Teastaíonn admháil go bhfuil an polasaí reatha lochtach chun dóchas tithíochta dáiríre a thabhairt do mhórán

Ní fios cén uair a leigheasfar an ghéarchéim thithíochta – an fáth go bhfuil bun-athrú ar chur chuige an rialtais molta ag beirt shaineolaithe

Teastaíonn admháil go bhfuil an polasaí reatha lochtach chun dóchas tithíochta dáiríre a thabhairt do mhórán

Agus anois an nuacht…

‘Tháinig méadú 10.6 faoin gcéad ar líon na dtithe agus árasán – 26,833 san iomlán – a tógadh sa chéad naoi mí den bhliain, a deir tuairisc ón bPríomh-Oifig Staidrimh.’
A ndúirt na polaiteoirí…

‘Thug an tAire Tithíochta James Browne údar misnigh ar na figiúirí. Ach dúirt Sinn Féin gur léir dá bhfianaise nach dtógfar 300,000 ionad cónaithe nua faoi 2030 mar atá geallta ag an rialtas.’

Agus an scéal dáiríre…

Léirigh a figiúirí a eisíodh Dé Céadaoin arís eile nach géarchéim thithíochta, mar a tugadh air i dtosach, ach fadhb bhuan nach léir cén uair a réiteofar í atá ag cur as don tír, ainneoin dlús a bheith curtha leis an ráta tógála le gairid.

Tá cur síos tomhaiste in dhá leabhar nua-fhoilsithe ar dhrochthionchar sóisialta na faidhbe, ar a cúis agus ar an mór-athrú ar chur chuige an rialtais a deir na húdair a bheidh riachtanach lena réiteach. (Tá sonraí an dá leabhar thíos.)

B’fhéidir go gceapfar ar an gcéad amharc gur léirmheas ar na leabhair atá ar bun anseo ach ní hea. Níltear ach ag díriú ar an athmhachnamh polasaí a mholann an bheirt saineolaithe tithíochta a scríobh. Ní leigheasfar an fhadhb go deo, dar leo, dá uireasa.

Is breathnú siar atá i leabhar Lorcan Sirr, Housing a Nation, ar na botúin a rinne rialtais éagsúla agus polasaithe lochtacha tithíochta á gcur i bhfeidhm acu. Dar leis nach botúin a rinneadar i bhfírinne ach roghanna a chuir meon i bhfeidhm a thug tús áite do bhrabach seachas daoine agus a riachtanais.

Ní bheidh deireadh leis an ngéarchéim, a deir sé, go dtí go dtuigfear i gceart an córas atá i bhfeidhm agus go dtí go n-athrófar é.

Tá cur síos i Brittle, a scríobh an tOllamh Ronan Lyons, ar neamhréir idir riachtanas agus soláthar tithíochta – neamhréir nach bhfuil ceartaithe fós ó thaobh polasaí de.

Bhíodh ceathrar ina gcónaí ar an meán i ngach teach sa chéad seo caite ach beirt ar an meán atá ina gcónaí iontu anois.

Is léir an chúis: saol níos faide, pósadh nó cónaí in éineacht níos déanaí agus laghdú dá bharr ar an ráta beireatais.

Toisc nach bhfuil ionaid chónaithe oiriúnacha á dtógáil in áiteanna oiriúnacha áfach, a deir sé, agus á ndíol nó a ligean ar cíos ar phraghas inacmhainne, tá aicme mhór san aoisghrúpa 18-39 i sáinn. An ‘aicme bhlocáilte’ a thugann Ronan Lyons orthu.

Measann sé, i bhfianaise taighde a rinne an Coimisiún Tithíochta (a raibh Lyons ina bhall de) in 2024 go bhfuil ar a leath beagnach de dhaoine fásta faoi 40 bliain ag cur fúthu lena dtuismitheoirí nó le daoine eile. Thugadar go léir beagnach le fios – ní nach ionadh – go mb’fhearr leo cónaí leo féin nó lena bpáirtithe.

Ní beag an dochar pearsanta agus sóisialta a dhéantar toisc nach bhfuil dóthain ionad cónaithe á gcur ar fáil dóibh, ná don aoisghrúpa os cionn seasca a bheadh toilteanach aistriú ach ionad oiriúnach áitiúil a bheith ar fáil dóibh.

