AN POD GAEILGE: ‘Bhíodar den tuairim go raibh cuma cineál Stalinist ar TnaG’

Tá Cathal Goan agus Gormfhlaith Ní Thuairisg linn san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh faoi TG4 agus breithlá mór ag an stáisiún an tseachtain seo

AN POD GAEILGE: ‘Bhíodar den tuairim go raibh cuma cineál Stalinist ar TnaG’

Tá TG4 ag ceiliúradh 30 bliain a bhunaithe an tseachtain seo agus bhí Cathal Goan, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Seán Tadhg Ó Gairbhí in éineacht le Darren ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun súil a chaitheamh siar ar stair an stáisiúin.

Déantar cur síos ar an mbús agus ar an ngiodam a bhí ann i measc na nGael le bunú stáisiún teilifíse dá gcuid féin agus an tuiscint a bhí ann go raibh rud stairiúil ag tarlú i nGaillimh.
Bhí Cathal ina cheannasaí bunaidh ar an stáisiún agus roinneann sé a chuimhní cinn ar oíche Shamhna 1996 nuair a chuaigh Teilifís na Gaeilge ar an aer den chéad uair agus an eagla a bhí air go dtitfeadh an rud go léir as a chéile an oíche úd.

Déantar plé chomh maith ar na dúshláin a bhí le sárú ag an tseirbhís sna blianta luatha sin agus cén fáth gur spreag imní faoi chuma ‘Stalinist’ a bheith ar aitheantas an stáisiúin an t-athrú ó TnaG go dtí TG4.
Pléitear chomh maith cuid de na dúshláin atá fós le sárú ag an stáisiún sa lá atá inniu ann, na deacrachtaí a bhaineann le sceideal a líonadh le cláir Ghaeilge amháin, ceist neamhspleáchas TG4 agus cá mbíonn an ‘Súil Eile’ dírithe?

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Bhíodar den tuairim go raibh cuma cineál Stalinist ar TnaG’'