Suigh in éindí le do pháiste don dradgháire ar an leathanach deiridh…

Tá dhá phictiúrleabhar nua ag Futa Fata, Lá Breithe Eoinín agus An Peata Is Fearr, ar fiú go mór iad a fháil

Suigh in éindí le do pháiste don dradgháire ar an leathanach deiridh…

Lá Breithe Eoinín
Muireann Ní Chíobháin
Róisín Hahessy a mhaisigh
Futa Fata

Leabhar beag álainn don aos óg!

Más rud é go bhfuil saol Eoinín á leanacht agat – é ag spraoi lena chairde, ag dul a chodladh, ag dul ag an siopa nó ag fáil bearradh gruaige – tuigfidh tú cheana féin an tarraingt atá sa tsraith leabhar seo. Agus fiú más é seo an chéad uair agat castáil leis, ní ligfidh Lá Breithe Eoinín síos thú!

Scríofa ag Muireann Ní Chíobháin agus maisithe go gleoite ag Róisín Hahessy, leanann muid Eoinín ar a lá breithe – ‘an lá is fearr sa bhliain’! ‘Agus nuair a bhíonn Eoinín ar bís, déanann sé straois!’

Leabhairín é seo a chuirfeadh fonn ort nead bheag a dhéanamh le do pháistín ar an tolg lá fliuch, é a léamh go híseal ‘s go mall agus ligean don draíocht é féin a shníomh thart oraibh go deas réidh. Le rím agus amhránaíocht, pictiúir bheomhara agus scéilín a chuirfeadh sceitimíní ar aon pháiste, tá sé go hálainn Eoinín a fheiceáil ag baint sásaimh as a chéad bhreithlá.

Tuigeann muid go léir an tábhacht a bhaineann lena leithéid de lá mór, agus le súile móra áille Eoinín agus a chairde, beidh bá agus grá ag do pháiste óg don uainín beag ar a lá breithe – céard a tharlós, an mbeidh a chairde ag teacht ag a chóisir? Agus céard a dhéanfas siad le chéile?

Leabhar idirghníomhach agus neart deiseanna chun do leanbh óg a chur ag smaoineamh, ag caint, ag gluaiseacht, ag canadh, agus ag plé cúrsaí tábhachtacha an tsaoil ar nós an chairdis, an grá agus an greann.

Leanaigí an spórt agus spraoi, bígí ag canadh, ag geáitsíocht agus ag damhsa in éindí leis na hainmhithe óga, ach níl ach an t-aon rud amháin ag cur as d’Eoinín… an cáca!

Más ag tóraíocht leabhair mar bhronntanas atá tú, nó le léamh le do pháiste féin, bheadh Lá Breithe Eoinín go hálainn do chailín nó buachaill, agus ní hamháin do pháistí óga, ach chuirfinn geall air gur leabhairín é seo a dtiocfá ar ais chuige arís agus arís eile, lá fliuch agus nead bheag déanta ar an tolg!

An Peata is Fearr
Patricia Forde
Phillip Cullen a mhaisigh
Futa Fata

Pictiúrleabhar iontach eile de chuid Patricia Forde, iarLaureate na nÓg, is ea An Peata is Fearr, ina bhfeiceann muid an carachtar nua, an tOllamh Mac Amadáin, ag déanamh a mhíle dícheall a chur ina luí orainn go bhfuil tréithe suimiúla, speisialta, spórtúla ag an bpeata is fearr, dar leis.

Tá an greann ag rith tríd an leabhar ó thús deireadh agus muid ag samhlú bliain i dteannta an pheaitín seo, lena strainc, a shúile buí, a chuid fiacla géara agus a ghoile!

Is Gaillimheach í Patricia, agus tá neart leabhar Gaeilge scríofa aici, ina measc, Binjí, Madra ar Strae, Ní Banphrionsa Mé, Seachain an Díneasár, Criú Nua ar Bord, An Mac Tíre Deireanach, Ná Dúisigh an Páiste, An tOileán Thiar agus níos mó.

Ceann de na rudaí is suntasaí go dtugaim faoi dearadh faoina cuid leabhar, ná na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil don léitheoir ó thaobh na samhlaíochta de. Agus tú i mbun na léitheoireachta, ní féidir ach glórtha bríomhara na gcarachtar a úsáid agus tú súite isteach sa domhan atá cruthaithe aici duit.

Níl aon dabht faoi ach go gcabhraíonn obair ealaíona Phillip Cullen go mór leis an atmaisféar tarraingteach seo, le haghaidheanna mothúchánacha a thugann chun beochta scéal an Ollaimh Mhic Amadáin. Go deimhin, ní mórán atá le rá ag aon carachtar eile sa leabhar, ach é scríofa agus deartha chomh héifeachtach sin go dtuigeann muid go héasca a bhfuil ag rith trína gcloigne agus iad ag breathnú sa straois ar chrogall atá ag siúl na sráide.

Feairín beag cabhrach é an tOllamh Mac Amadáin, agus é breá sásta nodanna tábhachtacha a roinnt maidir leis an gcaoi is fearr le haire mhaith a thabhairt don pheata neamhghnách, cumhachtach, láidir seo – leaba the theolaí, rudaí deasa le n-ithe, píosa aclaíochta chuile lá agus cuairt rialta ar an tréidlia – ach fiú dá dtabharfá aire na huibhe dhó, cén deireadh a bheifeá ag súil leis?

Más páiste beag, leochaileach atá agat sa mbaile, dhéanfainn cinnte gur ar an ngreann a bheadh an bhéim ón tús agus an leabhar seo á léamh agat. Ar pháiste atá tosaithe ag léamh as a stuaim féin atá an leabhar dírithe, gan mórán focal casta ann, ach seans gurbh fhearr suí in éindí leo i dtreo an dradgháire ar an leathanach deiridh.

Fág freagra ar 'Suigh in éindí le do pháiste don dradgháire ar an leathanach deiridh…'