Carla Lockhart an tairne sa bheo do Gavin Robinson

Tá fadhbanna móra ag an DUP agus iad tugtha is cosúil don fhéindochar

Carla Lockhart an tairne sa bheo do Gavin Robinson

Mairg don gceannaire polaitiúil a bhfuil daoine ag déanamh trua dó. Liosta le háireamh é oiread daoine a dúirt le tamall gur thrua leo cás Gavin Robinson, ceannaire an DUP. Ionsaithe ar a dheasóg, dúshlán ar a chiotóg agus cúigiú colún ina pháirtí; é sin óna chomhaontachtaithe, daoine a bhí ag caint ar chomhghuaillíocht mí ó shin.

Sí an feisire Parlaiminte don Bhanna Uachtair, Carla Lockhart an tairne sa bheo do Robinson. Comhghleacaí leathscoite leis is ea í tráth a bhfuil an t-alt seo á scríobh ach measann a lán go bhféadfadh sí a bheith éirithe as an DUP faoi mhaidin. Bhain sí ariamh leis an eite den pháirtí atá cóngarach don TUV agus Jim Allister ach is geall le leathchúpla leis í ó spréach an chonspóid reatha faoi pharáid Oráisteach Dhroim Crí.

Tá an Feisire Lockhart ag éileamh go n-aistarraingeodh an DUP Emma Little-Pengelly as oifig an Chéad/LeasChéad-Aire ionas go mbrisfí Michelle O’Neill, Sinn Féin as post an Chéad-Aire. Ó tá an dá phost comhionann agus nasctha lena chéile ní féidir le duine aonair feidhmiú san oifig. Deir Lockhart nach féidir cumhacht a roinnt le duine a sháraigh an dlí, tagairt do ról Michelle O’Neill san léirsiú a bhlocáil Bóthar Gharbhachaidh chun bac a chur ar an bparáid Oráisteach ó Dhroim Crí.

Bhí sí ag treisiú ar an mbrú ar cheannaire an DUP le coicís. Déardaoin seo caite d’éirigh sí as mar oifigeach ar choiste stiúrtha an DUP. Dé Sathairn dúirt sí leis an slua ag léirsiú tacaíochta don Ord Oráisteach i bPort an Dúnáin gur gheall Robinson iarmhairtí tromchúiseacha agus dá bhrí sin go gcaithfí O’Neill a bhriseadh. D’athdhearbhaigh sí an seasamh sin i litir oscailte gur gheall le forógra uaithi é, a d’eisigh an dílseoir Jamie Bryson ar X.

Bhí an port céanna aici féin, Bryson agus Jim Allister, ceannaire an TUV. Bhí Allister agus Bryson ag éileamh scor an Fheidhmeannais le fada ach níor dhúirt Lockhart a leithéid go dtí gur thosaigh sí ag labhairt thar ceann na nOráisteach i bPort an Dúnáin, ina toghcheantar. Bhí tuairimíocht go forleathan go n-imeodh sí go dtí an TUV dá n-éireodh sí as an DUP agus ba léir go mbeadh na múrtha fáilte ag Allister roimpi, dúbailt ar líon a fheisirí Parlaiminte agus buille an-trom don DUP.

Bhain fíochmhaire an ionsaithe a rinne Jim Allister ar Gavin Robinson ar theilifís an tseachtain seo caite preab as an lucht féachana, fiú daoine ar chuimhin leo briathra bladhmannacha Ian Paisley, bunaitheoir an DUP. Ba léir gur mhó an dúil a bhí aige in aghaidh a chraois a thabhairt ar Robinson toisc nach scorfadh sé Stormont ná i dtacaíocht don Ríocht Aontaithe.

Fóidín mearaí don DUP is ea Droim Crí. Allister, an TUV, Carla Lockhart, an tOrd Oráisteach i bPort an Dúnáin agus roinnt eile ag alpadh Gavin Robinson as a chinneadh gur fearr Stormont a choinneáil ná a bheith faoi cheannas an Státrúnaí Chris Bryant. Deir sé freisin gur bhuntáiste do Shinn Féin a bheadh ann dá leagfadh an DUP na hinstitiúidí.

Sin é an dearcadh céanna le ceannaire an UUP, Jon Burrows a bhí níos soiléire ina leagan amach maidir le Droim Crí. Theastaigh réiteach buan ar cheist na paráide uaidh. Cé gur cháin sé Sinn Féin go géar faoi Bhóthar Gharbhachaidh a bhlocáil, bhí sé toilteanach, mar a bheifeá ag súil leis ó iarphóilín, an cás maidir le sárú an dlí a fhágáil faoi riar na córa.

Fágann sé sin Gavin Robinson agus a lucht tacaíochta idir ord agus inneoin. Fuair sé ceannaireacht an pháirtí faoi na coinníollacha ba mheasa a d’fhéadfaí a shamhlú – gabháil Jeffrey Donaldson mar gheall ar choireanna péidifília. Chothaigh an scannal sin deacrachtaí ollmhóra don DUP sa mhullach ar an titim ar a vóta de bharr cúrsaí iarBhreataimeachta.

D’fhágfadh imeacht Lockhart iad le ceathrar feisirí Parlaiminte; bhí deichniúr acu deich mbliana ó shin. Bhí siad bogtha i dtreo an TUV le bliain ag iarraidh tacaíocht a mhealladh ar ais ón taobh sin. Is cosúil ó phobalbhreitheanna nár bhain siad sochar as an tseift sin, áfach. Ar an taobh eile tá roinnt fáis faoin UUP ó tháinig Burrows i gceannas. An gort sin cúngaithe don DUP freisin. An cheist, an ndéanfaidh siad a thuilleadh féindochair idir seo agus toghchán an Tionóil?

Fág freagra ar 'Carla Lockhart an tairne sa bheo do Gavin Robinson'