€12,000 á lorg i gceant ar phortráidí Charles Lamb de mhná Chonamara agus Árann

Beidh ‘Bean Árann’, péintéireacht de Nan Mhicil Liam as Árainn, i measc na míreanna a bheidh ar ceant tigh deVeres an mhí seo

€12,000 á lorg i gceant ar phortráidí Charles Lamb de mhná Chonamara agus Árann

Cuirfear saothair leis an ealaíontóir Gaeltachta Charles Lamb ar ceant speisialta i mBaile Átha Cliath an mhí seo. Tá 54 mír leis an ealaíontóir a bhí i mbailiúchán Patrick Smith, as Loch Garman, le cur ar ceant ag na ceantálaithe deVeres ar Shráid Chill Dara san ardchathair ar an 20 Deireadh Fómhair.

Íomhánna den tírdhreach agus de mhuintir Chonamara den chuid is mó atá sa bhailiúchán, a thiomsaigh Patrick Smith agus a bhean chéile Frances Murphy ó 1986 go 2022. Bhí teach na lánúine, a bhásaigh in 2022, lán le pictiúir Lamb atá anois á gcur ar ceant.

Tithe ceann tuí, curacha agus báid seoil, agus muintir Chonamara i mbun oibre agus spóirt atá le feiceáil sa chuid is mó de na pictiúir a phéinteáil Lamb idir na blianta 1935 agus 1964, a fhad is a bhí sé ina chónaí ar an gCeathrú Rua.

Rugadh Lamb i bPort an Dúnáin in 1893 agus thug cuairt den chéad uair ar an gCeathrú Rua i 1921 agus é 28 bliain d’aois. Chuaigh sé chun cónaí ann dhá bhliain déag ina dhiaidh sin agus ba ann a chaith sé an chuid eile dá shaol. Bhunaigh sé scoil ealaíne ar an mbaile beag Gaeltachta agus mhúin sé daltaí ó gach cearn den domhan inti.

Tá praghsanna éagsúla luaite leis an 54 mír a bheidh ar ceant: €800 a táthar a lorg ar cheann acu agus suas le €12,000 luaite le trí phortráid de mhná. Mná traidisiúnta na Gaeltachta is ábhar do na trí phictiúr mórluacha – bean i seál dearg, caoladóir, agus ‘Bean Árann’ nó Nan Mhicil Liam, bean a bhí i roinnt pictiúr a tharraing Lamb i gcaitheamh na mblianta.

Tá corrphíosa sa bhailiúchán a péinteáladh taobh amuigh de Ghaeltacht na Gaillimhe freisin. Beifear ag lorg suas le €5,000 ar phéintéireacht de mhná sa Bhriotáin in iarthuaisceart na Fraince, tá €2,500 luaite le tírdhreach de Shliabh Sneachta i nGaeltacht Dhún na nGall, agus tá €1,200 luaite le radharc anuas ar thalamh réisc in Kent i Sasana.

Tá cuntas tábhachtach i saothar Lamb ar an saol mar a bhí ar an gCeathrú Rua i lár an chéid seo caite, tráth a raibh an saol comhaimseartha ag teacht sa mhullach ar shlí mhaireachtála thraidisiúnta na ndaoine a raibh cónaí orthu ann.

Beidh an ceant ar siúl in deVeres ar Shráid Chill Dara ag 6pm ar an 20 Deireadh Fómhair. Beifear in ann na míreanna a fheiceáil agus tairiscintí a dhéanamh ar shuíomh idirlín na gceantálaithe freisin.

Fág freagra ar '€12,000 á lorg i gceant ar phortráidí Charles Lamb de mhná Chonamara agus Árann'