Tá ordú tugtha ag breitheamh san Uaschúirt in Québec do choimisiún toghchán an chúige cártaí ballóide dátheangacha, i mBéarla agus i bhFraincis, a sheoladh amach roimh thoghcháin an chúige an mhí seo chugainn.
D’ordaigh Uaschúirt do Élections Québec an tseachtain seo caite cártaí dátheangacha meabhrúcháin a sheoladh tar éis don choimisiún cártaí eolais a bhí i bhFraincis amháin a sheoladh níos luaithe i mbliana.
Chuir an Breitheamh Sylvain Lussier an reachtaíocht teanga sa chúige ar fionraí go dtí meán oíche lá an toghcháin, an 5 Deireadh Fómhair. Ordaíodh do phríomhoifigeach toghcháin an chúige cárta meabhrúcháin a réiteach ar a mbeadh liosta iomlán na n-iarrthóirí agus liosta na n-ionad vótála.
Chuir Geoffrey Chambers, duine de phobal labhartha Béarla Québec, an dlí ar Élections Québec tar éis don choimisiún na cártaí eolais Fraincise a sheoladh amach. Mhaígh an eagraíocht gur mar sin a tharla mar gheall ar Bhille 96, reachtaíocht teanga de chuid Québec a fhágann gurb í an Fhraincis agus an Fhraincis amháin an teanga chumarsáide a bheidh ag institiúidí de chuid rialtas an chúige le muintir an chúige.
Sheoladh Élections Québec ábhar toghchán amach go dátheangach sular tugadh isteach an reachtaíocht nua, a thug seasamh níos láidre fós don Fhraincis in Québec. D’iarr an institiúid díolúine ó Bhille 96 le go bhféadfaidís leanacht ar aghaidh ag seoladh ábhar dátheangach amach ach dhiúltaigh Aire na Fraincise, Jean-François Roberge, agus Coimisinéir na Fraincise, Benoît Dubreuil, don iarratas.
Bhí cód QR ar an ábhar a seoladh amach an mhí seo a raibh nasc ann don eolas i mBéarla.
Dúirt an Breitheamh Lussier ina rialú trí leathanach go raibh “fianaise” ann go raibh “baol mór ann” nach mbeadh roinnt mhaith seanchainteoirí Béarla in Québec in ann a vóta a chaitheamh “mar gheall ar easpa eolas intuigthe” faoi na toghcháin. Dúirt sé gur leor “vóta amháin” nach gcaithfí mar gheall ar na cúinsí sin leis an toghchán a dhéanamh neamhbhailí.
Chuir an eagraíocht TALQ (Talking, Advocating, Living in Québec) fáilte roimh chinneadh an bhreithimh agus dúirt gur “bua tábhachtach” a bhí ann do lucht labhartha an Bhéarla in Québec, pobal atá ina mhionlach.
“Is bua tábhachtach é seo do chainteoirí Béarla Québec agus don daonlathas in Québec. Tá an chúirt tar éis an méid atá muid féin a rá ón tús a dhearbhú: caithfidh teacht a bheith ag vótálaithe ar an eolas riachtanach atá uathu lena mbuncheart vótála a úsáid. Do lucht labhartha an Bhéarla in Québec, tá eolas i mBéarla san áireamh leis sin,” a dúirt Eva Ludvig, uachtarán TALQ.
Fág freagra ar 'Ordú tugtha ag breitheamh in Québec cártaí ballóide a chur amach go dátheangach'