Go dtí seo inniu tá an líon vótóirí in Iosrael a chaith a vóta níos airde ná bhí riamh agus a lán den tuairim go mbeidh an toghchán seo ar cheann de na toghcháin is cinniúnaí ó thús na tíre.
Ag a 2.00pm, am na háite inniu, bhí a vóta caite ag 45% den phobal vótála agus níor vótáil an oiread daoine cheana in olltoghchán chomh luath sin sa lá ó na 1970idí.
Is é an toghchán seo an chéad cheann sa tír ó ionsaí Hamas ar áitritheoirí Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair trí bliana ó shin agus an léirscrios a rinne Iosrael ar Ghaza ina dhiaidh sin agus an cogadh a d’fhear an tír sin agus na Stáit Aontaithe ar an Iaráin.
Más fíor na pobalbhreitheanna tá an Príomh-Aire Benjamin Netanyahu, atá i gceannas ar an rialtas is faide ar dheis ó bunaíodh Iosrael, gob ar ghob leis an iarcheannasaí míleata, Gadi Eisenkot, ar maraíodh a mhac sa gcogadh in Gaza.
Mura mbíonn buaiteoir soiléir ann, is cinnte gur míonna fada d’achrann polaitiúil atá i ndán don tír.
Tá caint go leor ann nach mbeidh dóthain tacaíochta ag ceachtar taobh, comhrialtas Netanyahu le ceartchreidmhigh dhochta ná an freasúra, leis an 61 suíochán a fháil a theastaíonn le rialtas a chur i dtoll a chéile.
Tá an freasúra faoi cheannas Gadi Eisenkot ag éileamh go mbeadh ar Netanyahu íoc as an teip, mar a fheiceann siadsan é, ionsaí an 7 Deireadh Fómhair 2023 a chosc, ionsaí a d’fhág 1,200 duine marbh.
Tá sé geallta freisin ag ceannairí an fhreasúra go mbeidís an-dian ar antoiscigh Iosraelacha a bhíonn sáite i bhforéigean in aghaidh na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar gafa agus go dtabharfaidís faoi cháil Iosrael thar lear a athbhunú.
Dúirt coimisiún de chuid na Náisiún Aontaithe inné go raibh Iosrael ag leanacht lena chinedhíothú in Gaza d’ainneoin sos comhraic, a shocraigh na Stáit Aontaithe Deireadh Fómhair seo caite, a bheith sínithe aige agus é fós i bhfeidhm.
I ráiteas ó Choimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe ar Chríocha Gafa na Palaistíne, dúradh go raibh údaráis Iosrael fós i mbun “gníomhartha cinedhíothaithe a raibh d’aidhm chinedhíothaithe leo na Palaistínigh in Gaza a scrios go hiomlán nó cuid díobh”.
De réir na bhfigiúirí is déanaí a chuir aireacht sláinte Gaza ar fáil tá 75,000 Palaistíneach maraithe in ionsaithe Iosrael ar Ghaza ó mhí Deireadh Fómhair 2023.
Tá 15 milliún duine ina gcónaí i gcríocha atá faoi riail Iosrael agus astu sin tá breis is 5.5 milliún Palaistíneach ar an mBruach Thiar gafa nach bhfuil aon vóta acu, an scéal céanna atá ag breis is 350,000 Palaistíneach atá ag cur fúthu in Oirthear Iarúsailéim gafa agus an dá mhilliún Palaistíneach in Gaza.
Tá amhras ann gur iarracht a bhí in eachtra in Tel Aviv níos túisce ceannaire pháirtí na nDaonlathach, Yair Golan, a shá.
Ag slógadh a bhí ar bun le lucht vótála a ghríosú chun vótála, deir urlabhraí ón bpáirtí gur tháinig “fear anaithnid a raibh seaicéad air” faoi dhéin Golan “agus gothaí bagrach” air.
Fág freagra ar 'A vóta caite ag an líon is mó vótóirí le fada i dtoghchán cinniúnach Iosrael'