An diúltú tugtha ag triúr as gach ceathrar de phobal Alberta don neamhspleáchas ó Cheanada

Vótáil muintir an chúige ar fanacht ina chuid de Cheanada nó reifreann ar neamhspleáchas a ghairm

An diúltú tugtha ag triúr as gach ceathrar de phobal Alberta don neamhspleáchas ó Cheanada

Dúirt Príomh-Aire Cheanada, Mark Carney go raibh “rogha shoiléir” déanta ag pobal Alberta diúltú don neamhspleáchas. “Roghnaigh siad an t-aontas, fás le chéile agus aire a thabhairt dá chéile.”

“Tá Ceanada níos fearr ná na codanna éagsúla de ar fad,” a dúirt Carney.

Bhí cinneadh á dhéanamh ag pobal an chúige an bhfanfadh siad ina gcuid de Cheanada nó an ngabhfaidís chun cinn le reifreann ar neamhspleáchas ón tír.

Bhí roinnt ábhar le socrú ag an vótáil seo, agus an vóta ar reifreann a mbeadh stádas dlí aige ar an neamhspleáchas don chúige ar cheann acu.

Vótáil siad freisin ar an inimirce go Alberta, rochtain ar sheirbhísí leasa shóisialaigh agus comhartha aitheantais vótálaithe.

Chaith breis is 5.5 milliún duine vóta ar na deich gceist a bhí rompu agus léiríonn na torthaí is túisce atá ar fáil nach raibh ach an ceathrú cuid de phobal vótála Alberta ag iarraidh reifreann ar an neamhspleáchas.

Is mór an t-údar díomá do na scarúnaithe an tromlach tréan a bhí in aghaidh an reifrinn. Deir ceannairí na gluaiseachta sin nach bhfuil an cath seo thart ná baol air agus go mbeidh ceist an neamhspleáchais lárnach i bpolaitíocht Alberta i gcónaí.

Príomh-Aire Alberta, Danielle Smith a d’fhógair vóta seo an reifrinn sa mBealtaine nuair a dúirt sí “tá sé in am againn é seo a chur ar vóta le mian mhuintir Alberta faoi a thuiscint agus dul ar aghaidh uaidh sin.”

Fág freagra ar 'An diúltú tugtha ag triúr as gach ceathrar de phobal Alberta don neamhspleáchas ó Cheanada'