fás leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí ar ceadaíodh díolúine dóibh de bharr míchumas foghlama le roinnt blianta anuas. Ar an taobh eile, tá líon na ndíolúintí nua a bronnadh ar dhaltaí a tháinig ón iasacht tite trí bliana as a chéile.

“Nuair a chuirtear an cheist ar an Roinn cén fáth go bhfuil ardú chomh mór tagtha ar líon na ndíolúintí, ceann de na rudaí a chaitear amach ná go bhfuil níos mó scoláirí ag teacht ó thar lear ach ní fíor sin,” a deir Ó Duibhir.
Nuair a tugadh córas nua do bhronnadh díolúintí isteach in 2019, dúirt an Roinn Oideachais go ndéanfaí rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine. A mhalairt atá tarlaithe, áfach, agus méadú mór tagtha ar a mbronnadh.
Tá méadú 16% tagtha ar líon na ndaltaí iarbhunscoile ó 2019 ach tá ardú 76% tagtha ar líon na ndaltaí a bhfuil díolúine acu le linn na tréimhse céanna.
D’ardaigh céatadán na ndaltaí bunscoile a raibh díolúine acu de bheagán anuraidh, ó 2.2% go dtí 2.3%.
Tá sé ráite cheana ag an Ollamh Ó Duibhir go bhfuil céatadán beag páistí, idir 2-3% a mbeadh díolúine ón nGaeilge ag teastáil uathu de bharr míchumas foghlama, ach go bhfuil an córas reatha imithe “as smacht”.
Fág freagra ar '‘Scanrúil’ go bhfuil beagnach 20,000 dalta níos mó a bhfuil díolúine acu ná mar atá i scoileanna lán-Ghaeilge'