Deir Rialtas na Breataine go bhfuil “glanadh eitneach” ar bun ar an mBruach Thiar ag “sceimhlitheoirí” as Iosrael a bhfuil tacaíocht rialtas Bemjamin Netanyahu acu.
D’fhógair Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Ed Miliband tráthnóna smachtbhannaí éagsúla ar an trádáil le lonnaíochtaí de chuid Iosrael.
Ba é ráiteas an lae inniu an cáineadh is géire atá déanta riamh ag Rialtas na Breataine ar Iosrael.
D’fhógair an Fhrainc smachtbhannaí ar an trádáil le lonnaíochtaí Iosrael chomh maith.
Dúirt Miliband gurb é an rud ba lú a bhí tuillte ag na daoine atá ag fulaingt i lonnaíochtaí de chuid Iosrael ná go n-aithneofaí go raibh na lonnaíochtaí sin “go hiomlán mídhleathach”. Chaithfí, i ndiaidh an méid sin a dhearbhú, an chóir a dhéanamh, a dúirt Miliband.
Dúirt sé go raibh gníomh á dhéanamh aige i leith na gcríoch gafa ní hamháin mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ach mar dhuine “an-mhórtasach” a bheith ina Ghiúdach de chuid na Breataine go bhfuair daoine muinteartha leis tearmann in Iosrael i ndiaidh an uileloiscthe.
“Agus níl an méid sin ag teacht salach ar chor ar bith ar an tacaíocht a thugaim do stát na Palaistíne.
“Go deimhin, a mhalairt atá fíor. Tá an réiteach dhá stát bunaithe go soiléir ar an tuiscint gurb é an t-aon slí go mbeidh muintir an dá thaobh slán ná go mbeidh siad ag maireachtáil le chéile go síochánta in aice le chéile, agus saoirse, sábháilteacht agus ceart chun féinchinntiúcháin acu.”
Cháin polaiteoirí in Iosrael agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá fógra Rialtas na Breataine.
Dúirt Uachtarán Iosrael Isaac Herzog go léireodh an stair gurb é an cinneadh mícheart é agus gur rud tromchúiseach a bhí ann a chuirfeadh isteach “ar thoghcháin dhaonlathacha i dtír neamhspleách.”
Chuirfeadh na smachtbhannaí isteach ar Phalaistínigh chomh maith, a dúirt Herzog. Níorbh aon réiteach ar an scéal smachtbhannaí agus b’fhearr an comhoibriú, a dúirt sé.
Dúirt Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá chun Iosrael, Mike Hukabee, go bhféadfadh go gcuirfí cosc ar chomhlachtaí ón mBreatain gnó a dhéanamh i roinnt stát i Meiriceá.
Tá práinn ar leith le cás na ndaoine atá ag fulaingt sna lonnaíochtaí agus plean ag Iosrael cur leis an lonnaíocht E1, mar a thugtar uirthi, atá ar an taobh thoir d’Iarúsailéim.
Scoithfeadh leathnú lonnaíocht E1 óna chéile tuaisceart agus deisceart an Bhruaigh Thiar, rud a d’fhéadfadh aon iarracht stát Palaistíneach a bhunú amach anseo a chur ó mhaith.
D’fhógair Iosrael an mhí seo caite go raibh tairiscintí á lorg acu chun 1,200 tigh a thógáil sa cheantar sna críocha gafa in ainneoin go bhfuil a leithéid in aghaidh an dlí idirnáisiúnta.
Ar na tíortha eile a bhfuil smachtbhannaí ar na críocha gafa fógartha acu, tá Éire, an Spáinn, an Ísiltír, an Bheilg agus an Iorua,.
Fág freagra ar '‘Glanadh eitneach’ ar bun ar an mBruach Thiar ag ‘sceimhlitheoirí’ Iosrael – Rialtas na Breataine'