Cainteanna ar bun sa WRC faoi chomhaontú nua pá d’oibrithe

Tá réiteach á lorg ar an aighneas pá a d'fhág breis is 300,000 oibrí san earnáil phoiblí ar stailc aon lae Dé Céadaoin seo caite

Cainteanna ar bun sa WRC faoi chomhaontú nua pá d’oibrithe

Tá cainteanna ar bun sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre faoi chomhaontú nua pá d’oibrithe na hearnála poiblí.

Socraíodh tabhairt faoi na cainteanna ag cruinnithe a bhí ar bun ag an deireadh seachtaine faoi mhaoirseacht an ghrúpa a cheap an Rialtas d’fhonn réiteach a fháil ar an aighneas pá a d’fhág breis is 300,000 oibrí san earnáil phoiblí ar stailc aon lae Dé Céadaoin seo caite.

Bhí stailc aon lae eile ar na bacáin don Chéadaoin beag seo ach cuireadh ar athló í féachaint an bhféadfaí teacht ar réiteach trí chainteanna, cé go bhfuil an obair de réir rialach fós ar bun san earnáil phoiblí – an státseirbhís, na comhairlí áitiúla agus 30 ospidéal san áireamh.

Tar éis don ghrúpa idirghabhála a cheap an Rialtas, faoi chathaoirleacht Kevin Foley Cathaoirleach an WRC, bualadh leis an dá dhream socraíodh go dtabharfaí faoin idirbheartaíocht seo inniu.

Shéan an Taoiseach Micheál Martin a raibh le rá ag ceannasaí Ryanair, Michael O’Leary leis an The Sunday Business go ‘ngéillfeadh’ an rialtas agus go dtabharfaidís ‘cead a gcinn’ do cheardchumainn na hearnála poiblí. D’áitigh an Taoiseach go mbeadh feabhas ar an táirgiúlacht ina chuid d’aon mhargadh nua pá leis na ceardchumainn.

“Creidimid go láidir sa tseirbhís phoiblí. Tá sé riachtanach in aon chóras daonlathach go mbeadh seirbhís phoiblí láidir againn chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal,” a bhí le rá ag an Taoiseach agus é ag comóradh Fhianna Fáil ar Wolfe Tone i mBaile Bhuadain i gcontae Chill Dara inné.

“Cinnte caithfear a luach a fháil ar airgead, caithfidh táirgiúlacht agus é sin uilig a bheith le fáil, agus is é sin an dearcadh a bhí againne i gcónaí. Duine mo leithéid féin a bhfuil taithí mhór agam sa bpolaitíocht, sin an cur chuige a bhíonn agam.”

Dúirt an Taoiseach go mbíodh an bhéim ar oibrithe a bhí ar an bpá ab ísle sna comhaontuithe pá roimhe seo ach go bpléifí na ceisteanna go léir leis na ceardchumainn ar dtús.

Dhiúltaigh Micheál Martin aon phlé a dhéanamh faoin €1.2 billiún a cuireadh i leataobh sa Bhuiséad don earnáil phoiblí ná an bhféadfaí cur leis sin as an gciste teagmhais.

Tá tuairiscí ag gabháil thart go bhféadfadh an t-ardú pá san earnáil phoiblí tar éis na gcainteanna seo a bheith níos gaire do €1.6 billiún.

Ag cainteanna an deireadh seachtaine bhí idirghabhálaí neamhspleách ann chomh maith le hionadaithe rialtais agus ceardchumann agus shocraíodar aréir go gcuirfí tús le cainteanna foirmiúla pá sa gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inniu.

Mí Meitheamh a tháinig an comhaontú pá deiridh chun críche. Tá sé á áitiú ag na ceardchumainn nach dtabharfadh an leithdháileadh sa Bhuiséad ach 2.5% d’ardú pá dóibh tráth a bhfuil an boilsciú ag 4.1%.

Tá €12 billiún d’ardú tagtha ar bhille pá na seirbhíse poiblí ó 2020.

Chuir Sinn Féin i leith an Rialtais gur “cluiche sicín” atá á imirt ag an Rialtas le hoibrithe poiblí.

In aighneas tionsclaíoch eile, tá dlíodóirí cosanta coirpeach éirithe as an obair sin ó mhaidin inniu. Eascraíonn an gníomh seo as a neamhghlacadh le córas nua íocaíochta a thug an tAire Dlí agus Cirt isteach i gcás na scéime um Chúnamh Dlí Choiriúil.

An tseachtain seo caite sheol os cionn 100 dlíodóir litreacha go dtí uachtaráin na gcúirteanna ar fud na tíre á rá leo go mbeidís ag éirí as cásanna faoin scéim sin a bhí fós ag gabháil ar aghaidh

Fág freagra ar 'Cainteanna ar bun sa WRC faoi chomhaontú nua pá d’oibrithe'