Le teacht an Phúca, tosaíonn cluichí móra CLG ag dul chun báin

Faoi dhó a tharla sé i stair fhada na heagraíochta sin gur imríodh Cluichí Ceannais Sinsearacha na hÉireann Lá Samhna

Le teacht an Phúca, tosaíonn cluichí móra CLG ag dul chun báin

Pébí eile a bhí ag bhí le rá fúthu, caithfidh tú a rá nach raibh aon phiseogacht ag baint leo siúd a tháinig le chéile i seomra na mbilléardaí in Óstán Hayes i nDurlas Éile cothrom an lae seo 142 bliain ó shin. Dá mbeadh, ní le teacht mhí na Samhna a bheartódh Micheál Cíosóg agus a chomhghleacaithe tús a chur le heagraíocht a bhí leabaithe i chuile pharóiste in Éirinn gan mórán achair.

Más fíor, chreid ár seansinsir ar fad nach raibh tráth den bhliain a d’fhág go raibh an saol s’acusan agus an ‘saol eile’ chomh gar dá chéile agus a bhí sé le teacht na Samhna.

As siúd a thagann an nós go gcuireann daoine púicíní agus bréagriocht orthu féin an tráth seo bliana. Sa lá atá inniu ann is ar mhaithe le siamsaíocht a cheannaítear mascanna agus bréagéadach, ach ba lándáiríre a chuireadh ar sinsear súiche ar chlár a n-éadain, sin nó craiceann ainmhí.

Ba lú an seans ansin n-aithneodh na sióga ná na taisí iad, dream a bhí níos gaire de láthair Oíche Shamhna ná a bhí siad aon oíche eile den bhliain.

Fearacht Dheaidí na Nollag, d’fhágtaí greim le n-ithe ag na sprideanna seo freisin agus muintir an tí ag dul a chodladh an oíche sin. Níos minice ná a chéile ba phláta den cheaile (brúitín agus cabáiste nó cóilis) a bhíodh ann mar aon le muigín bainne. Cineál breab a bhí ansin le súil nach gcuirfeadh na sprideanna aon mhallacht rg an teaghlach, ar a gcuid stoc ná ar a raibh curtha acu.

Bhíodh an Púca é féin amuigh Oíche Shamhna. Feicim ráite é nárbh ionann eisean agus an taibhse mar go mba spiorad a bhí sa bPúca a raibh sé de chumhacht ann a chrot a athrú. Crot ainmhí nó éin ba mhinice a tharraingíodh sé chuige féin – capall dubh a mbíodh súile lasracha ann, gabhar mór fiáin a raibh adharca fada air, iolar mór nó préachán.

Bhí an Púca daonna freisin ann agus ba é siúd an boc a mbíodh muide líonraithe roimhe agus muid ina ngasúir. Fathach mór fir a bhí ann, é chomh dubh leis an airne agus a dhá shúil mhóra ag lonrú mar a bheadh dhá phíosa den ghual dearg.

Cé nach bhfaca muid ariamh é ní hin le rá nach ghoill a chuid bealaí mímhúinte orainn sa saol simplí inar mhair muid. Ón am a raibh muid beag, bídeach, bhí sé ráite linn ag ár dtuismitheoirí go ndéanadh sé a chuid salachair ar na sméara dubha chuile oíche Shamhna agus go mba nimh iad a ithe ina dhiaidh sin.

Dá mbeadh muid ag fáil bháis leis an ocras, ní bhlaisfeadh muid d’aon cheann acu go dtiocfadh barr na bliana dár gcionn. Tá óige an lae inniu in acmhainn a dhul isteach sa siopa áit a mbainfidh seilfeanna ildaite na milseán amharc na súl astu. Ní raibh againne ach siúl go sciobtha thar sceacha agus thar dhriseacha nach raibh baileach lom, agus ár mallacht a chur ar an bPúca lofa as a bheith ag scaoileadh cnaipe ar cheann den bheagán sólaistí a bhí le fáil saor in aisce.

