Gadaíocht chultúrtha curtha i leith Dhonncha Uí Éallaithe ag Captain Birdseye

'An chuid is fearr amháin do bhord an Chaptaein!' a dúirt an Captaen Birdseye

Gadaíocht chultúrtha curtha i leith Dhonncha Uí Éallaithe ag Captain Birdseye

Tá gadaíocht chultúrtha curtha i leith Dhonncha Uí Éallaithe ag Captain Birdseye, an díoltóir aitheanta méara éisc réamhbhruite faoi ghrabhróga.

Agus é faoi agallamh eisiach ag Ar Son na Cúise agus Ar Son na Cúise amháin, dúirt an Captaen Birdseye gur ‘masla’ a bhí in iompar Uí Éallaithe ar na díoltóirí aitheanta méara éisc réamhbhruite faoi ghrabhróga a rugadh agus a tógadh sna ceantair is láidre ó thaobh díolachán méara éisc réamhbhruite faoi ghrabhróga.

“In ainneoin an chuma atá air, níl aon difríocht idir ceantar Dhonncha agus na ceantair go léir eile sa tír nach mbíonn ach céatadán fíorbheag den phobal ag díol méara éisc réamhbhruite faoi ghrabhróga.

“Gadaíocht chultúrtha atá ar siúl anseo. Tá an-mheas agam ar Dhonncha agus ar an iarracht mhór atá á déanamh aige méara éisc réamhbhruite faoi ghrarbhróga a dhíol, ach ní aontaím le comharthaí ‘Ceantar Díolachán Méara Éisc Réamhbhruite faoi Ghrabhróga’ a chur suas in áit arbh éigean go bhfuil aon mhéar éisc bhreise á díol ann seachas mar a bheifeá ag súil leis in aon cheantar eile sa tír.

“Agus cé go bhfuil an-mheas agam ar dhíoltóirí mhéara éisc Bhóthar na bhFál, ní aontaím ach oiread le Ceathrú Díolachán Méara Éisc Réamhbhruite faoi Ghrarbhróga a thabhairt ar áit nach mbíonn formhór an phobail ag díol méara éisc réamhbhruite faoi ghrarbhróga go laethúil lasmuigh den chóras iascaireachta. An chuid is fearr amháin do bhord an Chaptaein!” a dúirt an Captaen Birdseye.


Leath-thuairim ag fear tacsaí i gCill Airne go bhfuil ‘some Irish thing’ ar siúl

Timpeall meán oíche aréir a chuir an fear tacsaí, Seán Brosnan, a leath-thuairim faoi bhráid ceathrar paisinéirí a bhí á dtabhairt go dtí an Gleneagle aige

Bhí leath-thuairim aréir ag fear tacsaí ó Chill Airne go raibh ‘some Irish thing’ ar siúl sa bhaile an deireadh seachtaine seo.

Timpeall meán oíche aréir a chuir an fear tacsaí, Seán Brosnan, atá 57 bliain d’aois agus arb as Ardshanavooly dó, a leath-thuairim faoi bhráid ceathrar paisinéirí a bhí á dtabhairt go dtí an Gleneagle aige.

‘Is there some kind of Irish thing on there this weekend?’ a d’fhiafraigh Brosnan den cheathrar. Tuigtear do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin gurbh iad an ceathrar a bhí sa tacsaí ná bainisteoir sinsearach ó Fhoras na Gaeilge, file Gaeilge a bhfuil a chéad chnuasach á bhagairt le blianta aige, tionchaire ar na meáin shóisialta a rinne físeán dothuigthe amháin do Bloc TG4, agus fear óg ó Chúil Aodha nach raibh a fhios ag aon duine den triúr eile ná aige féin cad as ar tháinig sé in aon chor.

Dheimhnigh an tionchaire don tiománaí go raibh an ceart aige go raibh ‘some Irish thing’ ar siúl. ‘I thought as much, I brought two more of ye out earlier,’ a dúirt fear an tacsaí agus é lánsásta leis féin.

Tuigtear go raibh comhrá faoi cheist na teanga ann ina dhiaidh sin.

Agus iad beagnach ag ceann scríbe, dhúisigh an fear óg ó Chúil Aodh i gcúl an chairr agus dheimhnigh don tiománaí go raibh an ceart aige chomh maith go mbíonn daoine ag an ‘some Irish thing’ a bhíonn ‘speaking the Irish all the time’.

D’aontaigh an ceathrar leis an tiománaí ‘that it was great to hear the Irish all the same’.

Sular íocadh an táille don tacsaí, d’fhiafraigh fear an tacsaí den cheathrar an raibh aon seans ann ‘that the likes of Dara Ó Cinnéide would be at that type of thing’. Dúirt an bainisteoir ón bhForas leis an tiománaí go raibh ‘an-seans’ ann.

Ní raibh fáil ar Dhara Ó Cinnéide chun ráiteas a thabhairt dúinn.


‘An tOireachtas thart cheana féin’ do bheirt

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur éirigh leis an mbeirt gan féachaint sa dá shúil ar a chéile go fóill

Cé nach raibh ann ach an Aoine, bhí ‘an tOireachtas thart cheana féin’ do bheirt nach raibh in ann breathnú sa dá shúil ar a chéile i bhforhalla an Gleneagle ar maidin.

Tuairiscítear go raibh an bheirt ag ól go dtí an mhaidin mhoch sa Green Room agus gur phléigh siad go rómhion a gcuid smaointe faoi tharrtháil na teanga, a dtuairimí faoina gcomhghleacaithe oibre agus a bhfíormhothúcháin dá chéile.

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur éirigh leis an mbeirt gan féachaint sa dá shúil ar a chéile go fóill.

Bhí an bheirt diongbháilte faoi go seachnóidís a chéile an chuid eile den deireadh seachtaine agus gur ag freastal ‘go ciúin’ agus ‘go neamhspleách’ ar sheoltaí leabhar, seimineáir agus comórtais lúibíní a bheidís as sin go Domhnach. Ach dúirt foinse amháin atá gar don dá thaobh go mbeadh iontas uirthi “mura bhfeicfí an bheirt acu le chéile sa Brehon tráthnóna agus greim daingean ar a G&Ts acu”.

Ar mhaithe le dea-chaidreamh a chosaint caomhnaíodh anaithnideacht na ndaoine a chabhraigh le Ar Son na Cúise leis an tuairisc seo.


Athbhreithniú ar scéim ‘Binse Comhrá’ i ndiaidh scliúchas idir beirt strainséirí faoin seantuiseal tabharthach

Fág freagra ar 'Gadaíocht chultúrtha curtha i leith Dhonncha Uí Éallaithe ag Captain Birdseye'

  • Marcas

    An rud is giorra is géire.