Cuirtear moill nach folláin ar shaol neamhspleách na ndaoine nach bhfuil ábalta ionad cónaithe oiriúnach a aimsiú nó íoc as. Cuireann siad moill ar thógáil clainne, nó téann siad ar imirce. Bheadh an fhadhb seo dona go leo, a deir Lyons, dá bpléifí í agus dá gcuirfí tús lena réiteach. Faraor, cuirtear róbhéim ar spriocanna tógála an rialtais agus ar phraghsanna seachas ar oiriúnacht na dtithe agus árasán nua a thógtar, ar a suímh agus ar a ndóthanacht. Tá an córas tithíochta eagraithe ar dhóigh a bhí oiriúnach do thírdhreach nach bhfuil ann níos mó.

Tugann an córas tús áite d’úinéireacht, rud a cheileann rogha réasúnta ar dhaoine nach acmhainn dóibh nó nach mian leo áit chónaithe a cheannach.

Anuas ar na teipeanna sin, tá costais imithe chomh mór ó smacht nach bhfuil rogha thithíochta ar bith ag mórán toisc iad bheith ar ioncam atá chomh hard nach bhfuil siad i dteideal tacaíocht stáit ach chomh híseal nach bhfreastalaíonn an córas orthu in aon chor.

Tá bun-athrú ar pholasaí an stáit leagtha amach ag Lyons. A phríomh-mholtaí:

1 Pleanáil agus comhordú stáit níos láidre;
2 Dlúth-cheangal idir mór-ionaid tithíochta agus leagan amach infreastruchtúir – uisce, leictreachas agus bóithre iarainn go háirithe;
3. Caiteachas stáit a dhíriú níos mó ar thithíocht shóisialta seachas ar dheontais a íslíonn an méid a íocann cíosaithe le tiarnaí talún.
4 Bunú ciste rialtais leis an teacht isteach ó thithíocht shóisialta a úsáid chun tuilleadh a thógáil níos tapúla.
5 Beartais éagsúla chun costais tógála a ísliú – tógáil tithe agus árasán ar scála níos mó mar shampla.
Níl thuas ach achoimre ar phríomhghnéithe an chur chuige nua atá molta ag Ronan Lyons. Admhaíonn sé nach bhféadfaí aon mhír de a chur i bhfeidhm thar oíche, ach ní locht ar a shaothar an feidhmiú fadtéarmach a theastódh lena chur i gcrích.

Is treise drogall polaitiúil mar chúis amhrais agus go háirithe an meon a thugann ar gach Teachta Dála gan smaoineamh rómhinic ar an tréimhse i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.

Deirtear i dTeach Laighean go minic nach mbíonn ar na saoithe (ná ar iriseoirí) vótaí a lorg riamh. Ní leor é mar leithscéal áfach chun neamhshuim a dhéanamh den díobháil shóisialta agus phearsanta a dhéanann polasaí tithíochta nach dtugann dóchas tithíochta do mhórán.

Mura léann Teachtaí Dála ceachtar leabhar, b’fhiú dóibh machnamh ar na cúiseanna imní agus na hábhair leighis a chíortar iontu. Íocfaidh an tír go daor as síor-neamhaird orthu.

Focal scoir: tá comhghairdeas mór tuillte ag triúr scríbhneoirí eile ar an suíomh seo ar bronnadh gradaim orthu ag an Oireachtas: Iriseoir na Bliana Darren Ó Dubhgháin, Colúnaí na Bliana Alex Hijmans agus Craoltóir Solabhartha na Bliana Máirín Ní Ghadhra.

Mar a thuilleann na buaiteoirí go léir. Is ábhar mórtais agus gríosú in éineacht na gradaim dúinn uilig.
Brittle – How the Housing Crisis is breaking Ireland – and how to fix it, Ronan Lyons a scríobh. Stg£16.99 an praghas atá ar an gclúdach ach €22.99 a phraghas i limistéar an euro in Éirinn.

Housing a Nation – Seven generations of Irish land, politics and power, Lorcan Sirr a scríobh. Stg £22.99 an praghas atá ar an gclúdach ach €22.99 atá air i limistéar an euro.

 

Fág freagra ar 'Teastaíonn admháil go bhfuil an polasaí reatha lochtach chun dóchas tithíochta dáiríre a thabhairt do mhórán'