Le teacht na Samhna, tosaíonn cluichí móra CLG ag dul chun báin. Níl ar liosta an lae seo ach amháin Cluiche Ceannais Iomána na Gaillimhe agus dornán beag i gcraobhacha na gcúigí.

Faoi dhó a tharla sé i stair fhada na heagraíochta sin gur imríodh Cluichí Ceannais Sinsearacha na hÉireann Lá Samhna.

An dara hathimirt ar Chluiche Ceannais Iomána 1931 a bhí i gceann acu.

Ar comhscór, 1-6 an taobh, a chríochnaigh an chéad imirt idir Corcaigh agus Cill Chainnigh ar an Domhnach ba thúisce i mí Mheán Fómhair na bliana sin. Facthas togha na hiománaíochta, cé go rabhthas gann ó thaobh scórála.

Bhí Cluiche Ceannais Peile na hÉireann le n-imirt coicís dár gcionn. Sa lá atá inniu ann, seans go gcuirfí na hjománaithe amach arís seachtain i ndiaidh an chomhscóir, ach ní raibh lóistíocht na 1930idí baol ar chomh foirfe agus atá sé inniu. Dá bharr níor imir báireoirí Chill Chainnigh ná Chorcaí a chéile san athimirt go dtáinig an 11 Deireadh Fómhair.

Scóráil íseal (2-5 an taobh) agus athimirt eile fós a tháinig dá bharr siúd, ach ba bhuille do Chill Chainnigh gur bhain gortú don iománaí ab fhearr a bhí acu, a gcaptaen Lory Meagher.

Bhí súil ag Cill Chainnigh go mbeadh biseach ar Meagher faoin am a dtáinig an dara hathimirt, ach ní hamhlaidh a bhí. Bíodh go mb’amhlaidh nár cuireadh dóthain súiche ar éadain ná dóthain púicíní ar shúile i gCill Chainnigh b’éigean do na cait dul chun páirce d’uireasa a gcaptaein agus bhuaigh Corcaigh 5-8, 3-4 Lá Samhna 1931.

Agus an Cogadh Mór ina neart a imríodh Cluiche Ceannais na Peile Lá Samhna 1914 – Ciarraí agus Loch Garman in aghaidh a chéile mar a bhí an bhliain roimhe.

Níor facthas ach leathdhosaen scór ina iomláine agus faoi leath ama bhí gach a raibh i ndán dóibh faighte ag Loch Garman, cúl an duine ag Seán Ó Cinnéide agus ag P.D. Breen. Bhí Ciarraí taobh le cúilín a fuair Con Clifford,

Ag tús an dara leath fuair Paddy Breen as na Crócaigh cúl do Chiarraí agus faoi cheannas Dick Fitzgerald as an gcumann céanna, ghlac siadsan oiread ceannais agus a thug cúpla scór eile dóibh, cé go raibh an t-am istigh nach mór nuair a fuaireadar an cúilín comhscóir, 1-3, 2-0.

Ceithre seachtaine dár gcionn a rinneadh an athimirt. Lá gaofar a bhí ann agus arís bhí iomlán a gcuid scóranna faighte ag Loch Garman faoi leath ama, 0-6. Arís freisin ba sa dara leath a rinne Ciarraí an chuid ba mhó den obair a d’fhág 2-3 acusan.

Ba é an poblachtánach Harry Boland a rinne an réiteoireacht ar an dá chluiche agus ba é an ceann comhscóir an cluiche ceannais ba thúisce a imríodh san áit a raibh ‘Páirc an Chrócaigh’ mar ainm air – é faoi úinéireacht Chumann Lúthchleas Gael anois.

Leis an athimirt a bhaineann an píosa scannánaíochta is sine atá ar fáil ina spáintear cluichí an chumainn sin.

Fág freagra ar 'Le teacht an Phúca, tosaíonn cluichí móra CLG ag dul chun báin'